skip to main content
Newsroom

Overview    News

Comórtas ‘ImagineEU’

Conas a d’fhéadfadh an tAontas a bheith ina áit chónaithe níos fearr fós? An bhfuil aon scannánóirí cumasacha i do rang? Má tá, glac páirt sa chomórtas ‘ImagineEU’ agus bí san iomaíocht chun turas dhá lá go dtí an Bhruiséil a bhuachan, sin agus chun cuairt a thabhairt ar institiúidí an Aontais!

Related topics

Youth

date:  17/10/2023

permalinkMain URL

Tá an comórtas oscailte do dhaltaí an Aontais atá sa dá bhliain dheireanacha den mheánoideachas, iad i ngrúpaí ina bhfuil suas le seachtar daltaí, agus iad faoi threoir múinteoirí. Cuirtear fáilte roimh na foirne físeáin a chur le chéile ina gcuirtear i dtábhacht rud éigin a d’fhéadfaí a fheabhsú ina bpobal nó ina dtír féin agus a d’fhéadfadh a bheith ina dhlí ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad.

Faigh tuilleadh eolais faoi na critéir incháilitheachta agus dámhachtana agus ná caill an spriocdháta chun iarratas a chur isteach, is é sin an 13 Nollaig 2023!