Foghlaim, cláraigh agus roinn!
![](https://ec.europa.eu/newsroom/repository/picture/2020-21/learning_corner_en_60638.jpg)
Related topics
Youthdate: 29/05/2020
Is é atá i gCúinne na Foghlama suíomh gréasáin ar a bhfuil réimse leathan ábhar foghlama, cluichí, nuacht agus comórtais, agus sin ar fad ar fáil i 24 theanga. Cuireann sé naisc úsáideacha ar fáil freisin faoi dheiseanna líonraithe do mhúinteoirí chomh maith le heolas do dhaoine óga ar mian leo dul ag obair nó ag staidéar ar fud an Aontais.
Conas rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin Chúinne na Foghlama
Roinn an nuachtlitir seo le múinteoirí i do scoil
Roinn an nuachtlitir seo le múinteoirí i do scoil agus le haon duine eile a mbeadh spéis aige ann ionas go mbeidh siad in ann clárú chun é a fháil go díreach chuig a mbosca ríomhphoist féin.
Conas clárú chun an nuachtlitir seo a fháil
Más rud é gur cuireadh an nuachtlitir ar aghaidh chugat agus gurbh fhearr leat go seolfaí díreach chugat é, is féidir leat clárú anseo.
Más rud é gur mhaith leat an nuachtlitir seo a fháil i dteanga dhifriúil, cliceáil anseo.