PLÉ GRÉASÁIN AN ÓIGE AG BOGADH - 17 MEÁN FÓMHAIR 2010 – NÁ CAILL É!
![](/commission_2010-2014/vassiliou/multimedia/photos/images/photos/logo_yom.jpg)
Seoladh 'An Óige ag Bogadh' - ceann de phríomh-thionscnaimh na straitéise fáis Eoraip 2020, an 15 Meán Fómhair 2020.
Moltar pacáiste beart a bhfuil fúthú:
- ionchas post na ndaoine óga a fheabhsú
- oideachas is oiliúint a dhéanamh níos baintí lena gcuid riachtanas
- feasacht a ardú faoi dheontais soghluaisteachta an AE chun staidéir nó oiliúna i dtír eile – taispeánann staidéir neamhspléacha gur mór ag fostóirí an taithí sin.
Tá fáil ar bhreis eolas faoin 'Óige ag Bogadh' sna cáipéisí seo a leanas:
- Preaseisiúint: An Óige ag Bogadh - tacaíocht do dhaoine óga na hEorpa a neartú
-
Achoimre na Saoránach
-
Scéala 'An Óige ag Bogadh'
- Ceisteanna coitianta
Glacfaidh an Coimisinéir Vassiliou páirt i bplé faoin Óige ag Bogadh an 17 Meán fómhair, ó 2:00 go 3:00 i.n., am na hÉireann. Déanfar gréasán-shruthú air ionas go dtiocfaidh le cách a bhfuil ríomhaire acu páirt a ghlacadh ann..
Seo do dheis chun aon cheist is mian leat faoi bheartas oideachais, oiliúna nó luaineachta an AE a chur ar an gCoimisinéir. Tig leat ceist a chur in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh .
Abair léi a bhfuil uait - agus ná fuil uait. B'fhéidir go raibh tú ar mhalartú Erasmus, Leonardo da Vinci, Comenius nó an Óige i mbun Gnímh. An molfá do dhaoine eile é? Ar cheart don AE níos mó a dhéanamh chun soghluaisteacht a chur chun cinn?
Más mian leat teacht chuig an ócáid bheo sa Bhruiséil, cuir r-phost chuig EAC-YOM@ec.europa.eu.
Mura mbíonn tú in ann teacht ach má tá ríomhaire agat, tig leat:
- an plé "An Óige ag Bogadh" a leanúint ar líne agus ceisteanna a chur ar an gCoimisinéir beo - sruthófar an plé beo anseo: http://webcast.ec.europa.eu/eutv/portal/index.html
- ceisteanna a chur isteach roimhré chuig EAC-YOM@ec.europa.eu (Dúnfar an bosca poist seo ar a 4:00 i.n., am na hÉireann, an 16 Meán Fómhair).
Do leidí chun ár bhfeidhm ghréasán-shruthaithe a úsáid, féach ar an rang teagaisc, atá ar fáil as , Fraincis , Gearmáinis , Iodáilis , Polainnis agus Seicis. Ísiltíris, Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Polainnis, Portaingéilis, agus Spáinnis.