Lá Breithe Sona do Chúinne na Foghlama atá 5 bliana ar an bhfód

date: 20/03/2024
An 21 Márta 2024, beidh Cúinne na Foghlama 5 bliana ar an bhfód!
Le 5 bliana anuas, chabhraigh Cúinne na Foghlama chun ábhair spreagúla oideachasúla a chruthú agus a chur chun cinn i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais do dhaoine idir 5 bliana d’aois agus 18 mbliana d’aois. Más saoránach óg fiosrach Eorpach thú atá ag déanamh iarrachta eolas a chur ar an Aontas Eorpach, nó más múinteoir thú atá ag cuardach acmhainní chun a bhfuil i gceist leis an Aontas a mhíniú, tá Cúinne na Foghlama ann chun freastal ort.
Agus muid ag déanamh ceiliúradh ar theagmháil a dhéanamh le nach mór 6 mhilliún cuairteoirí in imeacht na mblianta, féachaimid ar an todhchaí freisin agus an tAontas a dhéanamh níos inrochtana, níos spreagúla agus níos spraíúla d’óige na hEorpa.
An bhfuil aon mholtaí agat chun feabhas a chur ar Chúinne na Foghlama? Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn tríd an nasc ‘Cuidigh linn feabhsú’ atá le fáil thíos faoi ár n-ábhair.