skip to main content
Newsroom

Overview    News

An tAontas Eorpach agus COVID-19

Ó bhí tús na paindéime ann, tá bearta nach bhfacthas a leithéid cheana déanta ag an Aontas Eorpach agus ag na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim dhomhanda.

COVID-19
Vektor Kunst / Pixabay

Related topics

Youth

date:  29/05/2020

Tá sé fíorthábhachtach sláinte agus slándáil na ndaoine a chosaint, chomh maith le tionchar socheacnamaíoch na paindéime a mhaolú agus tacaíocht a thabhairt don fhostaíocht.

Tá an tAontas ag baint úsáid as na hacmhainní go léir atá ar fáil dó chun cuidiú leis na Ballstáit an fhreagairt ar leibhéal náisiúnta a chomhordú. Tá eolas oibiachtúil á chur ar fáil aige ar leathadh an víris agus ar na hiarrachtaí éifeachtacha atá á ndéanamh chun é a shrianadh.

 

Tá ceannairí an Aontais tar éis teacht ar chomhaontú maidir le roinnt tosaíochtaí chun freagairt an Aontais ar COVID-19 a chomhordú, is iad sin:

  • teorainn a chur le leathadh an víris;
  • soláthar trealaimh leighis a chinntiú;
  • tacú le taighde ar chóracha leighis agus ar vacsaíní;
  • tacaíocht a thabhairt do phoist, do ghnólachtaí agus don gheilleagar.

Is iad seo a leanas cuid de na gníomhaíochtaí a rinne an tAontas faoi thús mhí na Bealtaine 2020:

  • chuir sé pacáiste €540 billiún ar fáil chun tacú leis na Ballstáit;
  • chuir sé €140 milliún ar fáil chun vacsaíní, córacha nua, tástálacha diagnóiseacha agus córais leighis a fhorbairt;
  • chuir sé €164 mhilliún ar fáil do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta chun teacht ar réitigh nuálacha chun dul i ngleic leis an ráig de COVID-19;
  • d'aisdúichigh sé breis agus 530,000 saoránach de chuid an Aontais a bhí sáinnithe i dtíortha nach tíortha den Aontas iad;
  • Chuir sé an ionstraim SURE ar bun chun poist a chosaint. mhol an Coimisiún tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú d'fhonn cuidiú le daoine a bpoist a choinneáil le linn na géarchéime;
  • ghlac sé pacáiste baincéireachta chun go n-éascófaí an t-iasachtú bainc do theaghlaigh agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais;
  • ghlac sé bearta sonracha chun cuidiú le gairmeacha áirithe atá buailte go dona ag an ngéarchéim agus ghníomhaigh sé chun tionchar na paindéime ar na saoránaigh is díothaí san Aontas a laghdú trí níos mó den chiste a chur ar fáil dóibh siúd is mó a bhfuil an chabhair sin de dhíth orthu;
  • d'eagraigh sé maratón gealltanas domhanda chun diagnóisic, córacha agus vacsaíní in aghaidh an choróinvíris a fhorbairt agus a chur ar fáil ar fud an domhain.