|
|
|
|
|
|
|
Nuacht ó Chúinne na Foghlama
|
|
|
|
|
|
Learning Corner:
|
|
|
I bhfócas – an fuireachas leis na toghcháin
|
An méid a dhéanann an tAontas Eorpach dom
|
Ar smaoinigh tú riamh cé na feabhsuithe nithiúla a rinne an tAontas Eorpach do do shaol laethúil, do phobal nó do thír féin? Leis an uirlis idirghníomhach darb ainm ‘An méid a dhéanann an tAontas Eorpach dom’, leagtar amach na bealaí go léir a mhaoinigh nó a d’eagraigh an tAontas tionscadail éagsúla a dhéanann difear do do shaol agus do na daoine thart timpeall ort.
Mar sin, cén mhoill atá ort féachaint uirthi? Cuir do dhaltaí ar an eolas faoina bhfuil déanta ag an Aontas dóibh agus comhroinn le hoideoirí eile í!
|
|
|
|
|
|
|
|
Céard atá nua an uair seo?
|
|
An bhréagaisnéis a chomhrac sa seomra ranga
|
Le blianta beaga anuas, tá sé feicthe againn a thapa a d’fhéadfadh eolas míthreorach nó bréagach scaipeadh ar líne trí na meáin shóisialta nó trí ardáin teachtaireachtaí. Leis an tsraith straitéisí faoin mbréagaisnéis a nuashonraíodh le déanaí, tugtar an chumhacht do mhúinteoirí meánscoile scileanna ríthábhachtacha nascleanúna ar líne a thabhairt do dhaltaí. Féachann an tsraith straitéisí ar na teicnicí a úsáidtear i dtaca leis an mbréagaisnéis le trí chás-staidéar nua agus cleachtaí grúpa a bhfuil sé mar aidhm acu an smaointeoireacht chriticiúil a chur chun cinn. Clúdaíonn an tsraith réimse topaicí reatha, cuir i gcás an daonlathas, an t-athrú aeráide, agus an tsláinte phoiblí, agus spreagann sí plé faoi ghrinneas na fírinne.
|
|
|
|
|
|
|
|
Cluichí a imirt
|
|
Faigh réidh don samhradh lenár gcluiche boird faoin gcomhshaol
|
Agus an samhradh ag druidim linn go gasta, agus de réir mar a éiríonn na laethanta níos faide, tosaímid ag smaoineamh ar an saol lasmuigh agus ar lán-taitneamh a bhaint as an nádúr.
Is bealach spraíúil éasca é an Cluiche Boird faoi Ghníomhaíocht ar son na hAeráide do leanaí idir 9 mbliana d’aois agus 12 bhliain d’aois dul siar ar roinnt fíricí a bhaineann leis an gcomhshaol. Is féidir le daltaí foghlaim faoi réimse topaicí, idir insliú agus fuinneamh gaoithe, agus is ábhar machnaimh é d’intinní óga fiosracha. Is féidir leat é a íoslódáil ónar suíomh gréasáin, é a phriontáil amach agus is féidir le do chuid daltaí tosú láithreach á imirt.
|
|
|
|
|
|
|
|
Do mhúinteoirí
|
|
Cuir eolas ar an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
|
Cabhraíonn an tsraith straitéisí ‘An difear a dhéanann Daonlathas an Aontais’ leat ábhair Eorpacha a chur i láthair ar bhealach tarraingteach, do mhic léinn atá 16 bliana d’aois nó níos sine. Tá ceithre mhodúl ann agus clúdaíonn siad an chaoi a bhfeidhmíonn an tAontas Eorpach, struchtúir dhaonlathacha, chomh maith leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES) a bhfuil tionchar mór aige. Is féidir le do mhic léinn páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí idirghníomhacha a chuidíonn chun smaointeoireacht chriticiúil, abhcóideacht agus scileanna cur i láthair a fhorbairt.
|
|
|
|
|
|
|
|
Ábhar closamhairc
|
|
An 6-9 Meitheamh 2024: Bain úsáid as do vóta nó déanfaidh daoine eile cinneadh ar do shon
|
Gach seans go mbainfidh sé siar as roinnt daoine óga, ach ní raibh go leor Eorpach in ann iad féin a chur in iúl go hoscailte go dtí le fíor-ghairid. Is cinnte nach raibh siad in ann vóta a chaitheamh. Daoine Eorpacha a mhair tríd an Dara Cogadh Domhanda nó a bhí ina gcónaí i ndeachtóireacht le linn an 20ú haois, ba mhinic iad i mbaol díreach toisc go raibh siad difriúil, toisc an creideamh a bhí acu, nó toisc gur theastaigh saol éagsúil uathu.
I bhfíseán nua ó Pharlaimint na hEorpa, buailimid le roinnt de na daoine sin a bhfuil teachtaireacht speisialta acu dá ngarpháistí - agus do gach Eorpach - roimh na toghcháin Eorpacha i mí an Mheithimh. Bhí an daonlathas leochaileach i gcónaí riamh, agus bealach amháin atá ann lena chosaint ná vóta a chaitheamh. I mí an Mheithimh, tá an ceart ag breis agus 400 milliún duine i ngach tír den Aontas vóta a chaitheamh do Pharlaimint Eorpach nua.
|
|
|
|
|
|
|
|