Cosaint Chonsalach
Tá tú ag dul ar thuras nach ndéanfaidh tú dearmad air choíche. Seans nár smaoinigh tú ar cad a dhéanfá dá rachadh rudaí chun donais. B’fhéidir nach dtarlódh sé sin choíche, ach is fearr a bheith réidh.
Má bhíonn deacrachtaí tromchúiseacha agat áit éigin taobh amuigh den Aontas Eorpach agus mura bhfuil ambasáid ag do thír féin ansin, is féidir leat cuidiú a fháil ó ambasáid thír eile AE. Is é sin do cheart mar shaoránach AE. B’fhéidir go mbeadh sin ina lámh tharrthála agat lá amháin.
90 milliún
Líon na dturas a dhéanann Eorpaigh gach bliain lasmuigh den Aontas Eorpach.
4
Líon na dtíortha neamh-AE ina bhfuil ambasáid ag gach tír AE.
7 milliún
Téann beagnach 7 milliún saoránach AE chuig áit, nó le cónaí in áit, nach ndéantar ionadaíocht ar son a tíre inti.
D'fhéadfadh sin tarlú duitse
Is féidir leat cuidiú a fháil ó ambasáid thír eile AE sna cásanna seo a leanas:
Is féidir leis an ambasáid doiciméid
taistil éigeandála a eisiúint.
Féadfaidh an fhoireann teagmháil a dhéanamh leis an teaghlach
nó le cairde sa bhaile duit má bhíonn túsan ospidéal.
Féadfaidh duine ón ambasáid dul in éineacht
leat chuig stáisiún na bpóilíní.
Féadfaidh an fhoireann cuidiú a thabhairt chun an bás a chur in iúl don neasghaol agus cuidiú leat bás a chlárú.
Féadfaidh an t-ambasáid faisnéis a chur ar fáil faoin gcóras dlí áitiúil, nó cuidiú leat dlíodóir a fháil.
Mar shampla i gcás tubaiste nádúrtha nó corraíl shibhialta.

Gheobhaidh tusa agus do theaghlach cúnamh ar an talamh pé áit a mbeidh tú ar domhan, fiú mura ndéantar ionadaíocht ar son do thíre ansin.
Caithfear leat ar an mbealach céanna a chaithfear le saoránach den tír a bheidh ag cuidiú leat. Ní dhéanfar leithcheal ar bith.
Seiceáil an bhfuil ambasáid nó consalacht ag do thír sa tír a bhfuil tú ag dul chuici
Níl ambasáid nó consalacht ann?
Breac síos an uimhir theileafóin