Cuir an Eoraip i láthair leanaí lenár bpuzal faoin Aontas! Ceapadh é do leanaí atá suas le 9 mbliana d’aois, agus cuimsítear ann an tíreolaíocht agus éagsúlacht theangeolaíoch.
Aimsigh cruthanna tíortha agus meaitseáil ar an léarscáil iad, agus ansin féach an féidir leat ‘dia duit’ a rá i dteangacha éagsúla ar fud na hEorpa. Tá an puzal le fáil ar líne nó tá leagan clóite de ann freisin, agus tá sé le fáil i 24 theanga.