Táillí iontrála neamh-idirdhealaitheacha chuig mainistreacha Rómánacha
Rinne náisiúnach Francach gearán faoi tháillí iontrála idirdhealaitheacha do thurasóirí chuig mainistreacha Rómánacha.
Bhí praghas an ticéid do dhaoine nach Rómánaigh iad a dhá oiread chomh hard agus a bhí sé do Rómánaigh. Ós rud é go raibh an beartas sin ag sárú phrionsabail an AE, d'áitigh ionad SOLVIT na Rómáine ar údaráis na heaglaise táillí iontrála neamh-idirdhealaitheacha a shocrú do na mainistreacha.
Réitíodh an fhadhb laistigh de 9 seachtaine.
Sualannach in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí spóirt sa Ostair
Cuireadh cosc ar Shualannach a bhí ina chónaí san Ostair an spórt ab fhearr leis, curláil, a imirt. Bhí sé leagtha síos ag Cónaidhm Curlála na hOstaire nach raibh cead ag imreoirí nár Ostaraigh iad páirt a ghlacadh i gCraobhchomórtas na hOstaire ach amháin má bhí cónaí orthu san Ostair ar feadh 18 mí.
Thairis sin, níor ceadaíodh ach 1 imreoir iasachtach in aghaidh na foirne.
Mheabhraigh SOLVIT dóibh go raibh na rialacha sin idirdhealaitheach agus d'áitigh siad ar an gCónaidhm an cuóta do dhaoine ón iasacht a bhaint dá gcuid rialachán.
Réitíodh an fhadhb laistigh de 18 seachtaine.
Deireadh leis na muirir bhreise ar long Ioruach i gcuan sa Ríocht Aontaithe.
Gearradh muirear níos airde ar long Ioruach a bhí ag iompair leasacháin ón Iorua go dtí Tuaisceart Éireann, ná mar a gearradh ar longa ó thíortha an AE.
Ós rud é go bhfuil an Iorua sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ba cheart caitheamh lena longa amhail mar a chaitear leosan as tír san AE.
D'éirigh le SOLVIT a áiteamh ar údaráis an chuain a gcuid taraifí a athrú dá réir.
Réitíodh an fhadhb laistigh de 12 seachtaine.
Deireadh le hidirdhealú in aghaidh Bulgáraigh ag obair thar lear
Cuireadh cosc ar lánúin a bhí ag obair agus ag maireachtáil thar lear a n-iníon a chlárú i naíscoil Bhulgárach toisc nach raibh siad clúdaithe faoi shlándáil shóisialta na Bulgáire.
Mhínigh SOLVIT d'údaráis na Bulgáire, nach gceadaítear dóibh, faoi dhlí an AE, pionós a ghearradh ar a gcuid saoránach féin as a gceart chun dul ag obair i dtíortha eile an AE a fheidhmiú.
Chuir údaráis na Bulgáire an scéal ina cheart agus bhí an teaghlach in ann a n-iníon a chlárú sa naíscoil.
Réitíodh an fhadhb laistigh de 6 seachtaine.
Téigh go dtí »