Léigh an leagan ar líne | ISSN 2600-0261
   

Nuacht ó Chúinne na Foghlama

European Commission Logo
comm_banner-newsletter-v2_62380

Learning Corner: Website

Sa spotsolas

An tAontas Eorpach i mbeagán focal

Foghlaim faoin Aontas Eorpach lenár gcur i láthair sleamhnán nuashonraithe, ‘An tAontas Eorpach i mbeagán focal’. Féach leat an chaoi a n-oibríonn an tAontas Eorpach agus an méid a dhéanann sé dúinn. Feidhmíonn an cur i láthair seo mar threoir chuimsitheach do phléití i seomra ranga agus tá ceithre chuid ann. Is féidir leat na codanna a úsáid astu féin nó le chéile. Tá leathanach nóta faisnéiseach ag gabháil le gach sleamhnán, agus cuirtear léargais bhreise agus naisc luachmhara ar fáil ar na leathanaigh sin.

 
Tuilleadh
 

Céard atá nua an uair seo?

Uimhreacha i mBun Gníomhaíochta: Glac páirt i gComórtas Staitisticí na hEorpa

An gceapann tú go bhfuil staitisticí leadránach? Smaoinigh an athuair! Tá Comórtas Staitisticí na hEorpa (ESC) meáite a chruthú gur féidir le huimhreacha a bheith an-spraíúil. Eagraíonn Eurostat agus institiúidí staitisticí náisiúnta an comórtas seo, agus baineann sé le scileanna daltaí meánscoile idir 14-18 mbliana d’aois a threisiú. Dúshlán dhá chuid atá ann: ar dtús, an chéim náisiúnta ina dtéann daltaí in iomaíocht le daltaí eile ar an leibhéal náisiúnta, agus ina dhiaidh sin an chéim Eorpach i mBéarla, nuair a théann na foirne is fearr in adharca a chéile. An sprioc? Múineadh do dhaltaí conas staitisticí a úsáid chun dul i ngleic le dúshláin an tsaoil. An bhfuil spéis agat níos mó a fhoghlaim? Féach leat leathanach nuachta Eurostat le teacht ar na sonraí go léir!

 
Tuilleadh
 

Cluichí a imirt

Foghlaim agus bíodh spraoi agat le Europa Quest

An bhfuil bealach siamsúil á lorg agat chun múineadh do do dhaltaí faoin Aontas Eorpach agus faoin gcaoi a n-oibríonn 27 mBallstát an Aontais le chéile? Uirlis oideachais atá bunaithe ar quiz is ea Europa Quest, agus ceapadh é chun obair foirne agus cumarsáid a spreagadh i measc rannpháirtithe, rud a chothaíonn muintearas agus comhfhoghlaim. Áirítear sa phacáiste leagan do thosaitheoirí atá oiriúnach do leanaí idir 9 agus 14 bliana d’aois, agus leagan níos casta do dhaltaí atá 15 bliana d’aois nó níos sine. Ar an gcaoi sin, is féidir leat an ghníomhaíocht a chur in oiriúint do riachtanais do dhaltaí.

 
Tuilleadh
 

Do mhúinteoirí

Juvenes Translatores: Aimseoimis daoine óga a bhfuil bua an Aistriúcháin acu!

An bhfuil aon aistritheoirí cumasacha ina suí i do sheomra ranga? Faigh freagra na ceiste sin le comórtas aistriúcháin Juvenes Translatores! Tugann an comórtas seo cuireadh do dhaltaí meánscoile a rugadh in 2007 ó gach cearn den Aontas Eorpach a scileanna teanga agus a gcruthaitheacht a chur os comhair an tsaoil agus iad ag aistriú idir aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Cuir an dáta sa dialann! Beidh an tréimhse chlárúcháin ar oscailt idir an 2 Meán Fómhair agus an 14 Deireadh Fómhair 2024. Buafaidh na 27 n-aistritheoir is fearr turas chun na Bruiséile go luaith in 2025 don searmanas bronnta. Féach leat an suíomh gréasáin le teacht ar na sonraí go léir!

 
Tuilleadh
 

Ábhar closamhairc

Fáilte ar ais!

Samhradh an athraithe a bhí againn sa Bhruiséil de réir mar a tháinig ann de réir a chéile do Choimisiún agus do Pharlaimint nua, iad beagnach réidh anois le dul i mbun oibre. I mí Mheán Fómhair, cuirtear tús le scoilbhliain nua, é líon lán de sheansanna nua agus an deis le haghaidh tús nua. Anseo ag Cúinne na Foghlama, táimid go fóill ar fáil agus tiomanta acmhainní nua agus cothrom le dáta a sholáthar duit chun foghlaim agus teagasc faoin Aontas Eorpach. Faigh tuilleadh eolais faoin méid atá le fáil ar Chúinne na Foghlama san fhíseán faisnéiseach seo.

 
Tuilleadh
 

Cúinne na foghlama
- Ábhar foghlama - Cluichí a imirt - Amlíne an Aontais Eorpaig
- Líonrú a dhéanamh le múinteoirí eile - Obair agus staidéar - Nuacht agus comórtais

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi ábhar, faoi dháileadh nó faoi ghnéithe eagarthóireachta eile na dtáirgí atá luaite sa nuachtlitir seo, tá fáilte romhat teagmháil a dhéanamh le hAonad na Seirbhíse Eagarthóireachta agus na For-rochtana Spriocdhírithe in Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide sa Choimisiún Eorpach:

Ríomhphost: comm-learningcornernews@ec.europa.eu

Más rud é gur cuireadh an nuachtlitir ar aghaidh chugat agus gurbh fhearr leat go seolfaí díreach chugat é, is féidir leat liostáil anseo.

Is féidir leat díliostáil ón nuachtlitir seo trí chliceáil ar an nasc seo nó trí theagmháil a dhéanamh linn ag an seoladh ríomhphoist; seo a leanas: comm-learningcornernews@ec.europa.eu

Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do chosaint sonraí pearsanta. Próiseáiltear sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (CE)2018/1725. Is féidir leat ráiteas príobháideachais na nuachtlitreach a léamh anseo.

Is de réir an Rialacháin sin a chaitear leis na sonraí pearsanta uile a phróiseálann Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide.

ISSN: 2600-0261