Treoraíocht maidir le saoránacht an Aontais Eorpaigh
![](https://ec.europa.eu/newsroom/repository/picture/2024-15/DG_JUST__CITIZEN_RIGHTS_GUIDE_PROMOTION_SoMe_1080x1920_HASHTAG_9TogRisjAYpDKhuQ5NQjEzf2Ec_154644.jpg)
Related topics
Youthdate: 23/04/2024
An raibh a fhios agat go bhfuil saoránacht an Aontais Eorpaigh ann le 30 bliain anuas? Chun ceiliúradh a dhéanamh air sin, sa ‘Treoraíocht maidir le saoránacht an Aontais Eorpaigh’ cuirtear béim ar chearta ar leith, luachanna comhroinnte, agus buntáistí praiticiúla amhail an tsaorghluaiseacht agus cosaint chonsalach. Tá mionsonraí inti freisin maidir le hacmhainní chun leas a bhaint as ár gcearta agus iad a chosaint. Spreagtar inti an rannpháirtíocht ghníomhach chun todhchaí na hEorpa a mhúnlú agus is maith an áis í sa seomra ranga, í oiriúnach do léitheoirí 15 bliana d’aois agus níos sine.