Clár an AE um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta (EaSI)
Ionstraim maoiniúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) lena gcothaítear fostaíocht inbhuanaithe ar ardcháilíocht, lena gcinntítear go bhfuil an chosaint shóisialta oiriúnach agus cóir, lena dtéitear i ngleic le heisiamh sóisialta agus ar bhochtaineacht agus lena bhfeabhsaítear dálaí oibre.
Snáithe faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE+) a bheidh sa Chlár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) don tréimhse 2021 – 2027.
Struchtúr agus maoiniú
Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn an clár seo. Tá trí chinn de chláir eile de chuid an Aontais, a bhí á mbainistiú ar leithligh ó 2007 go 2013, cuimsithe ann: PROGRESS, EURES agus Micreamhaoiniú Progress.
Ó Eanáir 2014 i leith, tá an clár bunaithe ar na trí ais sin. Úsáidtear iad le tacú le:
- nuachóiriú beartas fostaíochta agus sóisialta tríd an ais PROGRESS;
- soghluaisteacht post tríd an ais EURES;
- rochtain ar mhicreamhaoiniú agus ar fhiontraíocht shóisialta tríd an ais Micreamhaoiniú agus Fiontraíocht Shóisialta.
EUR 919,469,000 (de réir praghsanna 2013) an buiséad iomlán don tréimhse 2014-2020.
Cuspóirí
- Úinéireacht chuspóirí an Aontais agus comhordú gníomhaíochta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a neartú i réimsí na fostaíochta, na ngnóthaí sóisialta agus an chuimsithe.
- Tacú le forbairt córas cuí cosanta sóisialta agus beartas cuí margaidh saothair.
- Reachtaíocht an Aontais a nuachóiriú agus cur i bhfeidhm éifeachtach na reachtaíochta sin a chinntiú.
- Soghluaisteacht gheografach a chur chun cinn agus deiseanna fostaíochta a mhéadú trí mhargadh saothair oscailte a fhorbairt.
- An micreamhaoiniú a dhéanamh níos inrochtana do ghrúpaí leochaileacha agus do mhicrifhiontair, agus rochtain fiontar sóisialta ar mhaoiniú a mhéadú.
Cloífidh an clár leis na prionsabail a leanas agus na cuspóirí sin á mbaint amach:
- aird faoi leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha, amhail daoine óga,
- an comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn,
- dul i ngleic leis an idirdhealú,
- fostaíocht inbhuanaithe ar ardcháilíocht a chothú,
- cosaint shóisialta oiriúnach agus cóir a chinntiú,
- dul i ngleic leis an dífhostaíocht fadtéarmach,
- cur i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta.
Comhdhálacha
- An Chéad Chomhdháil EaSI (2019): Ó EaSI go ESF+: Tacaíocht a thabhairt d’inbhuanaitheacht tionscadal sóisialta agus fostaíochta
- An Dara Comhdháil EaSI (2021): Tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais