skip to main content
Newsroom

Overview    News

Teachtaireacht do na scoileanna

Is iomaí dúshlán atá le seasamh againn na laethanta deacra seo, go háirithe ó thaobh cianteagaisc de. Sin an fáth a bhfuilimid ag iarraidh tacú leat agus tú a chur ar an eolas faoin suíomh gréasáin ‘Cúinne na Foghlama’ agus faoi na hacmhainní teagaisc atá le fáil ann i dtaca leis an Aontas Eorpach (i 24 theanga an Aontais).

Related topics

Teachers

date:  05/04/2020

Is iomaí dúshlán atá le seasamh againn na laethanta deacra seo, go háirithe ó thaobh cianteagaisc de. Sin an fáth a bhfuilimid ag iarraidh tacú leat agus tú a chur ar an eolas faoin suíomh gréasáin ‘Cúinne na Foghlama’ agus faoi na hacmhainní teagaisc atá le fáil ann i dtaca leis an Aontas Eorpach (i 24 theanga an Aontais).

 

Is suíomh í ‘Cúinne na Foghlama’ a chruthaigh Ard-Stiúrthóireacht Chumarsáide an Choimisiúin ar a gcuirtear ar fáil an iomad uirlisí chun daltaí bunscoile agus meánscoile a chur ar an eolas faoin Aontas Eorpach (daltaí 5 go dtí 18 mbliana d’aois). Ar an suíomh sin gheobhaidh tú ábhar teagaisc atá rangaithe de réir aoise, cluichí agus comórtais, leabhair gníomhaíochtaí, físeáin agus ábhar eile fós!

 

Cibé acu dalta, múinteoir nó tuismitheoir thú, is é an cuspóir atá againn uile ‘foghlaim ar bhealach spraíúil’!

 

Déantar an suíomh a nuashonrú go minic. Cuirimid isteach ann cluichí nua, ábhar teagaisc, comórtais agus nithe nua a mbeidh suim ag daltaí 5 go dtí 18 mbliana d’aois agus ag a múinteoirí iontu.

 

An spéis leat eolas a fháil faoi na nithe nua go léir? Seolfar an bhileog eolais ‘Cúinne na Foghlama: ábhar nua’ chugat gan mhoill. Idir an dá linn, tá cuireadh agat uainn cuairt a thabhairt ar an suíomh ‘Cúinne na Foghlama’ agus an ríomhphost seo a scaipeadh ar na múinteoirí i do scoil.