Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas agus cén fáth?

Cén dóigh a gcoisceann an tAontas idirdhealú san áit oibre?

Luach intreach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an comhionannas agus tá cuid de na dlíthe frith-idirdhealaithe is fairsinge ar domhan ag an Aontas.

Tá prionsabal an chomhionannais ann ó laethanta tosaigh an Aontais agus is é is aidhm dó iomaíocht chóir agus cóir chomhionann a chinntiú san áit oibre. Leagadh síos i gConradh na Róimhe, a síníodh in 1957, gur gá pá comhionann a thabhairt d’fhir agus do mhná as obair chomhionann nó as obair ar comhionann a luach. Sna 1970idí thángthas ar chomhaontú faoi na chéad Treoracha maidir le comhionannas inscne.

Síníodh Conradh Amstardam an Aontais Eorpaigh in 1997 agus is é an téacs bunaidh é chun an t-idirdhealú a chomhrac a thuilleadh san Eoraip. Liostaítear ann cúig réimse idirdhealaithe, mar aon leis an idirdhealú ar bhonn gnéis, ar féidir leis an Aontas beart a dhéanamh ina leith: bunadh ciniúil nó eitneach; reiligiún nó creideamh; míchumas; gnéaschlaonadh; agus aois.

Bearta an Aontais in aghaidh an idirdhealaithe

Tá cuid mhór dlíthe in aghaidh an idirdhealaithe achtaithe ag an Aontas in imeacht na mblianta. Leis na dlíthe sin cuirtear cosc ar an idirdhealú bunaithe ar ghnéas, aois, reiligiún nó creideamh, bunadh ciniúil nó eitneach, míchumas nó gnéaschlaonadh.

Leis an gcreat reachtach sin de chuid an Aontais cuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne, lena gcuirtear an chosaint a leanas ar fáil, i measc nithe eile:

  • cosaint ar chóir neamhionann nuair a chuirtear isteach ar phost,
  • cosaint san áit oibre ar dhrochíde agus ciapadh, mar shampla bulaíocht, glaoch ainmneacha agus jócanna faoin duine lena mbaineann,
  • cosaint i gcás ina gcuirtear bac ar dhul chun cinn gairme nó ar oiliúint de dheasca idirdhealaithe,
  • cosaint d’oibrithe atá ag iompar clainne agus do mháithreacha atá ag cothú linbh, cearta ar shaoire mháithreachais agus ar shaoire do thuismitheoirí san áireamh, nó

An phríomhreachtaíocht

  • Le Treoir 2000 maidir le Comhionannas Fostaíochta, cuirtear cosc ar an idirdhealú bunaithe ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.
  • Tá sé luaite i dTreoir 1975 maidir le Pá Comhionann gur cheart deireadh a chur leis an idirdhealú ar bhonn gnéis i dtaca le gach gné den phá.
  • Tá an t-idirdhealú ar bhonn gnéis cumhdaithe freisin i dTreoir 1979 maidir le Comhionannas Inscne (i dtaca le slándáil shóisialta), Treoir 2006 maidir le Comhionannas Inscne (i dtaca le fostaíocht agus gairm), Treoir 2010 maidir le Comhionannas Inscne (le haghaidh daoine féinfhostaithe) agus i dTreoir 2010 maidir le Comhionannas Inscne (i dtaca le saoire do thuismitheoirí, arna hionadú níos déanaí in 2019 ag an Treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil)
  • Le Treoir 2000 maidir le Comhionannas Ciníocha cuirtear cosc ar an idirdhealú bunaithe ar bhunadh ciniúil nó eitneach i gcomhthéacsanna éagsúla saoil, mar shampla an obair, an t-oideachas agus seirbhísí sóisialta.

Tá feidhm ag dlíthe uile sin an Aontais maidir le daoine aonair, gnólachtaí de gach méid, comhlachais, údaráis áitiúla, rialtais agus eagraíochtaí eile san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.

Tá feidhm acu maidir le hidirdhealú ar bhonn saintréithe iarbhír agus idirdhealú ar bhonn dearcthaí.

Mar sin féin, tá cásanna ann ina bhféadfadh údar cuí a bheith le cóir éagsúil, faoi choinníollacha dochta, ar bhonn ceann amháin de na forais choiscthe sin. Tá na cásanna sin liostaithe i dTreoracha an Aontais Eorpaigh. Mar shampla, d’fhéadfadh údar cuí a bheith le hidirdhealú ar bhonn aoise chun fostaíocht oibrithe óga a chur chun cinn dá mbeadh riail náisiúnta ann a thugann ar oibrithe níos sine dul ar scor nuair a shroicheann siad an aois inphinsin.

Cén fáth a ndéanann an tAontas na bearta sin?

Léiríonn suirbhéanna go measann duine as gach ochtar Eorpach go bhfuil sé mar chuid de ghrúpa atá i mbaol idirdhealaithe mar gur ball de mhionlach ciniúil nó eitneach é, mar go bhfuil sé faoi mhíchumas nó mar gheall ar a ghnéas, gnéaschlaonadh, aois nó reiligiún agus creideamh. Ar an drochuair, is cuid den saol san Aontas Eorpach iad go fóill ionsaithe ar mhionlaigh agus an fhuathchaint.

Cuireann an tAontas Eorpach an iliomad cosaintí ar fáil, agus is ceart sin: cosnaítear cearta an duine leo agus is luachanna tábhachtacha iad. Tá ciall leis na cosaintí sin ó thaobh an gheilleagair de chomh maith. Go leor de na grúpaí a chosnaítear le reachtaíocht idirdhealaithe an Aontais, is minic a bhíonn scileanna agus buanna acu nár baineadh leas astu go fóill. Is féidir leis na daoine sin cur leis an éagsúlacht, an chruthaitheacht agus an mheanma san áit oibre. Agus is féidir leo an íomhá atá ag gnólacht i measc na mball foirne, an phobail agus na gcustaiméirí a fheabhsú agus a neartú.

An leathanach seo a chomhroinnt: