Cén chaoi a dtoghtar an Coimisiún Eorpach?
date: 22/01/2024
permalink: Main URL
An ndearna tú iontas riamh faoin gcaoi a roghnaítear Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh? Nó faoin gcaoi a mbaintear cothromaíocht amach agus ionadaí ó gach tír á roghnú? Seo é an físeán duitse!
Is é an Coimisiún brainse feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh, áit a moltar reachtaíocht sula ndéanann an Pharlaimint grinnscrúdú uirthi. Roimh na toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh, faigh amach faoin gcaoi a múnlaíonn na Feisirí a thoghann tú chuig Parlaimint na hEorpa uachtaránacht agus ballraíocht an Choimisiúin Eorpaigh. Tá dlúthnasc idir ár n-institiúidí Eorpacha, mar sin cláraigh chun vóta a chaitheamh chun go mbeidh tábhacht le do ghuth. Tosaíonn an daonlathas Eorpach leatsa.