Suirbhé faoin nuachtlitir - Cuir do thuairim in iúl dúinn
![""](https://ec.europa.eu/newsroom/repository/picture/2024-2/survey_V99JscYA89erXvrFXYuVS3eLDQ_145646.jpg)
Related topics
Youthdate: 12/01/2024
permalink: Main URL
Cuireadh nuachtlitir Chúinne na Foghlama ar líne den chéad uair i mí Aibreán 2020 agus anois léann beagnach 140,000 duine in aghaidh na míosa é. Táimid fíorbhuíoch den lucht léitheoireachta sin agus is mian linn ár mbuíochas a chur in iúl do dhaoine as a gcuid tacaíochta agus a gcuid dílseachta. Gach mí, déanaimid ár ndícheall rogha leathan d’ábhar úr ábhartha a chur ar fáil duit. Agus muid ag smaoineamh air sin agus ar thús 2024 chomh maith, ba mhaith linn roinnt aiseolais a fháil uait, mar dhuine a léann ár nuachtlitir.
Is féidir leat cabhrú go mór linn feabhas a chur ar ár nuachtlitir agus cuidiú linn leanúint den ábhar is ábhartha agus is tarraingtí a chur ar fáil ach ceathair cheist ghearra a fhreagairt. Tá an suirbhé le fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais. Cuirimid ár mbuíochas in iúl duit as an am a thógáil chun do mhachnamh a dhéanamh faoin ábhar a chuirimid ar fáil agus faoin gcaoi ar féidir linn feabhas a chur air.