I gcásanna áirithe, nuair a shainaithníonn an Coimisiún sárú féideartha ar dhlí an Aontais, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh idirphlé réamhsháraithe a úsáid in ionad an nós imeachta um shárú, ar a dtugtaí idirphlé EU Pilot cheana.
Is uirlis í seo is féidir a úsáid i gcás inar dócha go mbeidh de thoradh uirthi comhlíontacht níos tapa ná mar a bheadh ann de thoradh nós imeachta foirmiúil um shárú. Cuireann sé ar chumas an Choimisiúin roinnt cásanna a réiteach gan dul i muinín nós imeachta um shárú. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh i gcás gur de chineál teicniúil iad na saincheisteanna atá i gceist, mar shampla. Féadfaidh an uirlis a bheith úsáideach freisin i gcásanna inar mian leis an gCoimisiún eolas fíorasach nó dhlíthiúil a bhailiú a bhfuil gá leis chun a mheasúnú a dhéanamh. Ní úsáidtear an uirlis i gcás ina bhfuil an sárú ar dhlí an Aontais soiléir nó féinaitheanta nó i gcás ina bhfuil neart fianaise ann ina leith, ná ní úsáidtear í le haghaidh saincheisteanna íogaire inar lú an seans go mbeidh toradh rathúil ar phlé ar an leibhéal teicniúil.
Idirphléití réamhsháraithe gníomhacha an 31/12/2023
Athdháileadh idirphléití réamhsháraithe gníomhacha in aghaidh an Bhallstáit
Scagairí atá i bhfeidhm: Réimse beartais: Uile; Topaic: Uile
Athdháileadh idirphléití réamhsháraithe gníomhacha in aghaidh an réimse beartais
Scagairí atá i bhfeidhm: Ballstát: AE
Treochtaí maidir le líon na n-idirphléití réamhsháraithe maidir le sárú le himeacht ama
Scagairí atá i bhfeidhm: Ballstát: AE; Réimse beartais: Uile; Topaic: Uile
An meán-am a thógann sé chun idirphléití réamhsháraithe a láimhseáil
Scagairí atá i bhfeidhm: Ballstát: AE; Réimse beartais: Uile; Topaic: Uile