Ionadaíocht in Éirinn

An Páipéar Bán maidir le Todhchaí na hEorpa: a bhfuil i ndán do 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh – machnamh agus cásanna féideartha

Tá an díospóireacht i dtaobh thodhchaí na hEorpa faoi lán seoil. Ba mhian linn do thuairimí i dtaobh an Pháipéir Bháin a fháil. Abair linn cad is dóigh leat.

Do thuairimí a thabhairt


Sa Pháipéar Bán a chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an 1 Márta, leagtar amach conairí éagsúla is féidir leis an Eoraip a ghabháil san am atá le teacht. Is iomaí dúshlán atá romhainn, amhail an domhandú, tionchar na nuatheicneolaíochtaí ar an tsochaí agus ar phoist, cúrsaí slándála agus fás an phobalachais, agus caithfimid deimhin a dhéanamh de nach n-éireoidh na dúshláin sin sa mhullach orainn, ach gurb amhlaidh a chuirfimid chun deise dúinn féin iad.

Sin é an chúis a bhfuil cúig chás fhéideartha leagtha amach sa Pháipéar Bán, cásanna a thugann léargas ar an gcineál foráis a d'fhéadfadh a theacht ar an Aontas, de réir mar a thogróimid gníomhú.

Tosach na díospóireachta seo, agus ní hé a dheireadh, atá sa Pháipéar Bán. Is é Cruinniú Mullaigh na Róimhe, an 25 Márta, an chéad chéim eile. Ag an gcruinniú mullaigh sin, tiocfaidh ceannairí an Aontais Eorpaigh i gceann a chéile chun comóradh a dhéanamh ar shíniú Chonarthaí na Róimhe 60 bliain ó shin, a marana a dhéanamh ar ar baineadh amach san am atá caite agus plé a dhéanamh ar an saghas todhchaí choiteann ab fhéidir agus ba cheart a bheith againn.

Leanfar go dúthrachtach den obair ina dhiaidh sin sa chaoi is go mbeidh againn plean, fís agus bealach chun tosaigh le cur i láthair an phobail in am do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2019.

Tá cead cainte againn ar fad: ar ár lámh féin againn atá todhchaí na hEorpa.