Leathanach Baile

Leathanach Baile

An dalta ealaíne tú?

An bhfuil tú i do chónaí san Eoraip?

Ar mhaith leat do chuid ealaíne a chur ar fáil do dhuine atá bocht?

Má tá, tá tú ag teastáil uainn!

Má tá suim agat i gceisteanna reatha sóisialta, má tá tú ar an eolas faoi chomhraic na bochtaineachta agus má tá tú réidh chun tabhairt faoi eachtra dhaonna, is duitse é an tionscadal seo! Glac páirt inár dTionscadal Comhpháirtíochta Ealaíne le haghaidh daltaí grianghrafadóireachta agus daoine bochta! Is é (IN)VISIBLE / (DO)FHEICTHE an téama den tionscadal Eorpach seo ina bhfuil an taispeántas grianghraf ann. Ná fan! Is é 24 Meán Fómhair 2010 an spriocdháta d'iontrálacha.
.

Cad é?

Is ceann de na príomhghníomhaíochtaí de Bhliain an Aontais Eorpaigh um Chomhrac na Bochtaineachta agus an Eisiaimh Shóisialta é an Tionscadal Comhpháirtíochta Ealaíne.

Cén fáth?

Ní féidir leis an ealaín an bhochtaineacht a dhíothú ach d'fhéadadh sé dínit agus muinín a thabhairt ar ais do dhaoine. Féadfaidh sé cabhrú le naisc shóisialta a athchruthú. Tá ar dhaoine atá ag maireachtáil faoi dhálaí neamhbhuana, díriú ar na riachtanais bhunúsacha atá acu. Níl aon áit do ghníomhaíochtaí cultúrtha. Ach nuair a choinnítear amach duine as an gcultúr, brúitear i leataobh iad ar imeall na sochaí. Trí pháirt a ghlacadh i dtionscadal ealaíne, trí chruthú, is féidir leo mothú go bhfuil siad á n-imeascadh sa tsochaí. Tugann gníomhaíocht chultúrtha deis do dhaoine maireachtáil mar ghnáthdaoine sa chaoi is nach gcaitear leo mar ghéillsinigh shóisialta. Tugtar aitheantas leis lena bhféadfar do dhaoine éalú ó náire, atá mar fhoinse aonraithe.

Cé dó é?

Tríréid - cuirfear dalta ealaíne, duine atá bocht agus ENR (eagraíocht neamhrialtasach) le chéile i ngach Ballstát. Cruthóidh na comhpháirtithe ENR nasc idir an dalta agus an duine atá bocht agus éascóidh an ENR an chéad chruinniú agus an ceann ina dhiaidh. Ansin, le linn a gcuid cruinnithe, rachaidh an dísreach seo, an dalta agus an duine atá bocht taobh thiar den cheamara agus glacfaidh siad roinnt grianghraf. Mar sin, déanfar comhléiriú na grianghraif i ndáiríre.

Roghnóidh coiste ealaíne tuairim agus caoga grianghraf a chuirfear ar taispeáint.

Cén chaoi?

Beidh na grianghraif go léir (a chomhlíonann an critéar roghnaithe) le feiceáil ar an suíomh gréasáin seo agus i dtaispeántas de thuairim is caoga grianghraf sa Bhruiséil ag deireadh mhí na Samhna 2010. Comhshíneoidh an dísreach na grianghraif go léir. Má roghnaítear an grianghraf, tabharfar aitheantas don dísreach ar leibhéal na hEorpa, agus gheobhaidh siad teastas rannpháirtíochta, an chatalóg thaispeántais agus cártaí poist leis an ngrianghraf priontáilte orthu.