Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i bhfeidhm

‘Agus an lámh in uachtar á fháil againn ar an bpaindéim, agus na hathchóirithe riachtanacha á n-ullmhú againn agus luas á chur againn leis an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, creidim go bhfuil sé in am freisin an leabhar rialacha sóisialta a chur in oiriúint. Leabhar rialacha lena gcinnteofar dlúthpháirtíocht idir na glúnta. Leabhar rialacha lena dtugtar luach saothair d’fhiontraithe a thugann aire dá bhfostaithe. Ceann lena ndírítear ar phoist agus lena gcuirtear deiseanna ar fáil. Agus ceann lena gcuirtear scileanna, nuálaíocht agus an chosaint shóisialta ar comhchéim.’

An tUachtarán Ursula von der Leyen, an 20 Eanáir 2021

 

Gníomhaíochtaí

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus a 20 prionsabal

Baineann Colún na gCeart Sóisialta le cearta níos éifeachtaí a bhaint amach do shaoránaigh trí thógáil ar 20 croíphrionsabal. Léigh an leagan soléite de na 20 prionsabal.

Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta tionscnaimh nithiúla chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhíorú. Moltar ann príomhspriocanna atá le baint amach ag an Aontas faoi 2030.

Cúlra

Is san Eoraip atá na sochaithe is cothroime ar domhan, na caighdeáin is airde ó thaobh dálaí oibre de, agus cosaint shóisialta leathan. D’fhógair Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta in 2017 ag Cruinniú Mullaigh Göteborg. Leagtar amach sa Cholún 20 croíphrionsabal arb iad an bealach i dtreo Eoraip láidir shóisialta san 21ú haois atá cothrom cuimsitheach agus lán deiseanna.

Ní mór tuilleadh a dhéanamh ionas go gcabhróidh 20 prionsabal an Cholúin linn margaí saothair níos cothroime agus níos dea-fheidhmiúla a thógáil chomh maith le córais mhaithe leasa a rachaidh chun tairbhe do mhuintir uile na hEorpa. Le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá tionscnaimh nithiúla leagtha amach ag an gCoimisiún chun é sin a bhaint amach. Is obair chomhroinnte de chuid Institiúidí an Aontais, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta é fíorú an Cholúin.

Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus Gealltanas Sóisialta Porto

Leis an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto an 7-8 Bealtaine 2021, rud a bhí á eagrú ag Uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle, cuireadh deis ar fáil athdhearbhú a dhéanamh ar an tiomantas agus an uaillmhian tús áite a thabhairt do na daoine maidir le téarnamh na hEorpa agus níos faide anonn. Deis a bhí sa Chruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto freisin chun na grúpaí éagsúla a spreagadh leis an ngealltanas a athnuachan, ar an leibhéal polaitiúil is airde, an Colún Sóisialta a chur chun feidhme.

An 7 Bealtaine chláraigh na comhpháirtithe le trí phríomhsprioc 2030 a leagadh amach i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i nGealltanas Sóisialta Porto comhpháirteach.

An 8 Bealtaine ghlac comhaltaí na Comhairle Eorpaí Dearbhú Porto maidir le gnóthaí sóisialta.

An 25 Meitheamh ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach príomhspriocanna an Aontais i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Dearbhú Porto.

Fóram Eorpach um Fhostaíocht agus um Chearta Sóisialta

Phléigh ionadaithe, airí agus acadóirí an Choimisiúin Eorpaigh, in éineacht le lucht ceaptha beartas agus geallsealbhóirí, na dúshláin shochaíocha agus na deiseanna atá ann faoi láthair a bhaineann leis an aistriú glas ag an gcéad Fhóram Eorpach um Fhostaíocht agus um Chearta Sóisialta an 16-17 Samhain 2022.

Faoi láthair, is é an costas maireachtála an t-ábhar imní is mó atá ag daoine ar fud an Aontais. Agus tús áite á thabhairt do sholáthairtí fuinnimh mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, is amhlaidh a dhíríonn daoine ar a mbillí a íoc. Má tá an tAontas Eorpach chun a uaillmhianta aeráide a bhaint amach, ní mór na beartais chearta a bheith i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh an t-aistriú cóir go sóisialta agus go dtabharfar gach duine le chéile leis.

Ba é téama an dara heagrán den Fhóram Eorpach um Fhostaíocht agus um Chearta Sóisialta an 16-17 Samhain 2023 tionchar na hintleachta saorga ar shaol na hoibre.

Leis an gclaochlú mear teicneolaíoch agus teicneolaíochtaí digiteacha nua, cruthaítear poist nua, leathnaítear an rochtain ar an oideachas, cuirtear borradh faoin táirgiúlacht agus cuirtear feabhas ar éifeachtúlacht. Mar sin féin, cuireann an dul chun cinn sin i dtábhacht freisin an neamhionannas atá ag dul i méid agus an easpa trédhearcachta ar fud an domhain. Phléigh na cainteoirí ag an bhFhóram conas is féidir linn cothroime, cuimsitheacht agus trédhearcacht a chinntiú agus muid ag dul i ngleic le saol nua na hoibre.

Lean an dul chun cinn is déanaí agus bí páirteach ann

An leathanach seo a chomhroinnt: