D’fhéadfadh duine ar bith a bheith bocht ag am ar bith ina shaol nó ina saol. Tá baol níos mó ann do ghrúpaí áirithe de dhaoine, amhail mar theaghlaigh le leanaí – go háirithe teaghlaigh mhóra agus teaghlaigh aontuismitheora - daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas agus inimircigh. Tá mná ag fulaingt níos mó ná fir sna catagóirí ar fad.
Cuireann an bhochtaineacht as do dhaoine ar bhealaí éagsúla agus tá baint aici leis an eisiamh sóisialta. Chomh maith leis na fadhbanna is mó a dtabharfadh daoine faoi deara, tithíocht de dhroch-chaighdeán mar shampla nó easpa dídine, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith ag cur as do dhaoine atá bocht:
Chun dul i ngleic leo seo agus le ceisteanna ábhartha eile, cuireann an AE creat en ar fáil a chabhróidh le Ballstáit a dtosaíochtaí agus a straitéisí féin a fhorbairt. Cuirtear nádúr iltoiseach na bochtaineachta san áireamh sa chreat seo agus dírítear a aird ar na nithe seo a leanas freisin:
Fíricí agus figiúirí ar an mbochtaineacht san AE en
Táscairí tábhachtacha de réir tíre en
Cuireann an bochtaineacht as do thart ar 19 milliún leanbh ar fud an AE. Tá seans níos mó ann go bhfanfaidh leanaí a fhásann aníos i dteaghlach bocht bocht don chuid eile dá shaol, agus is é an scéal dá gcuid leanaí.
Bíonn ar leanaí a bhfuil an bhochtaineacht ag cur as dóibh aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí idirghaolmhara, lena n-áirítear tithíocht agus cúram sláinte de dhroch-chaighdeán, teorainn ar dheiseanna oideachais agus easpa bia agus easpa éadaigh mhaith.
Sa bhliain 2006, chuir an Chomhairle Eorpach díothú bhochtaineacht leanaí ar bharr chlár oibre polaitiúil an AE. Mar thoradh air sin, tá rialtais na mBallstát tiomnaithe chun cur chuige straitéiseacha agus fadtéarmacha a fhorbairt d’fhonn bochtaineacht leanaí a dhíothú. Cineálacha cur chuige a chuimsíonn polasaithe sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíochta a bheidh iontu seo.
Is ceart bunúsach é tithíocht sábháilte agus slán a bheith ag gach duine. Mar sin féin, níl áit cónaithe ag na mílte duine san Eoraip.
D’fhéadfadh duine eirí bocht, tar éis post a chailleadh nó éalú ó fhoréigean teaghlaigh mar shampla. Ina theannta sin, tá an baol ann go bhfulaingeoidh daoine atá ina gcónaí ar an tsráid le meabhairghalair nó go mbeidh siad tugtha do dhrugaí nó d’alcól. Is iad na daoine atá gan dídean na daoine is leochailí sa tsochaí a eisiaitear sa tsochaí.
Seachas easpa dídine, d’fhéadfadh tuilleadh eisiaimh shóisialta a tharla mar thoradh ar dhíothacht tithíochta nó ar an gcostas iomarcach ar thithíocht i mbuiséad teaghlaigh.
Tá na hiarrachtaí chun easpa dídine agus eisiamh tithíochta a chosc agus a chomhrac bunaithe ar Straitéis um Chosaint Sóisialta agus Eisiamh Sóisialta an AE. Is éard is aidhm don straitéis ná gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú agus comhroinnt agus dea-chleachtais a chothú.
Tá obair leanúnach ar bun chun sainmhíniú coiteann a thabhairt ar an mbochtaineacht agus chun táscairí a fhorbairt. Trí thuilleadh eolais a bhailiú faoin ábhar agus a chomhthéacs, is féidir uirlisí níos fearr a fhorbairt chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac. Ní mór do na huirlisí seo tacú leis an AE agus a Bhallstáit d’fhonn polasaithe níos éifeachtúla a chruthú a chabhróidh le daoine gan dídean.
Tá grúpaí áirithe níos mó i mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta, teaghlaigh le páistí mar shampla – teaghlaigh mhóra agus teaghlaigh aontuismitheora go háirithe – daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus inimircigh.
Go minic, bíonn rátaí fostaíochta níos ísle agus rátaí fágála scoile níos airde i measc na ngrúpaí leochaileacha seo agus tá seans níos mó ann go n-eisiaitear amach iad ó chodanna eile den tsochaí ó thaobh airgeadais de.
Tá an AE ag iarraidh tuiscint níos fearr a bheith aige ar an bhfáth a chuireann an bhochtaineacht as do na grúpaí seo go minic agus ar an gcaoi is fearr ar féidir na grúpaí sin a chur san áireamh sa tsochaí. Tá gá le cuspóirí agus táscairí comhchoiteann chun an fhadhb a thuiscint go hiomlán. Tá na bearta a ghlacann an AE chomh éagsúil céanna leis na fadhbanna atá ríomhann do na grúpaí seo.
Is í an aidhm atá ann ná cúrsaí a fheabhsú do na grúpaí seo a leanas trí:
Sa lá atá inniu ann, tá a lán daoine san Eoraip – go háirithe daoine a bhfuil an bhochtaineacht ag cur as dóibh – nach féidir leo teacht ar sheirbhísí airgeadais cosúil le cuntais taisce agus trasghníomhachta. Bíonn deacrachtaí acu coigilteas, creidmheas, árachas agus seirbhísí íocaíochta a fháil.
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh rochtain ag saoránaigh ar sheirbhísí airgeadais chun lánpháirtíocht a ghabháil i sochaí an lae inniu. Tá sé riachtanach freisin le haghaidh fostaíochta, fáis eacnamaíochta, laghdaithe bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta.
I gcásanna áirithe, cuirtear bac ar dhaoine atá easpa airgid acu cuntas banc a oscailt, agus bíonn tuilleadh eisiaimh shóisialta mar thoradh air sin. Chun dul i ngleic leis na ceisteanna seo déanann an AE comhordú ar pholasaithe agus ar ghníomh eile idir pháirtithe leasmhara agus rialtais na mBallstát.
Sa bhliain 2009, sheol an Coimisiún Eorpach dhá chomhairliúchán phoiblí chun rialacha a thabhairt isteach a chinnteoidh go mbeidh rochtain ag an chuid is mó de dhaoine ar chuntas bainc bunúsach:
Díríonn na bearta ar glacadh leo tacú ar sheirbhísí comhairlithe d’fhiachais, mar aon le cláir faisnéise agus oideachais.
Is í fostaíocht d’ardchaighdeán an toisc is tábhachtaí do dhaoine chun éalú ón mbochtaineacht agus chun an eisiamh sóisialta a chothú.
Go minic, is í an fhadhb is mó a bhíonn ann ná go bhfuil seans níos lú ag na daoine is leochailí sa tsochaí fostaíocht bhuan a fháil – amhail mar thuismitheoirí aonair, inimircigh, daoine scothaosta, daoine nach bhfuil mórán cáilíochtaí acu agus daoine atá faoi mhíchumas. Tá seans ann go gcuirfidh cúlú eacnamaíochta isteach ar na grúpaí sin níos mó ná grúpaí eile, cosúil leis an cúlú eacnamaíochta a bhfuil an Eoraip a tabhairt aghaidh air faoi láthair.
Tá réimse d’uirlisí beartas agus maoinithe le cur ar fáil ag an AE chun deiseanna fostaíochta a fheabhsú do ghrúpaí atá scoite amach ón phobal. Mar shampla Tá Stráitéis Fostaíochta na hEorpa en dírithe ar fhostaíocht níos fearr a chur ar fáil do dhaoine san Eoraip. Ina theannta sin, cuireann Chiste Sóisialta na hEorpa en agus chláir eile de chuid an AE maoiniú ar fáil chun oideachas, traenáil agus tacaíocht a sholáthair a chabhraíonn le daoine leochaileacha poist a aimsiú agus a choimeád san áit oibre.
Tuilleadh eolais en
Tá an AE ag tabhairt spreagadh do Bhallstáit chun polasaithe iniata gníomhacha a fhorbairt mar chuid den iarracht comhbheartaithe chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a shárú. Díríonn iniamh gníomhach ar fhostaíocht a fháil d’oiread daoine agus is féidir, agus go gcinnteofar go dtabharfar tacaíocht phraiticiúil do dhaoine nach féidir leo dul isteach sa margadh saothair sa chaoi is gur féidir leo saol bríoch a bheith acu.
Tá iniamh ghníomhach bunaithe ar trí phrionsabail choiteanna:
Tabharfaidh an AE tacaíocht chun iniamh gníomhach a fhorbairt trí ghníomh a chomhordú ar fud na hEorpa agus trí chabhair a thabhairt do Bhallstáit foghlaim óna chéile.