skip to main content
Newsroom
Overview    News

Seo chugainn Lá na hEorpa!

Déantar Lá na hEorpa a cheiliúradh an 9 Bealtaine.

date:  23/04/2024

Bíonn Lá na hEorpa ann gach bliain an 9 Bealtaine. Déantar ceiliúradh ann ar éachtaí an Aontais Eorpaigh, ar an tsíocháin agus ar an aontacht. Tugtar ómós ann do dhearbhú 1950 Robert Schuman, rud ar moladh comhar Eorpach ann ar mhaithe le síocháin bhuan. Réitigh an méid sin an bealach le haghaidh an Aontais Eorpaigh a bhfuil cur amach againne inniu air. 

Chun Lá na hEorpa 2024 a chomóradh, beidh réimse imeachtaí do gach aois ar siúl ar fud na hEorpa. Féach leat cad é atá ag titim amach ar fud na hEorpa agus i ngiorracht duit, agus foghlaim níos mó faoin Aontas Eorpach agus faoin dóigh a n-oibríonn . 

Related Publication theme

Youth