skip to main content
Newsroom

Overview    News

Cuir eolas ar na pailneoirí

Tá an t-earrach linn – tá sé in am pailniú a dhéanamh!

Related topics

Youth

date:  23/04/2024

Tá an t-earrach linn – tá sé in am pailniú a dhéanamh! Is éard is pailniú ann nuair a aistríonn feithidí pailin idir bláthanna.  

Mar sin féin, bagairt dár bpailneoirí is ea truailliú, lotnaidicídí agus an t-athrú aeráide. Gan iad, ba dheacair barra agus plandaí riachtanacha a atáirgeadh, rud a chuirfeadh isteach ar tháirgeadh bia agus ar an mbithéagsúlacht éiceachórais. Tá sé ríthábhachtach pailneoirí a chosaint chun timpeallachtaí sláintiúla agus fiadhúlra a chaomhnú. 

Ach cá mhéad atá ar eolas agat faoi phailneoirí? Cluiche is ea Na pailneoirí atá ar fáil mar leagan clóite nó leagan ar líne ina mínítear na cineálacha éagsúla pailneoirí atá ann. Dá mhéad eolais a chuireann tú ar na créatúir luachmhara iontacha sin, is amhlaidh is dóchúla go mbeidh an bua agat sa chluiche.