Ionadaíocht in Éirinn

An Comhbheartas Iascaigh

Mar gur oileán í Éire bhí an iascaireacht tábhachtach riamh don gheilleagar agus don tsochaí, agus tá i gcónaí.

Na huiscí nádúrtha glana atá thart timpeall ar imeallbhord na hÉireann, agus a bhfuil fad 7,500km iontu, tá siad ina bhfoinse scothbhia mara leis na mílte bliain, agus is tábhachtach an saibhreas sin a chaomhnú do na glúine atá le teacht.

Na báid seoil, na sleánna agus na heangacha garbha a d'úsáid ár sinsir, níor chuir siad jabanna, an timpeallacht chósta ná stoic éisc i mbaol mar atá á dhéanamh ag soithí agus modhanna iascaireachta an lae inniu.

Tá trálaeir thráchtála an lae inniu in ann achair fhada a thaisteal ar muir agus tá castainní a oibríonn le cumhacht an uisce feistithe ar roinnt acu atá in ann go leor tona iasc a ghabháil in aon eangach amháin.

San 20ú haois, is beag nár díothaíodh roinnt stoc éisc de dheasca ró-iascaireachta agus thruailliú na farraige, rud a d'fhág gur ghá tionscal na hiascaireachta a chur faoi rialú.

Sa lá atá inniu ann, is trí Chomhbheartas Iascaigh an Aontais Eorpaigh a thugtar tacaíocht do leas iascairí, do phobail iascaireachta agus do thomhaltóirí táirgí éisc na hÉireann, agus thángthas ar chomhaontú faoin gComhbheartas sin tar éis idirbheartaíochta idir na 28 mBallstát ar fad.

Is ábhar conspóide é CBI in Éirinn go minic ach cuimhnímis gurb é an príomhchuspóir atá leis an tionscal bia mara agus an comhshaol muirí a chosaint do na glúine atá le teacht.

 

Fíricí iascaireachta

 

Graf ina dtaispeántar an fás ar easpórtálacha bhia mara na hÉireann

 

  • Nuair a chuirtear grinneall ár bhfarraigí san áireamh, tá Éire ar cheann de na tíortha is mó san Aontas Eorpach agus cearta ceannais nó eisiacha aici ar cheann de na cóimheasa is mó idir muir agus tír (breis agus 10:1) dá bhfuil ag aon Bhallstát.
  • Tá ráta fáis an gheilleagair mhara in Éirinn dhá oiread níos mó ná ráta fáis an gheilleagair ina iomláine. Tháinig fás 9% air idir 2010 agus 2012 agus tháinig fás de bhreis agus 8% air idir 2012 agus 2014.
  • Meastar gur bhain easpórtálacha bia mara na hÉireann €540 milliún amach in 2014, ardú 70% ar fhigiúr 2009, tráth a baineadh €315 milliún amach.
  • Is chuig margaí in 80 tír ar fud an domhain a easpórtálann Éire a cuid bia mara. Ar na cinn scríbe is mó le haghaidh na n-easpórtálacha tá an Fhrainc, an Ríocht Aontaithe, an Spáinn, an Nigéir agus an Iodáil. San iomlán díoltar 63% d'easpórtálacha bhia mara na hÉireann i margaí an Aontais Eorpaigh.
  • Ar an leibhéal domhanda tá Éire ar thús cadhnaíochta i ndobharshaothrú orgánach, earnáil ina dtáirgtear 20,000 tona bradáin orgánaigh agus diúilicíní in aghaidh na bliana.
  • Is chuig na ceithre phríomhmhargadh san Áis (an tSín, Hong Cong, an Chóiré Theas agus an tSeapáin) a chuaigh 8% de luach iomlán díolachán easpórtálacha bhia mara na hÉireann in 2014.
  • Tá an tSín ar cheann de na margaí is tapúla fás le haghaidh bhia mara na hÉireann, agus tháinig méadú 56% ar easpórtálacha chun na tíre sin sa chéad leath den bhliain in 2014 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2013.
  • I dtaca le heaspórtálacha bhradán na hÉireann, tá margadh na Fraince i bhfad chun cinn ar thíortha eile, nó is ansin a chuaigh 56% de luach iomlán na ndíolachán in 2014.
  • A bhuí le geilleagar an aigéin, geilleagar ina gcuimsítear turasóireacht mhara, bia mara agus loingseoireacht, meastar go raibh fostaíocht lánaimseartha ag 18,480 in 2014.
  • Le cois na ndaoine atá fostaithe go díreach i dtionscail mara na hÉireann, fostaítear 13,000 duine breise i gcodanna eile den gheilleagar, rud a thugann isteach €3.3 billiún breise ó thaobh láimhdeachais de do gheilleagar na hÉireann.
  • Thug geilleagar an aigéin láimhdeachas arbh fhiú €4.2 billiún é in 2012, figiúr ar tháinig fás air go dtí €4.5 billiún in 2014.
  • Den chuid is mó, tá tionscal próiseála bia mara na hÉireann comhdhéanta d'fhiontair bheaga ina bhfuil níos lú ná deichniúr fostaithe.
  • In 2015 cuireadh borradh faoi bhearta na hÉireann doingean mara a chosaint le teacht i bhfeidhm rialacha nua an Aontais Eorpaigh a chuireann cosc ar iascaireacht trachtála sa Mhuir Cheilteach, i Muir Éireann, i ndeiseacht na hÉireann agus in Iarthar na hÉireann chun stoic éisc a chosaint agus deis a thabhairt dóibh éisc óga a tháirgeadh sula ngabhtar iad.
  • Is iad oibritheoirí éisc eite, sliogéisc, éisc dheataithe, éisc pheiligigh agus éisc ghil is mó atá i dtionscal bia mara na hÉireann. Cuideachtaí sliogéisc is mó a bhíonn i bhformhór na gcuideachtaí próiseála éisc in Éirinn.
  • Meastar go dtiocfaidh méadú 42 mhilliún tona ar éileamh domhanda bia mara le linn na ndeich mbliana atá romhainn amach. Tá sé mar chuspóir ag Éirinn díolacháin iomlána bia mara a mhéadú go dtí €1 billiún agus 1,200 post breise a chruthú faoi 2017 faoi straitéis de chuid an Rialtais ar a dtugar 'Fómhair Bia 2020'.
  • D'éirigh le taighdeoirí mara as Éirinn €5.5 milliún de mhaoiniú tionscadail a fháil ó chlár Fís 2020 an Aontais Eorpaigh i Nollaig 2014, trí huaire an mheánmhéid a chuirtear ar fáil de ghnáth do lucht eolaíochta uile na hÉireann.
  • Tá €200 milliún curtha in áirithe le haghaidh taighde agus nuálaíocht mhara san Eoraip in 2014 agus in 2015 faoi chlár Fís 2020 an Aontais Eorpaigh. Idir 2007 agus 2013, fuair taighdeoirí mara in Éirinn breis agus €50 milliún de mhaoiniú ó fhoinsí de chuid an Aontais, e.g. FP7 agus INTERREG.
  • Mar thoradh ar ró-iascaireacht sa Mhuir Thuaidh, i Muir Éireann agus sa Mhuir Cheilteach, tá teip ar go leor stoc éisc le breis agus fiche bliain anuas ach tá sé mar aidhm leis an gComhbheartas Iascaigh deireadh a chur leis an gcleachtas sin ar fud na hEorpa faoi 2020 ar a dhéanaí.

 

Buntáistí an Chomhbheartais Iascaigh

Is é príomhchuspóir an Chomhbheartais Iascaigh féachaint chuige go gcomhlíontar na riachtanais atá ag tionscal iascaireachta an Aontais faoi láthair, gan stoic éisc a chur i mbaol do na glúine atá le teacht.

Ina cheann sin, féachtar trína bhíthin le hioncam a chinntiú d'iascairí agus soláthar rialta de bhia mara ar ardchaighdeán a chur ar fáil ar phraghsanna réasúnta don tomhaltóir agus san am céanna éiceachórais an chósta a choimeád slán.

Tá an tionscal iascaireachta faoi bhagairt ar fud an domhain agus dá bhrí sin tá comhaontuithe comhpháirtíochta i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach le farraigí agus aigéin an domhain a bhainistiú ar shlí rialáilte, thrédhearcach agus inbhuanaithe.

Tugann na comhaontuithe sin cead d'iascairí an Aontais dul i mbun iascaireachta in uiscí atá i bhfad óna dteorainneacha náisiúnta mar chúiteamh ar íocaíocht a ligeann do thíortha nach bhfuil san Aontas infheistíocht a dhéanamh ina dtionscail iascaireachta agus stoic éisc a mhéadú ar fud an domhain.

Seo roinnt de na saincheisteanna tábhachtacha a dtugtar aghaidh orthu in CBI:

  • Stoic éisc a chaomhnú: Is minic a leanann iarmhairtí millteanacha an ró‑iascaireacht, ach tá CBI ag cuidiú chun fairraigí na hEorpa a bhainistiú agus a chosaint do na glúine atá le teacht. I limistéar Oirthuaisceart an Atlantaigh, an Mhuir Bhailt agus an Mhuir Thuaidh san áireamh, tháinig titim ar ró‑iascaireacht ó 86% (de na 35 stoc a ndearnadh measúnú orthu, bhí ró-iascaireacht á dhéanamh ar 30 díobh) in 2009 go 41% (19 as 46 stoc) in 2014. Mar sin féin, tá fadhbanna móra ann go fóill sa Mheánmhuir, áit a ndéantar ró‑iascaireacht ar 96% d'éisc a mhaireann gar do ghrinneall na farraige agus ar 71% d'éisc a mhaireann leath bealaigh thíos, agus sa Mhuir Dhubh, áit a ndéantar ró‑iascaireacht ar na stoic éisc ar fad a mhaireann gar do ghrinneall na farraige agus ar 33% de stoic d'éisc pheiligeacha. Tá sé mar aidhm le Córas Bainistithe Iascaigh an Aontais teacht ar chothroime idir stoic éisc a shábháil agus tionscadal brabúsach a chinntiú don iascaireacht. 
  • Rialacha a chur i bhfeidhm: Úsáidtear córas rialúcháin leis na rialacha a aontaíodh faoi CBI a chur i bhfeidhm le stoic éisc a chaomhnú agus an comhshaol muirí a chosaint. Cinntíonn an córas sin nach ngabhtar ach na méideanna éisc atá ceadaithe agus gur féidir bearta a dhéanamh i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach. Má dhéanann Ballstát ró-iascaireacht, cúitítear an ró-iascaireacht sin trí chuótaí laghdaithe.
  • Cabhlach iascaireachta: Ceann de na dúshláin is mó atá roimh thionscal iascaireachta an domhain is ea go bhfuil an iomarca bád ann agus gan go leor iasc ann dóibh. Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh an brú ar stoic éisc a laghdú trí theorainn a chur le méid iomlán a chabhlaigh iascaireachta agus ar a thoilleadh gabhála agus rialáil a dhéanamh ar an méid ama is féidir le soithí bheith i mbun iascaireachta. 87,445 – líon iomlán na soitheach iascaireachta a bhí sna 28 mBallstát in 2014. Sin 19,284 soitheach níos lú ná líon 1995, tráth a bhí 15 Bhallstát ann. Mar sin féin, ní mór an líon sin a laghdú níos mó. In 2014 bhí 2,202 soitheach cláraithe i gcabhlach na hÉireann nó olltonnáiste iomlán 643,000.
  • Maoiniú: In 2014, tugadh isteach, leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, modhanna tacaíochta do thionscal na hiascaireachta agus do phobail chósta trí chúnamh airgid a thabhairt dóibh le go bhféadfaidh siad dul i dtaithí ar dhálaí athraitheacha na hearnála. Faoin ngléas maoinithe a bhí ann roimhe, an Ciste Eorpach Iascaigh (CEI), a bhí ar bun ó 2007 go dtí 2013, fuair Éire maoiniú€42,266,603 ó chistí an Aontais Eorpaigh. Fuair Éire maoiniú €70 milliún ón Aontas Eorpach idir 2000 agus 2006. Chuir an t-airgead sin tacaíocht ar fáil do 850 tionscadal Éireannacha sa tréimhse sin. Ag praghsanna an lae inniu tá breis agus €147.6 milliún curtha in áirithe d'Éirinn faoi CEMI idir 2014 agus 2020. Tá suim bhreise cómhaoinithe €94 milliún á tabhairt ag Rialtas na hÉireann freisin, rud a fhágann go mbeidh breis agus €241 milliún ar fáil. Tá an t-airgead á chaitheamh ar chlár leathan ar a dtugtar an Clár um Fhorbairt Táirgí Bia Mara.
  • Cáilíocht agus Praghas: Cinntíonn an Comhbheartas Iascaigh go bhfaigheann táirgeoirí, próiseálaithe agus dáileoirí praghas cothrom ar a gcuid táirgí. Cuirtear caighdeáin chun cinn agus cuirtear rialacha i bhfeidhm lena gcinntítear gur féidir muinín a bheith ag tomhaltóirí go bhfuil a gcuid bia mara slán. Tháinig rialacha nua i bhfeidhm maidir le lipéadú táirgí bia mara i bhFeabhra 2015.

 

Leasú an Chomhbheartais Iascaigh

Trálaer iascaireachta

Is le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Eanáir go Meitheamh 2013), i mBealtaine 2013, a thángthas ar chomhaontú faoi leasú an Chomhbheartais Iascaigh. Ba é sin an chéad mhórleasú a rinneadh air ó bhí 2002 ann. Ar cheann de na leasuithe a rinneadh bhí bearta chun ró-iascaireacht a chosc agus chun deireadh a chur leis an ngnás conspóideach sin, éisc a chaitheamh thar bord. Tháinig an Comhbheartas Iascaigh nua i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014 agus táthar á chur i bhfeidhm le cuidiú ó chiste nua a bhfuil €6.4 billiún ann, ar a dtugtar an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), le haghaidh na tréimhse 2014–2020.

Seo roinnt de phríomhghnéithe an Chomhbheartais Iascaigh is déanaí:

  • Táirgeacht
    Bainisteofar an iascaireacht de réir a chéile ar leibhéal na huastáirgeachta inbhuanaithe (MSY), agus tabharfar urraim do chomhairle eolaíoch i dtaca le cuótaí a leagan síos. Faoi 2015, agus faoi 2020 ar a dhéanaí , bainisteofar stoic éisc uile an Aontais ar leibhéil na huastáirgeachta inbhuanaithe.
  • Éisc aischurtha
    Éisc aischurtha – mar gheall ar an gcleachtas sin, meastar gur caitheadh 23% den ghabháil éisc iomlán ar ais san fharraige in 2013. Cuirfear deireadh leis an gcleachtas sin – éisc a chaitheamh ar ais thar bord ar an ábhar go bhfuil siad róbheag nó nach bhfuil cuóta ag an iascaire – de réir a chéile idir 2015 agus 2019 trí bhíthin oibleagáid a chur ar iascairí i dtaca le gabháil a thabhairt i dtír. Faoin oibleagáid sin, ní mór gach gabháil a choinneáil ar bord, ansin í a thabhairt i dtír agus a chomhaireamh i gcoinne cuótaí. Ní féidir éisc atá róbheag a chur a fáil ar an margadh lena gcaitheamh ag daoine.
    In 2015, tar éis di dul i mbun caibidlíochta shocraigh Éire plean leis na sé thír san Aontas atá i nGrúpa Uiscí an Iarthuaiscirt chun aischur éisc a laghdú.
  • Bainistiú
    Leis an gComhbheartas Iascaigh nua is faoi rialtais na mBallstát, iascairí áitiúla agus grúpaí leasmhara eile a bheidh sé feasta cinntí a dhéanamh faoi bhearta teicniúla agus bearta caomhnaithe agus tá deireadh le mionbhainistiú a bheith á dhéanamh sa Bhruiséil. As seo amach, ní dhéanfaidh reachtóirí an Aontais ach an creat ginearálta, na spriocanna ginearálta, na táscairí feidhmíochta agus amchláir a shonrú agus ansin fágfar gnéithe praiticiúla an chur chun feidhme faoi na Ballstát.
  • Cabhlach iascaigh
    Ní mór do na Ballstáit a chinntiú go bhfuil acmhainn a gcabhlach ag teacht leis an acmhainn iascaireachta atá ina gcuid uiscí. Ní mór d'aon Bhallstát a bhfuil ró-acmhainn aige plean gníomhaíochta a ullmhú chun a chabhlach a laghdú.
  • Iascach ar mhionscála
    Is minic a bhíonn an t-iascach cósta ar mhionscála an-tábhachtach don saol sóisialta agus cultúrtha i gcuid mhór de réigiúin chósta na hEorpa. Is é a dhéantar sa Chomhbheartas Iascaigh leasaithe an tréimhse ina bhfuil sé de cheart ag Ballstáit srian a chur ar iascaireacht i saincheantar atá taobh istigh de 12 mhíle mara ón gcósta a chur siar go dtí 2022, chun cabhrú le cosaint an éiceachórais uisce.
  • Dobharshaothrú
    Tá na Ballstáit ag ullmhú pleananna straitéiseacha náisiúnta chun bacainní riaracháin agus araile a bhaint chun sochair an tionscail dobharshaothraithe, agus san am céanna, na caighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha atá i bhfeidhm i dtionscal na feirmeoireachta éisc a chomhlíonadh. Beidh creat nua le haghaidh dobharshaothrú ina thacaíocht mhór le táirgeadh agus soláthar bia mara san Aontas Eorpach a mhéadú agus an spleáchas ar éisc a iompórtáil a laghdú. Is i Meitheamh 2015 a leag Éire amach a cuid moltaí i dtaobh a phlean.
  • Sonraí eolaíocha
    Leis an gComhbheartas Iascaigh nua, bunaítear rialacha bunúsacha do na Ballstáit maidir le bailiú, caomhnú agus comhroinnt sonraí faoi stoic éisc, faoi chabhlaigh agus faoin tionchar a bhíonn ag an iascaireacht ar imchuach na farraige. Beidh faisnéis eolaíoch níos fearr ann mar gheall air seo, rud a bheidh ina chuidiú chun beartais a cheapadh agus bainistiú a dhéanamh amach anseo.
  • Beartas margaidh
    Déanann beartas margaidh an Chomhbheartais Iascaigh iomaíochas thionscal an Aontais a láidriú, trédhearcacht mhargadh an bhia mara a fheabhsú agus cothromas a chinntiú i dtaca leis na táirgí ar fad a chuirtear ar an margadh san Eoraip. A bhuí le caighdeáin nua i dtaca le lipéadú, cáilíocht agus inrianaitheacht tabharfar faisnéis níos fearr do thomhaltóirí agus cuideofar leo a gcuid limistéar iascaireachta a dhéanamh inbhuanaitheach.
  • Freagracht idirnáisiúnta
    Cuireann an tAontas Eorpach na nithe seo a leanas chun cinn: inbhuanaitheacht, dea‑rialachas agus prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus smacht reachta i gcomhaontuithe déthaobhacha iascaireachta le tíortha atá taobh amuigh den Aontas Eorpach. Tá na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe ag teacht i gcomharba ar na comhaontuithe atá ann faoi láthair agus cúiteofar na tíortha comhpháirtíochta as ucht rochtain a thabhairt ar a n-acmhainní iascaigh. Lena chois sin, tabharfar cúnamh airgeadais dóibh chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun feidhme.

 

Éire agus an Comhbheartas Iascaigh

De réir sonraí faoi luach gabhála a cuireadh i dtoll a chéile i dtionscadal acadúil a rinneadh i SAM i dtaca le hiascach, de réir na sonraí sin bhain Éire leas mór as bheith ina Ballstát den Aontas Eorpach.

Mar chuid den tionscadal The Sea around Us Project, tionscadal a rinneadh in Ollscoil British Columbia, bailíodh sonraí i dtaca le huiscí na hÉireann sna blianta idir 1950 agus 2004 a thagann salach ar an míthuairim gur chaill Éire amach ar ghabhálacha Éireannacha éisc a chuaigh chun tairbhe don chuid eile den Aontas Eorpach i ndiaidh di dul isteach san Aontas.

Ar phraghsanna 2000 i ndollair SAM, is é $16.8 billiún luach iomlán na n-iasc a baineadh amach as uiscí na hÉireann ó 1950 go 2004. Sula ndeachamar isteach san Aontas Eorpach ba é $4.8 billiún luach na gabhála idir 1950 agus 1973 agus i ndiaidh dúinn dul isteach san Aontas ba é $11.9 billiún an luach a bhí uirthi idir 1973 agus 2004.

Roimh 1973, ní raibh Éire ag tógáil ach 12% den ghabháil éisc a bhí in uiscí na hÉireann. I ndiaidh di dul isteach san Aontas Eorpach d'éirigh an sciar sin chomh hard le 40%, ach ba é 30% an sciar a bhí ann ar an meán ina dhiaidh sin.

Ar an taobh eile den scéal, d'imigh leathchuid de ghabháil na Fraince as uiscí na hÉireann ó 42% sula ndeachamar isteach san Aontas go dtí 21% in 2004 – agus tá an laghdú sin ag leanúint leis.

Ba ghnách leis na Rúisigh 20% d'éisc Éireannacha a sciobadh ar shiúl ach is ar éigean atá cead isteach acu ar uiscí na hÉireann anois. Ó chuamar isteach san Aontas Eorpach, níor éirigh leo ach méid suarach a ghabháil, 3.7%, agus formhór an mhéid sin idir 1973 agus 1977, sular sainmhíníodh go foirmiúil Crios Eacnamaíoch Eisiach (CEE) Muirí na hÉireann.

Sula ndeachamar isteach san Aontas ní raibh sé ar ár gcumas patrólú a dhéanamh ar uiscí na hÉireann agus ní raibh aon aitheantas dlíthiúil ann le haghaidh eisiacht na n-uiscí sin níos faide amach ná 12 mhíle ón gcósta agus sin ba chúis leis na gabhálacha ísle.

Tháinig athrú air sin i 1976 nuair a síneadh CEE Muirí na hÉireann amach ó 12 mhíle go 200 míle agus nuair a dhíol an tAontas Eorpach as ceithre shoitheach nua cosanta – LÉ an Deirdre, an Emer, an Aoife agus an Aisling – le go bhféadfaimis patrólú a dhéanamh ar ár n-uiscí féin.

Léirítear sna sonraí ó SAM nach raibh gabháil na hÉireann riamh ní ba mhó ná 1.25% d'Olltáirgeacht intíre (OTI) na tíre. Déanta na fírinne, ó bhí deireadh na 1970í ann, ní raibh luach na n-iasc a baineadh amach as uiscí na hÉireann riamh ní ba mhó ná 2% d'OTI na hÉireann i mbliain ar bith agus ní raibh de luach air ach aon cheathrú faoin gcéad dár n-OTI in 2004.

Léiríonn na figiúirí sin nach raibh Éire ina tír inmharthanach iascaireachta sula ndeachaigh sí isteach san Aontas, agus fiú dá n-éireodh linn gach iasc a gabhadh in uiscí na hÉireann a choinneáil dúinn féin, fós ní bheadh sí ina tír inmharthanach iascaireachta.

 

An feachtas DOSCARTHA

Easkey Britton

Tá feachtas agus clár le haghaidh iascaireacht inbhuanaithe á reáchtáil ag an Aontas Eorpach ar a dtugtar DOSCARTHA agus é mar aidhm leis daoine a spreagadh le héisc ó fhoinsí inbhuanaithe a ithe, a cheannach agus a dhíol, agus bheith gníomhach san fheachtas chun feabhas a chur ar na haigéin atá thart orainn.

Tá sé mar aidhm leis an bhfeachtas sin an dóigh a smaoinímid faoi na héisc a ithimid agus an dóigh sin a athrú chun iascaireacht a dhéanamh níos inbhuanaithe. Mar thomhaltóirí ní mór bheith meabhrach ina mbaineann lenár gcuid bia mara - an t-am a cheannaímid é, an áit a gceannaímid nó a ndíolaimid é, an dóigh a n-ithimid é - mar go bhfuil tionchar nach beag ag na gnéithe sin ar fad ar an acmhainn luachmhar bia seo.

Tá Easkey Britton, bean as Dún na nGall, ina hambasadóir don fheachtas DOSCSARTHA. Tá clú domhanda uirthi mar scimeálaí agus mar thaighdeoir de chuid Too Big To Ignore (Rómhór chun neamhaird a dhéanamh air), gréasán taighde a tharraingíonn aird an phobail ar chás na n-iascach beag.

Is féidir leat léamh faoina ról mar ambasadóir don fheachtas anseo.

Naisc áisiúla