An tAontas Eorpach agus COVID-19
![COVID-19](https://ec.europa.eu/newsroom/repository/picture/2020-21/covid_19_60641.jpg)
Related topics
Youthdate: 29/05/2020
Tá sé fíorthábhachtach sláinte agus slándáil na ndaoine a chosaint, chomh maith le tionchar socheacnamaíoch na paindéime a mhaolú agus tacaíocht a thabhairt don fhostaíocht.
Tá an tAontas ag baint úsáid as na hacmhainní go léir atá ar fáil dó chun cuidiú leis na Ballstáit an fhreagairt ar leibhéal náisiúnta a chomhordú. Tá eolas oibiachtúil á chur ar fáil aige ar leathadh an víris agus ar na hiarrachtaí éifeachtacha atá á ndéanamh chun é a shrianadh.
Tá ceannairí an Aontais tar éis teacht ar chomhaontú maidir le roinnt tosaíochtaí chun freagairt an Aontais ar COVID-19 a chomhordú, is iad sin:
- teorainn a chur le leathadh an víris;
- soláthar trealaimh leighis a chinntiú;
- tacú le taighde ar chóracha leighis agus ar vacsaíní;
- tacaíocht a thabhairt do phoist, do ghnólachtaí agus don gheilleagar.
Is iad seo a leanas cuid de na gníomhaíochtaí a rinne an tAontas faoi thús mhí na Bealtaine 2020:
- chuir sé pacáiste €540 billiún ar fáil chun tacú leis na Ballstáit;
- chuir sé €140 milliún ar fáil chun vacsaíní, córacha nua, tástálacha diagnóiseacha agus córais leighis a fhorbairt;
- chuir sé €164 mhilliún ar fáil do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta chun teacht ar réitigh nuálacha chun dul i ngleic leis an ráig de COVID-19;
- d'aisdúichigh sé breis agus 530,000 saoránach de chuid an Aontais a bhí sáinnithe i dtíortha nach tíortha den Aontas iad;
- Chuir sé an ionstraim SURE ar bun chun poist a chosaint. mhol an Coimisiún tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú d'fhonn cuidiú le daoine a bpoist a choinneáil le linn na géarchéime;
- ghlac sé pacáiste baincéireachta chun go n-éascófaí an t-iasachtú bainc do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais;
- ghlac sé bearta sonracha chun cuidiú le gairmeacha áirithe atá buailte go dona ag an ngéarchéim agus ghníomhaigh sé chun tionchar na paindéime ar na saoránaigh is díothaí san Aontas a laghdú trí níos mó den chiste a chur ar fáil dóibh siúd is mó a bhfuil an chabhair sin de dhíth orthu;
- d'eagraigh sé maratón gealltanas domhanda chun diagnóisic, córacha agus vacsaíní in aghaidh an choróinvíris a fhorbairt agus a chur ar fáil ar fud an domhain.