Faoin bhliain

Comhoibriú san Eoraip chun an Bhochtaineacht agus an tEisiamh Sóisialta a Chomhrac

Tá níos mó ná 84 milliún duine san Eoraip i mbaol na bochtaineachta, rud a chiallaíonn go bhfuil easpa tearmainn amach rompu, agus go mbeidh orthu maireachtáil gan na nithe a ghlacann an chuid is mó dúinn leo mar bhunriachtanais an tsaoil.

D’fhéadfadh fadhbanna éagsúla a bheith mar thoradh ar an mbochtaineacht, idir ghanntanas airgid chun bia agus éadaí a cheannach aguschruatan de bharr tithíochta de dhroch-chaighdeán agus easpa dídine fiú. Mar gheall ar an mbochtaineacht bíonn ar dhaoine déileáil leis an teorainn atá ar roghanna maireachtála a bhféadfadh eisiamh sóisialta a bheith mar thoradh orthu.

Agus é faoi spreagadh a bhunphrionsabail dlúthpháirtíochta, beidh an tAontas Eorpach ag comhoibriú lena Bhallstáit i gcomhair Bliana an Aontais Eorpaigh um Chomhrac na Bochtaine agus an Eisiaimh Shóisialtasa bhliain 2010. Is iad príomhchuspóirí na bliana ná feasacht an phobail maidir leis na ceisteanna seo a mhéadú agus tiomantas polaitiúil an AE agus a na mBallstáit a athnuachan chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac.

Is é treoirphrionsabal na Bliana 2010 ná guth a thabhairt d’imní na ndaoine a bhfuil an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta ag cur as dóibh, agus spreagadh a thabhairt do gach saoránach Eorpach agus páirtithe leasmhara san Eoraip chun dul i ngleic leis na ceisteanna tábhachtacha seo.

I rith na Bliana seo, tá sé i gceist aghaidh a thabhairt ar na steiréitíopaí agus na barúlacha comhchoiteann atá ann faoin mbochtaineacht. Trí leas a bhaint as prionsabail dlúthpháirtíochta agus comhpháirtíochta an AE, is bliain thábhachtach í 2010 chun dul i ngleic leis na nithe is cúis leis an mbochtaineacht lena chinntiú gur féidir le gach duine ról iomlán gníomhach a bheith acu sa tsochaí.

Tabharfaidh eagraíochtaí sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta cabhair do thíortha a ghlacann páirt inti agus do Choimisiún na hEorpa chun sraith imeachtaí a chur ar siúl i rith 2010.

Cuirfear dhá chomhdháil ar siúl ag leibhéal Eorpach i Mí Eanáir agus Mí na Nollag; cruthóidh tionscnamh ealaíne nasc idir dhaoine a bhfuil an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta ag cur as dóibh agus daoine a bhfuil baint acu leis an saol cruthaitheach; agus tabharfaidh laethanta traenála speisialta léargas nua ar fáil do na meáin faoi na hábhair chasta seo.

Cuirfear imeachtaí náisiúnta agus áitiúla ar siúl i ngach Ballstát den AE, san Iorua agus san Íoslainn chomh maith. I measc na n-imeachtaí a chuirfear ar siúl beidh feachtais múscailt-feasachta, ceardlanna agus seimineáir eolais i scoileanna. Déanfar scannáin agus foilseofar irisleabhair agus ábhair eile a léireoidh do dhaoine an tionchar atá ag an mbochtaineacht agus ag an eisiamh sóisialta ar phobail, agus cuirfidh daoine atá buailte go díreach leis ar an eolas faoi na cearta atá acu.

Beidh daoine ar chuir an bhochtaineacht as dóibh, mar aon le daoine sa phobal ina n-ambasadóirí ar an bhfeachtas. Cuirfidh sé seo le hinfheictheacht agus le creidiúnacht imeachtaí na Bliana agus spreagfaidh sé daoine eile chun páirt a ghlacadh ann.

Creat Dlíthiúil na Bliana Eorpaí 2010

  • Cinneadh Uimh. 1098/2008/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle ar an 22 Deireadh Fómhair 2008 chun an Bhochtaineacht agus an t-Eisiamh Sóisialta a Chomhrac (2010) en
  • Baill den Choiste Comhairliúcháin en
  • Liosta Eagraíochtaí Náisiúnta atá i bhfeighil Forfheidhmiú na Bliana Eorpaí 2010 (Comhlachtaí Náisiúnta Forfheidhmithe) en

 Faisnéis chùlra

Figiúirí ar an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta san Aontas Eorpach

  • Cosaint Shóisialta agus Eisiamh Sóisialta san Eoraip – Fíricí agus Figiúirí Thábhachtacha 2008 en fr
  • Táscairí na Bochtaineachta 2006 en
  • Táscairí Eurostat eile en

 

 

 

Bí Gníomhach

An bhfuil tú ag iarraidh a bheith páirteach agus gníomhach i bhfeachtas Eorpach chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac?

Tuilleadh

Ag dul i ngleic leis an mbochtaineacht

D’fhéadfadh duine ar bith a bheith bocht ag am ar bith ina shaol nó ina saol.

Tuilleadh

Guthanna in aghaidh na bochtaineachta agus an eisiamh

Aimseoidh tú sleachta anseo ó ambasadóirí, ón tsochaí shibhialta agus ó dhaoine bochta.

Tuilleadh

Tíortha rannpháirteacha

Aimseoidh tú eolas anseo maidir leis na tíortha atá ag glacadh páirt i mBliain an Aontais Eorpaigh. Tá 29 tír ag glacadh páirte ann: na 27 Ballstát, chomh maith leis an Íoslainn agus an Iorua. Beidh príomhpháirt acu maidir leis an mBliain a chuir i ngníomh ar leibhéal náisiúnta.

Tuilleadh