Cairteacha soghluaisteachta gairmoideachais agus gairmoiliúna
Treoir phraiticiúil faoi idirnáisiúnú straitéiseach sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint (ar fáil i mBéarla amháin)
Cairteacha Soghluaisteachta
Tá sé d'aidhm ag Cairt Soghluaisteachta Gairmoideachais agus Gairmoiliúna Erasmus+ spreagadh a thabhairt d'eagraíochtaí a bhfuil dea-theist orthu ó thaobh tréimhsí soghluaisteachta VET d’ardchaighdeán a eagrú d'fhoghlaimeoirí agus do bhaill foirne tuilleadh saothraithe ar na straitéisí atá acu i dtaca le hidirnáisiúnú Eorpach. Is é atá i gceist le hidirnáisiúnú Eorpach, ní hé amháin spreagadh a thabhairt le dul i mbun foghlama i dtír eile atá rannpháirteach in Erasmus+, ach cineálacha cur chuige idirnáisiúnta a fhorbairt ar fud na heagraíochta óna bhfuil daoine ag teacht, mar shampla trí líonrú a dhéanamh le heagraíochtaí i dtíortha eile, foghlaim teangacha eachtracha a chur chun cinn agus cineálacha cur chuige níos leithne i leith an ghairmoideachais agus na gairmiúla a chur san áireamh.
Is é an cuspóir atá ag an léarscáil seo de Shealbhóirí Cairte Gairmoideachais agus Gairmoiliúna cumarsáid agus líonrú a éascú idir eagraíochtaí san earnáil sin ar suim leo tionscadail a eagrú a bhfuil soghluaisteacht foghlaimeoirí agus baill foirne ina gcuid díobh. Ar an gcaoi sin, táthar ag súil leis go mbeidh an léarscáil ina cúnamh chun comhpháirtíochtaí a bhunú.
Ar an léarscáil, taispeántar sonraí 640 Sealbhóir Cairte Gairmoideachais agus Gairmoiliúna ó thíortha a bhí páirteach i dtionscadail Shoghluaisteachta VET faoin rannóg KA1 d'Erasmus+ in 2015 agus 2016. (An nuashonrú is deireanaí ar na sonraí: 20/03/2017).
Míniú ar an léarscáil
Seo roinnt leideanna duit faoin dóigh is fearr le húsáid a bhaint as an léarscáil:
- An t-amharc tosaigh:
- AN LÉARSCÁIL
Ní bhíonn aon sonraí faoi na tionscadail le feiceáil ar an léarscáil i dtosach. - TÍORTHA
Cliceáil ar thír chun líon na Sealbhóirí Cairte atá sa tír sin a fheiceáil.
- AN LÉARSCÁIL
- BRAISLÍ
Má fheiceann tú ciorcal agus uimhir taobh istigh de, sin líon na sealbhóirí Cairte atá ann sa limistéar sin. Cliceáil air le zúmáil isteach. - MARCÓIR
Má tá marcóir ann leis féin, sin áit a bhfuil Sealbhóir Cairte agus is féidir cliceáil air chun sonraí faoin sealbhóir Cairte a fheiceáil sa phána ar dheis. - SONRAÍ
Sna sonraí faoin sealbhóir Cairte tugtar an t-eolas seo: Teideal Dearg = Ceannaire Cuibhreannais, Gorm = Ball de Chuibhreannas agus Glas = Sealbhóir aonair Cairte.
Má bhíonn deacrachtaí agat leis an léarscáil, iarraimid ort sin a chur ar ár súile dúinn, agus cineál do bhrabhsálaí (an leagan san áireamh) agus do chóras oibriúcháin a lua freisin. Tá foirm aiseolais againn chuige sin.