Is i dteannta a chéile a thógamar an Eoraip
![](https://ec.europa.eu/newsroom/repository/picture/2024-15/Screenshot_20240411_140404_MDPcu9Mea8we2Ywy0fu9QehVBc_154645.png)
Related topics
Youthdate: 23/04/2024
Féach leat stair shaibhir an Aontais Eorpaigh trí ‘Is i dteannta a chéile a thógamar an Eoraip’, sraith de sheacht bhfíseán ina dtéitear siar san am chun féachaint go grinn ar dhul chun cinn an Aontais. Maireann gach físeán thart ar cúig nóiméad ar fad agus cuirtear an t-ábhar i láthair iontu i gcomhthéacs a léiríonn a ré féin faoi seach. Tugtar cuntas iontu ar chlocha míle agus imeachtaí ríthábhachtacha ó thús lánpháirtiú na hEorpa sna 1950í go dtí an lá atá inniu ann. Tá fotheidil i 24 theanga ann do gach físeán, mar sin is féidir leat thú féin a thumadh i scéal an Aontais Eorpaigh ar dhóigh nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe.