Maidir leis na Seirbhísí Tacaíochta Printíseachta Seo a leanas aidhm na Seirbhísí Tacaíochta Printíseachta: Caighdeán agus éifeachtúlacht printíseachtaí ar fud an AE a fheabhsú Tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le printíseachtaí a chur ar fáil Cabhraíonn na Seirbhísí chun pobal printíseachta na hEorpa a neartú agus tacú le Ballstáit an AE a scéimeanna printíseachta a fheabhsú. Cuireann siad tacaíocht ar fáil i dtrí cholún: Roinnt eolais Líonrú Tagairfhoghlaim Roinnt eolais Tairgeann an colún roinnt eolais catalóg dhinimiciúil agus inchuardaithe d’uirlisí, eolas agus faisnéis faoi phrintíseachtaí, a bhfuil seiceáil cáilíochta déanta orthu. Áirítear ann: Leabharlann acmhainní Modúil oiliúna ar líne Seimineáir ghréasáin Líonrú Cothaíonn líonrú agus tacaíocht foghlaim fhrithpháirteach agus forbairt acmhainne trí: Líonrú ar líne Imeachtaí cosúil le cruinnithe le páirtithe leasmhara nó seimineáir foghlama Tagairfhoghlaim Tacaítear le Ballstáit chun caighdeán agus éifeachtúlacht printíseachtaí a fheabhsú trí: Samhail barrfeabhais a bhunú Uirlisí féinmheasúnaithe Tacaíocht spriocdhírithe saineolaithe agus piaraí