Leatsa an Eoraip, Abair leat!
![](https://ec.europa.eu/newsroom/repository/picture/2023-51/EESC_fmyIvrUjQYpDCmyzmeplYletVc_144632.jpg)
Related topics
Youthdate: 11/12/2023
permalink: Main URL
Chuir Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) tús leis an imeacht bliantúil seo don aos óg in 2010 agus súil aige daoine óga a nascadh leis an Aontas Eorpach.
I mbliana, daoine idir 18 agus 25 bliana d’aois as gach cearn den Eoraip a chaithfidh a vóta den chéad uair, tabharfar cuireadh dóibh teacht chun na Bruiséile ar feadh dhá lá le feiceáil cén chaoi a bhfeidhmíonn institiúidí an Aontais. Oibreoidh siad le chéile ar rúin chun a ndóchas do thodhchaí na hEorpa a chur in iúl agus aird ar leith ar na toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin. Beidh tionchar mór ag na rúin sin ar ghníomhaíocht réamhthoghcháin CESE agus cuireann siad ionchur ar fáil maidir lena rún i dtaca leis na toghcháin Eorpacha.
An 6 Márta a bheidh an chéad eagrán eile ar siúl. Féach an nuacht ar Chúinne na Foghlama le haghaidh tuilleadh eolais.