Bliain an Aontais Eorpaigh 2010 um Dhámhachtain na nIriseoirí: Comhraic na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta

Bliain an Aontais Eorpaigh 2010 um Dhámhachtain na nIriseoirí: Comhraic na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta

Chruthaigh an Choimisiún Eorpach Bliain an Aontais Eorpaigh (EY) 2010 um Dhámhachtain na nIriseoirí d’fhonn aitheantas agus tacaíocht a thabhairt d’iriseoirí a chuireann leis an bhfeasacht mhéadaithe agus le níos mó tuiscint a bheith ann don bhochtaineacht agus don eisiamh sóisialta ina gcuid oibre.

Tá an comórtas oscailte d’iriseoirí nuachtáin, d’iriseoirí ar líne agus d’iriseoirí closamhairc ar foilsíodh a gcuid alt nó tuairiscí nuachta a chlúdaíonn ceisteanna na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta san Aontas Eorpach. Ní mór dá gcuid alt nó tuairiscí nuachta a bheith foilsithe nó craolta idir 1 Deireadh Fómhair 2009 agus an 24 Meán Fómhair 2010 sna meáin i gceann de na 27 Ballstát san AE, nó san Íoslainn nó san Iorua.

Is iad seo a leanas cuspóirí Dhámhachtain na nIriseoirí EY:

  • Aitheantas a thabhairt do shármhaitheas agus cheisteanna na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialtaá gclúdach
  • Feasacht a mhúscailt faoin bhfeachtas EY2010 i measc ionadaithe ó na meáin ar fud 27 Ballstát an AE, na hÍoslainne agus na hIorua
  • Tuiscint níos fearr a chur chun cinn ar an mbochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta; na cúiseanna agus na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann

An bhfuil suim agat ann?

Comhlánaigh go héasca d’fhoirm iarratais ar líne agus uaslódáil d’iontráil. Tá go dtí 15 Deireadh Fómhair le do chomhaid a uaslódáil. Ní ghlacfar le haon eisceachtaí ná síntí.

Le do thoil, léigh go cúramach coinníollacha an chomórtais sula gcuireann tú d’iontráil isteach. Ní bheidh aon táillí iontrála i gceist.