Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Straitéis Fostaíochta na hEorpa

Siar in 1997 a bunaíodh Straitéis Fostaíochta na hEorpa, nuair a thug Ballstáit an Aontais Eorpaigh faoi shraith cuspóirí agus spriocanna coiteanna a bhunú le haghaidh beartais fostaíochta. Is é is príomhaidhmníos mó post a chruthú ar fud an Aontais Eorpaigh agus na poist sin a bheith de chineál níos fearr.

Is cuid den straitéis Eoraip 2020 i leith fáis í an straitéis fostaíochta. Cuirtear chun feidhme í mar chuid den seimeastar Eorpach, próiseas bliantúil ina spreagtar dlúthchomhordú beartais idir na Ballstáit agus institiúidí an Aontais.

Maidir le cur chun feidhme na straitéise – próiseas a fhaigheann tacaíocht ó obair an Choiste Fostaíochta – baintear úsáid shonrach as na ceithre chéim seo a leanas den seimeastar Eorpach:

  1. Treoirlínte Fostaíochta : seo tosaíochtaí agus spriocanna coiteanna le haghaidh na mbeartas fostaíochta. Is é an Coimisiún a mholann iad, bíonn ar na rialtais náisiúnta aontú leo agus bíonn ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh iad a ghlacadh.
  2. An Tuarascáil Chomhpháirteach ar Fhostaíocht (JER) : tá trí ghné sa Tuarascáil seo (a) measúnú ar staid na fostaíochta san Eoraip (b) cur chun feidhme na dTreoirlínte Fostaíochta agus (c) measúnú ar Scórchlár na bPríomhtháscairí Fostaíochta agus Sóisialta. Is é an Coimisiún a fhoilsíonn í, agus an Chomhairle a ghlacann í.
  3. Cláir Náisiúnta um Athchóiriú : cuireann na rialtais náisiúnta faoi bhráid an Choimisiúin iad le go bhféadfaidh sé measúnú a dhéanamh orthu i dtaobh chomhlíonadh na straitéise Eoraip 2020. (bunachar sonraí – cláir náisiúnta um athchóiriú roimh 2011)
  4. I bhfianaise an mheasúnaithe a dhéantar ar na cláir náisiúnta um athchóiriú, foilsíonn an Coimisiún Tuarascálacha ar na tíortha ina ndéantar anailís ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus eisíonn sé Moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith.

 

An leathanach seo a chomhroinnt: