Ráiteas inrochtaineachta
Baineann an ráiteas seo le hábhar a fhoilsítear ar an bhfearann: ‘[URL]’
Ní bhaineann sé le hábhar ná le suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon cheann dá fhofhearainn. Beidh a ráiteas inrochtaineachta sonrach féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag a n-inneachar.
Is í an Ardrúnaíocht a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas.
Ba chóir duit a bheith in ann:
- súmáil suas le 200 % gan fadhbanna
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
- nascleanúint a dhéanamh ar fhormhór an tsuímh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheanta cainte (ar do ríomhaire nó ar d’fhón)]
Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, EN 301 549, v.3.2.1. Cloíonn sé sin go dlúth le leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1.
Stádas comhlíontachta
Tá an suíomh gréasáin seo i gcomhréir go hiomlán le caighdeán teicniúil EN 301 549 v.3.2.1 agus leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA, cé is moite de na heisceachtaí seo a leanas:
- Osclaíonn roinnt nasc i gcluaisín brabhsálaí nua gan an t-úsáideoir a chur ar an eolas.
- Níl roinnt ábhar eagraithe i sainchomharthaí.
- Níl ainm ar leith ag roinnt sainchomharthaí tíre.
Rinneadh an suíomh gréasáin a thástáil go deireanach an 4 Samhain 2024.
Ullmhú an ráitis seo
Rinneadh athbhreithniú ar an ráiteas sin an 29 Samhain 2024.
Tá an ráiteas bunaithe ar mheasúnú, arna dhéanamh ag conraitheoir seachtrach, ar shampla ionadaíoch de leathanaigh an tsuímh, agus úsáid á baint as meascán de thástáil láimhe agus tástáil uathoibrithe.
Aiseolas
Cuirimid fáilte roimh aiseolas uait maidir le hinrochtaineacht an tsuímh ghréasáin. Cuir in iúl dúinn é má thagann tú ar bhacainní inrochtaineachta:
- Guthán: 00 800 6 7 8 9 10 11
- Foirm theagmhála: Scríobh chugainn (le do thoil staonadh ó fhaisnéis íogair a sholáthar san fhoirm, m.sh. aon fhaisnéis a nochtfadh faisnéis airgeadais phearsanta, faisnéis a bhaineann le do shláinte, nó aon ábhar íogair eile).
Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar aiseolas laistigh de 15 lá gnó ón dáta a fhaigheann an roinn den Choimisiún atá freagrach an fiosrúchán.
Comhoiriúnacht le brabhsálaithe agus teicneolaíocht chúnta
Tá an suíomh gréasáin deartha le bheith comhoiriúnach leis na teicneolaíochtaí cúnta seo a leanas is mó a úsáidtear:
- an leagan is déanaí de bhrabhsálaithe Google Chrome agus Apple Safari;
- in éineacht leis na leaganacha is déanaí de JAWS, NVDA, VoiceOver agus TalkBack.
Sonraíochtaí teicniúla
Braitheann inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin ar na teicneolaíochtaí seo a leanas chun oibriú leis an teaglaim áirithe de bhrabhsálaí gréasáin agus aon teicneolaíochtaí cúnta nó breiseáin atá suiteáilte ar do ríomhaire:
- HTML
- WAI-ARIA
- CSS
- JavaScript