skip to main content
Newsroom

Overview    News

An t-athrú aeráide sa seomra ranga

Uirlisí á lorg agat chun an t-athrú aeráide a phlé sa seomra ranga? Is ardán idirghníomhach saor in aisce de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta é ‘360° Quest for Climate Solutions’.

Related topics

Youth

date:  14/11/2023

permalinkMain URL

Leis sin, is féidir le daoine atá 12 bhliain d’aois agus níos sine fáil amach faoi thionscadail cheannródaíocha atá ag cur leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide ar fud na hEorpa.  

Cuirtear físeáin ghearra ar fáil ar an ardán arna gcur i láthair ag Heidi Lipsanen, tuairisceoir BEI, a chuireann eolaithe, innealtóirí agus saineolaithe mór le rá faoi agallamh ar an láthair. Rinneadh iad a scannánú leis na ceamaraí 360° agus na dróin is úire i roinnt de na háiteanna is suntasaí san Eoraip ó thaobh radhairc de, ó réigiún na Meánmhara go réigiún Mhuir Bhailt.