breadcrumb.ecName

Bauhaus Eorpach Nua: is féidir iarratas a dhéanamh ar Dhuaiseanna 2023

  • 06 December 2022
Bauhaus Eorpach Nua: is féidir iarratas a dhéanamh ar Dhuaiseanna 2023

Tá an Coimisiún ag glacadh le hiarratais inniu le haghaidh Dhuaiseanna Bauhaus Eorpach Nua 2023.

Tar éis an dá eagrán dheireanacha ar éirigh leo agus a fuair breis agus 3,000 iontráil ó Bhallstáit uile an Aontais, le comórtas 2023 tabharfar aitheantas do 15 thionscnamh eiseamláireacha lena nascfar inbhuanaitheacht, aeistéitic, agus cuimsitheacht - na trí bhunluach de Bauhaus Eorpach Nua. I gcomhthéacs Bhliain Eorpach na Scileanna, beidh sraith dírithe ar an oideachas agus ar an bhfoghlaim in eagrán na bliana seo. Den chéad uair riamh, cuirfimid fáilte roimh iarratais ar thionscadail agus ar choincheapa sna Balcáin Thiar freisin. Mar a tharla anuraidh, beidh duaiseanna ar leith ann do dhaoine faoi bhun 30 bliain d'aois. Tá an glao ar oscailt go dtí an 31 Eanáir 2023 ar 19:00 Am Lár na hEorpa.

Le Duaiseanna 2023, tabharfar aitheantas do thionscadail atá ann cheana agus do choincheapa a d'fhorbair daoine óga tréitheacha faoi cheithre chatagóir:

  • Athcheangal leis an dúlra
  • Muintearas a fháil ar ais
  • Tosaíocht a thabhairt do na háiteanna agus na daoine is mó a bhfuil gá acu leis
  • An gá atá le smaointeoireacht fhadtéarmach saolré san éiceachóras tionsclaíoch

I ngach catagóir, is féidir le hiarratasóirí rogha a dhéanamh idir trí shraith chomhthreomhara iomaíochta:

  • Sraith A: ‘Seaimpíní Bauhaus Eorpach Nua', atá dírithe ar thionscadail atá ann cheana agus atá curtha i gcrích agus a bhfuil torthaí soiléire dearfacha ag baint leo.
  • Sraith B: ‘Ábhair Réaltaí Bauhaus Eorpach Nua', atá tiomnaithe do choincheapa a chuir daoine óga atá 30 bliain d'aois nó níos óige isteach. Is féidir leis na coincheapa a bheith ag céimeanna éagsúla forbartha, ó smaointe ag a bhfuil plean soiléir go dtí leibhéal na fréamhshamhla.
  • Sraith C: ‘Seaimpíní Oideachais Bauhaus Eorpach Nua', atá dírithe ar thionscnaimh lena ndírítear ar an oideachas agus ar an bhfoghlaim. Tá an dá thionscadal atá curtha i gcrích, chomh maith le tionscnaimh ag a bhfuil íosleibhéal aibíochta, incháilithe.

Bronnfar Duaiseanna 2023 ar 15 bhuaiteoir a gheobhaidh airgead duaise suas le EUR 30 000, agus pacáiste cumarsáide chun cuidiú leo a dtionscadail agus a gcoincheapa a fhorbairt agus a chur chun cinn a thuilleadh.

Conas iarratas a dhéanamh

Cuirtear fáilte roimh iarratasóirí ó gach náisiúntacht agus cúlra má chuirtear a gcoincheapa agus a dtionscadail chun feidhme san Aontas nó sna Balcáin Thiar. Ba cheart dóibh a n-iarratais a chur isteach trí shuíomh oifigiúil dhuaiseanna Bauhaus Eorpach Nua.

Tá na sonraí ar fad maidir leis an bpróiseas iarratais i dtreoirleabhar na n-iarratasóirí, agus tá siad le fáil i dteangacha uile an Aontais agus na mBalcán Thiar.

Cúlra

Is tionscnamh cruthaitheach agus idirdhisciplíneach é Bauhaus Eorpach Nua lena nasctar an Comhaontú Glas don Eoraip lenár spásanna maireachtála agus lenár n-eispéiris. Leis an tionscnamh, iarrtar ar mhuintir na hEorpa ar fad todhchaí inbhuanaithe chuimsitheach a shamhlú agus a thógáil le chéile, ar todhchaí í a bheidh álainn dár súile, dár n-aigne agus dár n-anamacha.

Bauhaus Eorpach Nua, arna sheoladh ag an Uachtarán von der Leyen ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2020, comhdhearadh é in éineacht leis na mílte duine agus eagraíocht ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

More information