skip to main content
Newsroom

Overview    News

Cloch mhíle i bPlean Sáraithe Ailse an Aontais Eorpaigh atá sna moltaí nua maidir le scagthástáil ailse

Dhá bhliain tar éis sheoladh Phlean Sáraithe Ailse an Aontais, agus leath bealaigh tríd an sainordú cúig bliana reatha, tá cloch mhíle eile bainte amach ag an gCoimisiún ina iarrachtaí chun ualach na hailse a laghdú – is é sin go bhfuil nuashonrú déanta aige ar na moltaí maidir le scagthástáil ailse. Is é Matthias Schuppe Leas-Cheann an Aonaid um Ailse agus um an tSláinte i nGach Réimse Beartais agus d’inis sé tuilleadh dúinn faoi Scéim Scagtha Ailse an Aontais.

date:  17/10/2022

Cén fáth a bhfuil gá le moltaí nua maidir le scagthástáil ailse?

Is mór an difear a dhéanann an luathbhrath i gcás na hailse. Trí dhaonraí sláintiúla a thástáil, is féidir daoine a shainaithint a bhfuil an galar orthu ach nach bhfuil siomptóim acu fós. Dá bhrí sin is féidir leo smaoineamh ar roghanna cóireála níos leithne agus cabhraítear chun beatha daoine a shábháil.

Ní dhearnadh nuashonrú ar mholtaí an Aontais maidir le scagthástáil le beagnach 20 bliain: tá go leor dul chun cinn teicneolaíochta agus leighis déanta ó glacadh iad den chéad uair in 2003. Tá na moltaí nua bunaithe ar na forbairtí agus ar na torthaí eolaíocha is déanaí, lena n-áirítear comhairle ó Ghrúpa Príomhchomhairleoirí Eolaíochta an Choimisiúin Eorpaigh, a d’aontaigh go raibh sé in am iad a nuachóiriú.

Cad iad na moltaí nua ón Aontas Eorpach?

Iarrtar sna moltaí nua go gcuirfear síneadh leis an rochtain ar an scagthástáil spriocdhírithe le haghaidh ailse cíche, ailse cholaireicteach agus ailse ceirbheacs, mar aon le cur chuige céim ar chéim chun tástálacha ailse próstataigh, scamhóg agus gastraí a thabhairt isteach.

Áirítear ar na nuashonruithe, mar shampla, an raon aoise maidir le scagthástáil ailse cíche a leathnú ó 50 go 70 bliain d’aois go dtí 45 go 74 bliana d’aois, agus táimid anois ag moladh do mhná idir 30 agus 65 bliana d’aois tástáil le haghaidh an Phapalómaivíris Dhaonna (HPV) a fháil gach 5 bliana nó mar sin chun ailse ceirbheacs a bhrath. Maidir le hailse cholaireicteach, táimid ag moladh tástáil imdhíoncheimiceach faecais a thabhairt isteach mar chuid de thástáil triáise do dhaoine idir 50 agus 74 bliana d’aois. 

Chomh maith leis sin leanfaidh an tAontas d’fhaireachán a dhéanamh ar mhodhanna nua scagthástála a d’fhéadfadh a bheith tábhachtach, amhail tástálacha fola il-ailse.

An bhfuil sprioc leagtha síos ag an gCoimisiún maidir le glacadh na scagthástála?

Tá. Gheallamar cheana féin i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa go ndéanfaí an scagthástáil sin a thairiscint do 90% de na daoine san Aontas a cháilíonn do scagthástáil cíche, ceirbheacs agus cholaireicteach faoi 2025. Táimid ag obair anois le Ballstáit an Aontais chun cabhrú leo an sprioc sin a bhaint amach.

An bhfuil aon ghnéithe eile ann seachas na moltaí nua?

Rinneamar treoirlínte scagthástála agus scéimeanna dearbhaithe cáilíochta nua a thabhairt cothrom le dáta agus a thabhairt isteach, agus chuireamar feabhas ar fhaireachán agus ar mhalartú sonraí tríd an gCóras Eorpach um Fhaisnéis maidir le hAilse agus tríd an Spás Eorpach Sonraí Sláinte.

An mbeidh costais bhreise ar na Ballstáit agus ar na saoránaigh de bharr na scagthástála breise?

Ní hamháin go sábháiltear beatha daoine trí infheistíocht a dhéanamh sa scagthástáil ailse ach sábháiltear airgead chomh maith. Bíonn sé i gcónaí níos éifeachtaí, níos costéifeachtaí san áireamh, beart a dhéanamh a luaithe is féidir. Cuireann ailse ualach ollmhór airgeadais ar chórais sláinte agus séanann an galar blianta bisiúla ar dhaoine. 

Cuirfear thart ar €100 milliún ar fáil ón gclár EU4Health agus ón gclár Fís Eorpach chun tacú leis na Ballstáit lena n-infheistíochtaí, agus molfaimid maoiniú breise faoi chlár 2023 EU4Health chomh maith.

Is féidir le tíortha an Aontais maoiniú comhtháthaithe a úsáid freisin chun tacú le scagthástáil ailse, trí úsáid a bhaint as an gCiste Forbraíochta Réigiúnaí agus as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus. Tá diagnóis agus cóireáil ailse curtha san áireamh cheana féin ag roinnt Ballstát mar chuid dá bPleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta.

An bhfuil infheistíocht á déanamh ag an Aontas i dtaighde breise freisin?

Tá. Faoin gcreatchlár de chuid Fís Eorpach le haghaidh taighde agus nuálaíochta (2021-2027), tá roinnt gníomhaíochtaí beartaithe ag Misean an Aontais um Ailse, misin a thacóidh go díreach le Scéim Scagtha Ailse an Aontais agus a chruthóidh nasc tábhachtach idir an taighde agus an nuálaíocht agus na beartais maidir le hailse.

Cad eile atá á dhéanamh ag an gCoimisiún maidir le hailse?

Ón uair a ghlacamar an Plean Ailse, tá dul chun cinn déanta againn ar fud réimse iomlán na hailse, ón gcosc go feabhas a chur ar shaol na ndaoine a ndearna ailse difear dóibh.

Cuir i gcás seoladh an Lárionaid Eolais um Ailse agus an tionscnaimh HealthyLifestyle4All, agus chuireamar tús leis an obair ar Líonra an Aontais a nascann na hIonaid Chuimsitheacha Náisiúnta Ailse.  Sheolamar freisin an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach maidir le vacsaíniú i gcoinne an Phapalómaivíris Dhaonna, an Chlárlann Éagothromaíochtaí Ailse, agus an Clár Oiliúna Idirspeisialtachta maidir le hAilse, agus seolfaimid an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse níos déanaí i mbliana. Cuireadh tús freisin le seachtainí beaga anuas le cruinnithe Líonra an Aontais de Dhaoine Óga a Tháinig Slán ón Ailse.

Dearbhaíonn sé sin go léir leithne agus doimhneacht ár gcuid oibre. 

Plean Sáraithe Ailse an Aontais Eorpaigh – ní hamháin gur mana é ach is gealltanas é chomh maith. Tá an tAontas ag comhlíonadh a chuid gealltanas. 

 

Bileog eolais – Aontas Sláinte na hEorpa:scagthástáil ailse (europa.eu)

Ceisteanna agus freagraí:Cur chuige nua de chuid an Aontais maidir le scagthástáil ailse (europa.eu)

Plean Ailse an Aontais Eorpaigh – cá bhfuilimid anois? (europa.eu)