skip to main content
Newsroom

Overview    News

Teagasc faoin Aontas Eorpach le gníomhaíochtaí nua Jean Monnet

An bhfuil spéis agat do dhaltaí a theagasc faoin Aontas Eorpach? Le gníomhaíochtaí Jean Monnet do scoileanna, beidh múinteoirí agus institiúidí oiliúna múinteoirí in ann iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú chun ábhair teagaisc a fhorbairt faoin Aontas Eorpach i dtíortha atá páirteach sa chlár Erasmus+.

Related topics

Youth

date:  14/11/2023

permalinkMain URL

Tá rochtain ag múinteoirí bunscoile agus meánscoile ar ghníomhaíochtaí Jean Monnet, darb aidhm cuidiú le hoideoirí feasacht a mhúscailt maidir le luachanna coiteanna an Aontais.  

Tuilleadh le teacht: foilseofar an chéad ghlao Jean Monnet eile mar chuid de Threoirleabhar Erasmus+ 2024 sna seachtainí amach romhainn. Beidh na sonraí ar fad sa treoirleabhar sin, an fhoirm iarratais agus na critéir incháilitheachta ina measc. Is é an 1 Feabhra 2024 an spriocdháta chun togra a chur isteach. 

Idir an dá linn, is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoi ghníomhaíochtaí Jean Monnet agus spreagadh a fháil ó ghníomhaíochtaí scoileanna eile.