Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais

Tá an leathanach seo ar fáil sna teangacha seo a leanas:

SOLVIT

Réitigh ar fhadhbanna a bhaineann le do chearta AE

Samplaí d’fhadhbanna a réitigh SOLVIT ›
Aithint cáilíochtaí gairmiúla

Údarú faighte ag fisiteiripeoir Ostarach cleachtadh sa Phortaingéil

Chuir fisiteiripeoir Ostarach isteach ar aitheantas gairmiúil sa Phortaingéil. Bliain níos déanaí bhí sé fós gan aon fhreagra a fháil ó údaráis na Portaingéile. Nuair a d'fhiosraigh sé faoin dul chun cinn a bhí déanta ar a iarratas, iarradh air fanacht go dtí go bhfaigheadh sé glaoch ar ais uathusan.

Bhí an moilliú seo ag cur a dheiseanna dul ag obair sa Phortaingéil i gcontúirt. Tairgeadh post dó ach níorbh fhéidir leis glacadh leis gan aitheantas a fháil dá cháilíochtaí gairmiúla.

A bhuí le SOLVIT sa Phortaingéil, fuair an fisiteiripeoir an t-aitheantas agus bhí sé in ann tosú ag obair sa Phortaingéil.

Réitíodh an fhadhb laistigh de 5 seachtaine.

Tuilleadh eolais faoi: Rialacha an AE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint


Chuir Éire a rialacha maidir le teiripeoirí saothair a aithint i gcomhréir le dlí an AE

Fuair SOLVIT dhá ghearán ar leith, ceann ó náisiúnach Polannach agus ceann ó náisiúnach Gearmánach, maidir lena ndeacrachtaí aitheantas a fháil ó údaráis na hÉireann dá gcáilíochtaí teiripe saothair.

Dúirt an t-údarás in Éirinn nár mhór don choláiste nó don ollscoil a bhronn na dioplómaí a bheith formheasta ag Cónaidhm Dhomhanda na dTeiripeoirí Saothair (WFOT) tráth bhaint amach na céime. Ní raibh sé sin i gcomhréir le dlí an AE.

Chuaigh SOLVIT in Éirinn i dteagmháil leis an aireacht fhreagrach agus d'áitigh sé uirthi an ceanglas seo a bhaint agus glacadh leis an dá iarratas ar aitheantas a fuarthas ón náisiúnach Polannach agus ón náisiúnach Gearmánach.

Tar éis idirghabháil SOLVIT, d'aontaigh an t-údarás freagrach na rialacha a athrú agus bhain siad gach tagairt do chleamhnacht le WFOT ó na suíomhanna gréasáin agus ó na foirmeacha iarratais.

Réitíodh an fhadhb laistigh de 5 seachtaine.

Tuilleadh eolais faoi: Rialacha an AE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint


Gan aon triail teanga do shiúinéirí sa tSualainn

Dúradh le siúinéir Polannach a bhí ag obair sa tSualainn, go mbeadh deimhniú oilteachta sa tSualainnis de dhíth air chun a bheith i dteideal pá iomlán a fháil mar shiúinéir oilte.

Chuaigh SOLVIT i dteagmháil leis na húdaráis lena míniú dóibh go raibh níos mó ná 10 000 uair oibre déanta ag an siúinéir cheana sa tSualainn, mar sin ní raibh bonn cirt leis an triail teanga. Tar éis gur éirigh leis i dtriail scríofa sa tSualainnis, fuair an siúinéir a dheimhniú mar shiúinéir oilte.

D'áitigh SOLVIT ar údaráis na Sualainne freisin deireadh a chur leis an triail teanga scríofa.

Réitíodh an fhadhb laistigh de 12 seachtaine.

Tuilleadh eolais faoi: Rialacha an AE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint


Féadfaidh banaltraí Portaingéalacha dul ag obair sa Spáinn

Chuir triúr banaltraí Portaingéalacha isteach ar aitheantas dá gcáilíochtaí gairmiúla sa Spáinn. Faoi dhlí an AE, ní mór do na húdaráis freagairt a thabhairt ar iarratas laistigh de 3 mhí. Chuaigh an spriocdháta thart agus ní bhfuair na banaltraí freagra ar bith.

Bhí eagla ar na mná óga go mbeadh deireadh lena “mBrionglóid Eorpach” mura bhfaighidís na doiciméid a bhí de dhíth orthu chun glacadh le trí thairiscint poist in ospidéal sa Spáinn.

Rinne SOLVIT idirghabháil, agus tugadh aitheantas dá gcáilíochtaí in am, sa chaoi is gurbh fhéidir leo a saol sa Spáinn a phleanáil.

Réitíodh an fhadhb laistigh de 2 seachtaine.

Tuilleadh eolais faoi: Rialacha an AE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint