This site has been archived on 03/11/2014
03/11/2014

Cosán nascleanúna

CV

Próifíl: An Coimisinéir Androulla Vassiliou

Tá Androulla Vassiliou ina Coimisinéir um Oideachas, um Chultúr, um Ilteangachas, um Óige agus um Spórt faoi láthair.

Roimhe sin, bhí sí ina Coimisinéir Sláinte, ó mhí Feabhra 2004 go deireadh 2009.

Dhein Androulla Vassiliou staidéar ar an dlí is ar ghnóthaí idirnáisiúnta i Londain (1961-1964) agus chleachtaigh sí dlí sa Chipir ar feadh 20 years (1968-1988). Le linn na tréimhse sin bhí sí mar chomhairleoir dlí don Standard Chartered Bank agus, níos déanaí, do Bhanc na Cipire.

Sular ceapadh ar an gCoimisiún Eorpach í, bhí Bean Vassiliou gníomhach sa pholaitíocht ina tír dhúchais, an Chipir. Toghadh faoi dhó ina Ball de Theach Ionadaithe na Cipire í – i 1996 agus 2001 – mar ionadaí ar Ghluaiseacht na nDaonlathach Aontaithe (arna cleamhnú le Daonlathaigh Liobrálacha na hEorpa agus le Páirtí an Leasaithe ELDR).

Agus í ina parlaiminteoir Cipireach, ba bhall gníomhach í den Choiste um Ghnóthaí Eorpacha agus d'ionadaigh sí Parlaimint na Cipire sa Choinbhinsiún faoi Thodhchaí na hEorpa mar bhall malartach.

Le blianta fada bhí Androulla Vassiliou gníomhach i ngort na ngnóthaí idirnáisiúnta agus chearta an duine agus í ina hUachtarán ar Chumann na NA na Cipire ó 1978 go 1992 agus mar Uachtarán ar Chónaidhm Dhomhanda Chumann na NA ó 1991 go 1995. Toghadh d'aonghuth í mar Uachtarán Onórach na Cónaidhme Domhanda ag deireadh a téarma. Fairis sin, bhí Bean Vassiliou ina hUachtarán ar Chónaidhm Ghnóthas agus Mhná Gairmiúla na Cipire ó 1996 go 2000, ina Leas-Uachtarán ar an ELDR agus ina cathaoirleach ar Líonra na mBan Liobrálach Eorpach (2001-2006). Ó 2002 go 2008 bhí sí ina cathaoirleach ar Bhord Iontaobhaithe Lárionad Oinceolaíochta na Cipire sa Chipir.

Tá an Coimisinéir Vassiliou pósta leis an Dr George Vassiliou, iar-Uachtarán na Cipire agus Príomh-Idirbheartaí aontachas na Cipire leis an AE.

Tá triúr páistí aici.

Chomh maith le Gréigis, a teanga dhúchais, tá Béarla líofa agus eolas maith ar an bhFraincis aici.

Nuashonrú is déanaí: 24/11/2014 |  Barr