Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Cá háit a mbaineann na rialacha seo?

Má tá tú cumhdaithe faoin gcomhordú ar shlándáil shóisialta an Aontais, is féidir leat brath ar na rialacha sna tíortha seo a leanas:

An tAontas Eorpach (AE)

An Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, an Chipir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn.

An Ríocht Aontaithe

Níl rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le comhordú na slándála sóisialta infheidhme a thuilleadh maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe ón 1 Eanáir 2021. Mar sin féin, beidh cosaint fós ag cearta na ndaoine a chumhdaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a comhaontaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Maidir le daoine nach gcumhdaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, rialaítear comhordú slándála sóisialta idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe leis an bPrótacal ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Cé go bhfuil sé cosúil le rialacha an Aontais agus go bhfuil raon feidhme cuimsitheach ann, ní dhéantar foráil sa Phrótacal maidir leis an leibhéal céanna cosanta agus a thugtar do Rialacháin an Aontais.

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus an Eilvéis

  • An Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin (tíortha LEE).
  • An Eilvéis.

Tá feidhm ag Rialacháin nua 883/2004 agus 987/2009 maidir leis an Eilvéis ón 1 Aibreán 2012 agus maidir leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin ón 1 Meitheamh 2012. Ón 2 Feabhra 2013 i leith, tá feidhm ag Rialachán 465/2012 maidir leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin freisin.

Cuir eolas ar do chearta de réir tíre

Caidreamh an Aontais le tíortha nach Ballstáit iad

Faoi láthair tá an tAontas Eorpach ag obair ar chinneadh ón gComhairle Comhlachais atá bunaithe ar na comhaontuithe comhlachais a rinneadh leis an Ailgéir, le Maracó, leis an Túinéis, leis an Macadóin Thuaidh agus le hIosrael. Cinnteoidh an cinneadh in-onnmhairitheacht sochar áirithe, amhail pinsin, ar bhonn na cómhalartachta i leith náisiúnaigh an Aontais. Faoi láthair, ní dhéantar na sochair a onnmhairiú ach amháin nuair a fhoráiltear amhlaidh i reachtaíocht náisiúnta nó i gcomhaontú déthaobhach.

Tuilleadh eolais

Féach na ceisteanna coitianta le tuilleadh eolais a fháil.

Cabhair uait fós?

Nach bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Déan fiosrúchán trí Europe Direct 00800 6 7 8 9 10 11
Réitigh fadhbanna le córas riaracháin náisiúnta (SOLVIT)
Faigh comhairle dlí ón tseirbhís, An Eoraip Agatsa - Comhairle

An leathanach seo a chomhroinnt: