Ráiteas inrochtaineachta
Réamhrá
Is le hábhar a fhoilsítear ag an seoladh seo a leanas a bhaineann an ráiteas seo: “https://ec.europa.eu/internal_market/imi-net/”.
Níl feidhm aige maidir le hábhar nó suíomhanna gréasáin eile a fhoilsítear ar aon fhofhearann eile dá chuid. Beidh a ráiteas inrochtaineachta féin ag na suíomhanna gréasáin sin agus ag an ábhar atá iontu.
Tá an suíomh gréasáin seo á bhainistiú ag an Ard-Stiúrthóireacht um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus FBManna. Tá sé deartha lena úsáid ag an oiread daoine agus is féidir, daoine faoi mhíchumas ina measc.
Ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- zúmáil suas le 200% gan aon fhadhb
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin gan ach méarchlár a úsáid
- nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den suíomh gréasáin trí úsáid a bhaint as léitheoir scáileáin nua-aimseartha agus bogearraí aitheantais urlabhra (ar do ríomhaire nó ar do ghuthán)
Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, EN 301 549 v.3.2.1. Leanann an caighdeán sin go dlúth leibhéal ‘AA’ de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) leagan 2.1.
- Níorbh fhéidir inneachar an leathanaigh a lódáil
- Tharla earráid nuair a bhítear ag iarraidh rannóga inneachar an leathanaigh a lódáil.
Déan iarracht an leathanach a athlódáil, agus mura gcabhraíonn sé sin, iarrtar ort an stiúrthóir gréasáin a chur ar an eolas.