This site has been archived on 01/11/2014
01/11/2014

Cosán nascleanúna

Tionscal agus fiontraíocht

Tionscnamh táirge a shonrú

De dhéantús an AE

Crann taca an gheilleagair is ea muinín. Mura bhfuil muinín ag tomhaltóirí i dtáirge, ní cheannóidh siad é. I gcás margadh de 500 milliún duine, ní bheidh tionchar ag aithne phearsanta ar dhíoltóir nó ar mhonaróir ar roghannna tomhaltóra ach i gcás méid teoranta earraí. I gcás na n-earraí eile, ní foláir táscairí a bheith ann chun go mbeidh táirgí níos inrianaithe, agus níos iontaofa dá bhrí sin.

Más eol go héasca do cheannaitheoirí tionscnamh táirge, braitheann siad níos sábháilte agus is dreasacht níos mó dóibh é le siopadóireacht a dhéanamh. Freagairt ar iarratas ón margadh ar a leithéid sin is ea an togra a rinne an Coimisiún le déanaí lipéad éigeantach "De dhéantús" a thabhairt isteach d'earraí tomhaltais a dhíoltar san AE.

Is beag riail atá ann ina leith seo faoi láthair, agus níl aon dualgas ar mhonaróirí tionscnamh beacht a dtáirgí a shonrú ar a lipéid. Buntáiste do ghnólachtaí míchothroma is ea é sin, ar gnólachtaí iad a úsáideann bréaglipéid nó nach n-úsáideann lipéid ar bith.

Agus is baol é do thomhaltóirí freisin mar, ar an mbealach sin, is éasca earraí guaiseacha a chur i gcúrsaíocht i margadh an AE. Ceann amháin as gach deich dtáirge ghuaiseacha a urghabhtar san AE, níl na húdaráis náisiúnta in ann a thionscnamh a rianú fós.

Chun deireadh a chur leis an bpraiseach seo, rinne go leor tíortha san AE iarracht roimhe seo rialacha a thabhairt isteach maidir le lipéadú tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta. Ach dá dtiontófaí na hiarrachtaí sin ina bhfíordhlíthe, bheadh tuilleadh mearbhaill agus díobhála ann do ghnólachtaí dlisteanacha toisc go bhféadfadh rialacha náisiúnta a bheith éagsúil ó thír go tír.

Tá togra an Choimisiúin dírithe ar an méid sin a sheachaint. Tabharfar cosaint níos fearr do thomhaltóirí ar fud an AE, agus ag an am céanna cuirfidh rialacha coiteanna deireadh le bacainní nua a d'fhéadfaí a chruthú de bharr reachtaíochtaí náisiúnta maidir le lipéadú tionscnaimh a bheadh éagsúil óna chéile.

Tá eolas faoi thionscnamh táirge ríthábhachtach chun beart nithiúil a dhéanamh i gcoinne ciontóirí agus bac láidir is ea é i gcoinne earraí contúirteacha a dhíol.

Ba cheart go bhfáilteodh monaróirí ionraice roimh an togra seo, mar cuirfidh sé le muinín an tomhaltóra agus lena ndúil sa tsiopadóireacht dá bhrí sin freisin. Ba cheart go mbeadh na táirgeoirí ar an eolas freisin nach mbainfidh maorlathas ná costas breise le húsáid an lipéid "De dhéantús".

Tuilleadh solúbthachta a thabharfaidh an lipéad leis. Is féidir an lipéad ginearálta "De dhéantús" a úsáid d'aon earra a ndearnadh an claochú mór deireanach air i dtír san AE. Ach beidh an tsaoirse ag monaróirí Eorpacha lipéad ábhartha náisiúnta a roghnú ar nós "De dhéantús na hÉireann" nó "De dhéantús na Gearmáine", mas mian leo.

Nuashonrú is déanaí: 11/02/2015 |  Barr