Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

An Tionscnamh Fostaíochta don Ógra

Tá an an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ar cheann de na príomhfhoinsí airgid atá ag an Aontas le tacaíocht a thabhairt do Scéimeanna Ráthaíochta don Aos Óg a chur chun feidhme go dtí 2023. Sheol an tAontas an tionscnamh in 2013 chun tacú le daoine óga atá ina gcónaí i réigiúin ina bhfuil an ráta dífhostaíochta i measc na hóige os cionn 25%.

A bhuí leis an maoiniú breise atá ar fáil ón Aontas faoin tionscnamh Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU), is féidir leis na Ballstáit na hacmhainní atá acu faoi TFAO agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa a mhéadú sna blianta 2021-2023 chun cabhrú le daoine óga atá thíos le géarchéim an choróinvíris.

Is le daoine óga nach bhfuil fostaithe ná i mbun oideachais ná oiliúna, agus leo sin amháin a thacaíonn an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg, daoine óga atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine nach bhfuil cláraithe mar chuardaitheoirí poist san áireamh. Dá bharr sin, déantar deimhin de go bhfaigheann daoine óga an tacaíocht a bhfuil gá acu léi, sna codanna sin den Eoraip is mó ina bhfuil gá léi. Go hiondúil, is lena n-aghaidh seo a chuireann an Tionscnamh an t-airgead ar fáil:

  • printíseachtaí
  • tréimhsí oiliúna
  • socrúcháin poist
  • breisoideachas ar mhaithe le cáilíocht a ghnóthú

Tugann an Tionscnamh tacaíocht chun an Scéim Ráthaíochta don Aos Óg a chur i bhfeidhm. De réir na scéime sin, ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a chinntiú go ndéanfar post maith, cúrsa breisoideachais, printíseacht nó tréimhse oiliúna a thairiscint do dhaoine óga nach bhfuil níos sine ná 25 bliana d'aois laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh an scoil a fhágáil nó a bpost a chailleadh.

Is comhlánú é an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ar scéimeanna eile a bhíonn á reáchtáil ar an leibhéal náisiúnta – scéimeanna a bhfuil tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa acu go háirithe – agus a bhfuil mar chuspóir leo Scéimeanna Ráthaíochta don Aos Óg a chur i bhfeidhm. Tá sé d’acmhainn ag Ciste Sóisialta na hEorpa níos mó a dhéanamh ná tacaíocht dhíreach a chur ar fáil don duine aonair, agus go deimhin cuidíonn sé le seirbhísí agus córais fostaíochta, oideachais, oiliúna agus shóisialta a athchóiriú freisin.

Maoiniú

Tréimhse chlárúcháin 2021-2027

Don tréimhse 2021-2027, rinne institiúidí an Aontais an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg a chomhtháthú i gCiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), ar mhaithe le simpliú, agus an bhéim ar fhostaíocht don aos óg á coinneáil san am céanna.  Beidh ar na Ballstáit uile méid iomchuí dá n-acmhainní CSE+ a infheistiú i mbearta spriocdhírithe agus in athchóirithe struchtúracha chun tacú le fostaíocht, oideachas agus oiliúint don aos óg.

Ina theannta sin, na Ballstáit ina bhfuil an ráta daoine óga idir 15 agus 29 mbliana d’aois nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEET) os cionn mheán an Aontais do na blianta 2017-2019, ba cheart dóibh 12.5% ar a laghad dá n-acmhainní CSE+ a chaitheamh ar an óige.

Tréimhse chlárúcháin 2014-2020

Tá buiséad iomlán €8.9 billiún ag an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg don tréimhse 2014-2020. Ba é €6.4 billiún an buiséad tosaigh ach de bharr go raibh na leibhéil dífhostaíochta i measc na n-óg ard i gcónaí, mhéadaigh an tAontas an buiséad sin in 2017, 2019 agus 2020 le hacmhainní breise dar luach €2.5 billiún san iomlán.

Is ó líne bhuiséid atá tiomnaithe don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg a thagann leath an bhuiséid, agus cuirtear an méid céanna leis sin ó CSE. Cuireann na Ballstáit incháilithe cómhaoiniú náisiúnta breise leis na hacmhainní CSE. Cuirtear TFAO i bhfeidhm de réir rialacha Chiste Sóisialta na hEorpa.

Chun dlús a chur le bearta an Tionscnaimh ar an láthair, chuir an tAontas maoiniú nach beag i bhfoirm réamh-mhaoinithe ar fáil do na Ballstáit, agus in 2015 ardaíodh sin go heisceachtúil go dtí 30% den líne bhuiséid atá tiomnaithe do TFAO. 

Bliain Eorpach na hÓige 2022

Thángthas ar an gcomhaontú polaitiúil maidir le Bliain Eorpach na hÓige i mí na Nollag 2021. Le linn 2022 déanfaidh an Coimisiún comhordú ar réimse gníomhaíochtaí i ndlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa, na Ballstáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí óige agus daoine óga iad féin.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Tairseach Eorpach na hÓige.

An leathanach seo a chomhroinnt: