skip to main content
Newsroom

Overview    News

Comhairliúchán poiblí oscailte: Inbhuaine comhshaoil – an t-oideachas agus an oiliúint, tá tábhacht le do thuairim!

A bhuí leis an gComhaontú Glas, tá bearta á ndéanamh ag an Aontas chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun na saoránaigh uile a spreagadh le hoibriú le chéile ar son Eoraip atá níos glaise agus níos inbhuanaithe. Tá fíorthábhacht ag baint le hoideachas agus le hoiliúint mar cuidíonn siad le saoránaigh agus le pobail áitiúla an t-eolas, na scileanna agus an meon is gá le haghaidh an aistrithe sin a fhorbairt.

Union européenne

Related topics

Youth

date:  13/09/2021

Tá togra á ullmhú ag an gCoimisiún Eorpach le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas ar son inbhuaine comhshaoil. Is é is aidhm don suirbhé seo smaointí agus tuairimí a bhailiú ó dhaoine agus ó eagraíochtaí maidir leis an tionscnamh sin a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún é a ghlacadh faoi fhómhar na bliana 2021.

Glac páirt sa chomhairliúchán poiblí. Roimh an 24 Meán Fómhair, freagair 10 gceist maidir le conas oideachas ardcháilíochta a chur ar fáil i dtaca le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil.