Ionadaíocht in Éirinn

An Comhshaol

/ireland/file/environment-introjpg_gaenvironment-intro.jpg

Grafaic faoin gcomhshaol
cóipcheart
Is iad an t-aer glan úr agus na tírdhreacha méithe glasa a mheallann na milliúin cuairteoir go hÉirinn gach bliain agus is mór an clú agus an cháil atá ar ár gcomhshaol nádúrtha gan mhilleadh ar fud an domhain.

Is den tábhacht aire a thabhairt dár n-acmhainní nádúrtha agus dár ngnáthóga agus iad a chosaint, agus ní in Éirinn amháin, óir tá an truailliú agus an t-athrú aeráide ag cur thodhchaí an phláinéid seo i mbaol.

Is í Ard-Stiúrthóireacht Comhshaoil (AS Comhshaoil) an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach as beartas an Aontais sa réimse seo. Bunaíodh an Ard-Stiúrthóireacht sin in 1973 chun comhshaol na hEorpa a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú do ghlúin an lae inniu agus do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.

Is é an Coimisiún a dhéanann tograí beartais agus reachtaíochta ar mhaithe le gnáthóga nádúrtha a chosaint, an t-aer agus an t-uisce a choinneáil glan, diúscairt dramhaíola chuí a chinntiú, an t-eolas faoi cheimiceáin thocsaineacha a fheabhsú, agus cuidiú a thabhairt do ghnólachtaí dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh cheist an gheilleagair inbhuanaithe.

Tá rian na mbeartas sin le sonrú ar reachtaíocht na hÉireann agus cuidíonn AS Comhshaoil leis na Ballstáit uile dlí comhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm mar is ceart.

Is é an Clár Gníomhaíochta Comhshaoil ar a dtugtar Muid ag Maireachtáil go Maith faoi Shrianta ár bPláinéid atá ag treorú bheartas comhshaoil na hEorpa go 2020, ar clár é a aontaíodh le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2013.

Fíricí faoin gcomhshaol

  • Tháinig méadú tuairim agus 0.8°C ar an teocht in Éirinn ó bhí 1900 ann. Is ionann sin a bheag nó a mhór agus méadú 0.07°C ar an meán in aghaidh gach deich mbliana. B'ionann an méadú don tréimhse 1980-2008 agus 0.14º C gach deich mbliana.
  • Mura dtiocfadh ach ardú idir 0.5m agus 1m ar mheánleibhéal na farraige idir seo agus deireadh an chéid seo, fara borradh stoirme ó am go chéile, d'fhéadfadh suas le 1,000km2 den talamh feadh chósta na hÉireann a bheith faoi uisce na farraige dá dheasca sin.
  • Meastar go dtiocfaidh méadú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann agus, sa chás is fearr, ní bhainfidh an tír ach laghdú 1% amach faoi 2020, i gcomparáid leis an sprioc 20%. De réir réamh-mheastacháin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), níl Éire ag dul sa treo ceart chun na spriocanna do 2030 ná 2050 a bhaint amach.
  • Thar aon earnáil eile in Éirinn, is í an talmhaíocht is cúis leis an sciar is mó d'astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann, is é sin 33.3% den iomlán. Is iad na hearnálacha iompair agus fuinnimh atá sa dara háit (19.8%) agus sa tríú háit (19.3%) faoi seach i dtaca le hastaíochtaí de.
  • De réir tuarascáil de chuid EPA maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh, in 2017 níor comhlíonadh na caighdeáin cóireála fuíolluisce i 28 gceann den 179 gcathair agus baile mór in Éirinn, caighdeáin atá leagtha síos chun truailliú a chosc agus an tsláinte phoiblí a chosaint.
  • Tá dea-bhail ar ithreacha na hÉireann, cé is moite de phortaigh na tíre. An cúigiú cuid nach mór de thalamh na hÉireann, aicmítear ina thalamh portaigh é, agus feidhmíonn sé mar a bheadh stóras fadtéarmach carbóin ann. Má dhéantar damáiste dó, ámh, feidhmeoidh sé ar a mhalairt de chuma, is é sin le rá scaoilfidh sé carbón – an ní is mó is cúis leis an athrú aeráide – isteach san atmaisféar.
  • Maidir le cáilíocht an uisce óil i soláthar poiblí na hÉireann, in 2017 ba é 99.9% leibhéal an chomhlíonta micribhitheolaíochta agus 99.6% leibhéal an chomhlíonta cheimicigh. Ag deireadh 2017 bhíothas ag moladh do 41 duine a n-uisce a bheiriú, i gcomparáid le 5,654 duine ag deireadh 2016. Mar sin féin, de réir Liosta Gnímh Feabhais EPA, i mí Eanáir 2019 bhí easnaimh thromchúiseacha i 63 soláthar uisce a sholáthraíonn, le chéile, uisce do 555,689 tomhaltóir.
  • Tugann an fhianaise is déanaí le fios go bhfuil caipiteal bithéagsúlachta na hÉireann ag dul i léig agus go bhfuil sé go mór i mbaol iarmhairtí an athraithe aeráide. Is é is aidhm do Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh deireadh a chur le cailliúint na bithéagsúlachta.
  • De réir na tuarascála is déanaí ar cháilíocht uisce snámha na hEorpa, chomhlíon 71.8% de na láithreacha snámha in Éirinn a ndearnadh monatóireacht orthu in 2017 an caighdeán cáilíochta “sármhaith”, is é sin an caighdeán is airde agus is déine san Aontas Eorpach maidir le huiscí atá saor ó thruailleáin den chuid is mó. Ba é 85% an meán san Aontas iomlán.
  • Tháinig méadú 19% ar an bhfuinneamh in-athnuaite iomlán in Éirinn in 2017. Tháinig laghdú 20% ar úsáid an ghuail le linn na tréimhse céanna.

An tAontas Fuinnimh

Tionscadal tosaíochta de chuid an Aontais is ea an tAontas Fuinnimh agus is ceann de 10 dtosaíocht pholaitiúla Choimisiún Juncker é freisin.

Leis an Aontas Fuinnimh cinntítear go bhfuil teacht san Eoraip ar fhuinneamh slán inacmhainne nach ndéanann díobháil don aeráid agus cruthaítear poist nua sa Gheilleagar Ciorclach, áit a bhfuil laghdú mór ar an diomailt agus ar úsáid acmhainní.

Tá straitéis an Aontais Fuinnimh bunaithe ar chúig cinn de réimsí beartais a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile, lena n-áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, rud a dhéanfaidh spleáchas na hEorpa ar fhuinneamh iompórtáilte a laghdú agus astaíochtaí díobhálacha a laghdú freisin.

Trí shlándáil, dlúthpháirtíocht agus iontaoibh a chothú idir na Ballstáit cuideoidh sin leis na foinsí fuinnimh ar a bhfuil tarraingt ag an Eoraip a éagsúlú agus iad a dhéanamh níos sláine. As margadh inmheánach fuinnimh atá go hiomlán comhtháite tiocfaidh saorshreabhadh fuinnimh ar fud an Aontais.

Is gné ríthábhachtach den Aontas Fuinnimh iad straitéisí agus spriocanna aeráide uaillmhianacha lena laghdaítear astaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena bhfágtar an Eoraip ar thús cadhnaíochta maidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh. Ina theannta sin, tacófar le dul chun cinn i réimsí an ísealcharbóin agus an fhuinnimh ghlain trí thús áite a thabhairt don taighde, don nuálaíocht agus don iomaíochas.

An Geilleagar Ciorclach

/ireland/file/environment-circulareconomyjpg_gaenvironment-circular_economy.jpg

Íomhá a léiríonn an Geilleagar Ciorclach
cóipcheart
In 2015 ghlac an Coimisiún Eorpach Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a ceapadh chun dramhaíl a laghdú agus chun lántairbhe a bhaint as acmhainní in-athnuaite.

Leis an nGeilleagar Ciorclach cuirfear borradh faoi iomaíochas na hEorpa, déanfar an geilleagar agus earnáil na tionsclaíochta a nuachóiriú chun poist a chruthú, déanfar an comhshaol a chosaint agus spreagfar fás inbhuanaithe.

Tá gach ceann den 54 bheart atá leagtha amach sa phlean gníomhaíochta á dhéanamh nó á chur chun feidhme agus, dá bharr sin, is féidir a mheas go bhfuil sé curtha i gcrích.

In 2016 fostaíodh breis agus ceithre mhilliún oibrí in earnálacha a bhaineann leis an nGeilleagar Ciorclach, sin méadú 6% i gcomparáid le 2012.

In 2016 gineadh beagnach €147 mbilliún agus rinneadh infheistíocht de thart ar €17.5 billiún de thoradh gníomhaíochtaí ciorclacha ar nós obair dheisiúcháin, na hathúsáide agus na hathchúrsála.

/ireland/file/environment-plasticsjpg_gaenvironment-plastics.jpg

Grafaic faisnéise faoi phlaistigh sa chomhshaol
cóipcheart
Tá plaistigh ar cheann de na réimsí tosaíochta sa phlean gníomhaíochta agus glacadh straitéis uile-Eorpach chun an comhshaol a chosaint ar thruailliú plaisteach.

Tá sé d’aidhm ag Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Plaistigh sa Gheilleagar Ciorclach go mbeadh an pacáistiú plaisteach uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh in-athúsáidte nó in-athchúrsáilte faoi 2030.

Is sprioc uaillmhianach é sin ach tá an Chomhghuaillíocht um Plaistigh Chiorclacha curtha ar bun ag an gCoimisiún Eorpach, comhghuaillíocht ina bhfuil na príomhpháirtithe leasmhara tionscail a sholáthraíonn agus a úsáideann plaistigh athchúrsáilte agus é d’aidhm aici an bhearna idir soláthar agus éileamh plaisteach athchúrsáilte a dhúnadh.

Tá gníomhaíochtaí eile ann a chabhróidh le dlús a chur leis an aistriú chuig an nGeilleagar Ciorclach, cuir i gcás an tArdán Tacaíochta Airgeadais don Gheilleagar Ciorclach, lena spreagfar infheistíochtaí, agus creat reachtach athbhreithnithe maidir le dramhaíl, lena ndéanfar nuachóiriú ar chórais bainistithe dramhaíola.

An tAthrú Aeráide

Dar le breis agus dhá thrian de na freagróirí Éireannacha ar shuirbhé Eorabharaiméadair is fadhb ‘an-tromchúiseach’ é an t-athrú aeráide (68%, meán an Aontais: 74%) agus dar le breis agus duine as gach ochtar díobh is í an fhadhb is tromchúisí ar domhan atá le réiteach í (13%, meán an Aontais: 12%).

Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta ó thaobh na n-iarrachtaí domhanda chun dul i ngleic leis an athrú aeráide a rinneadh le breis agus fiche bliain anuas agus léirigh sé ceannaireacht agus dea-shampla trína chuid beartas a cheapadh ar bhonn stóinseach ó 1991 i leith.

In 2018 ghlac an Coimisiún Eorpach fís straitéiseach fhadtéarmach le go mbeidh an Eoraip nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh díobháil aeráide de faoi 2050.

Leis an straitéis cuirtear tús le díospóireacht faoin gcaoi ar cheart don Aontas ullmhú chun sprioc 2050 a bhaint amach agus, cé go bhfuil an sprioc insroichte ó thaobh na teicneolaíochta, an gheilleagair agus na sochaí de, is gá athruithe móra sochaíocha agus eacnamaíocha a dhéanamh laistigh de ghlúin amháin le go mbainfear amach í.

/ireland/file/environment-gas-emissionsjpg_gaenvironment-gas-emissions.jpg

Íomhá faoin laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san AE
cóipcheart

Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún ar na bealaí a bhféadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 80% faoi 2050, rud atá i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide inar ghlac rialtais an domhain an chéad chomhaontú aeráide riamh atá uilíoch, domhanda agus ceangailteach ó thaobh dlí.

Tá Dréachtphlean Náisiúnta don Aeráid agus don Fhuinneamh seolta isteach ag gach Ballstát agus déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar dhul chun cinn na bpleananna sin.

Tá na beartais fuinnimh agus aeráide a forbraíodh go dtí seo curtha san áireamh sa chéad dréacht de Phlean Náisiúnta na hÉireann don Aeráid agus don Fhuinneamh agus sa Bheartas Aeráide Náisiúnta luaitear an sprioc maidir leis an aistriú chuig geilleagar iomaíoch, ísealcharbóin, aeráidseasmhach agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a dhéanamh faoi 2050.

Beartas

Ní féidir an comhshaol domhanda a chosaint ar an leibhéal áitiúil; mar sin, is den riachtanas comhar trasteorann a bheith ann idir na Ballstáit agus leis an gcuid eile den domhan.

Tá tábhacht fós le téamaí traidisiúnta cosúil le speicis a chosaint agus feabhas a chur ar cháilíocht an aeir agus an uisce tríd an truailliú a laghdú ar bhonn áitiúil ach ní mór cosaint an chomhshaoil a chomhordú ar bhonn domhanda.

Is gá don Eoraip a chinntiú go gcuirtear aon tionchar ar an gcomhshaol san áireamh sna cinntí beartais nó cinntí maoiniúcháin a dhéantar i réimsí ar nós réimsí na talmhaíochta, an fhuinnimh, an iompair agus an gheilleagair.

Is é an seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil, 'Muid ag Maireachtáil go Maith faoi Shrianta ár bPláinéid', a bheidh ina threoir do bheartas comhshaoil an Aontais as seo go 2020. Ina theannta sin, tháinig ceannairí an Aontais ar chomhaontú cheana féin maidir le creat beartais don aeráid agus don fhuinneamh a bhfuil sé mar aidhm leis gáis cheaptha teasa a laghdú 40% i gcomparáid le leibhéil 1990 agus ina leagtar síos sprioc chun sciar 32% ar a laghad a bheith ag an bhfuinneamh in-athnuaite agus chun coigilteas fuinnimh a fheabhsú 32.5% faoi 2030.

Ina theannta sin, tá straitéis fhadtéarmach curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach ina sonraítear an dóigh ar féidir leis an Aontas a chuid astaíochtaí a laghdú a thuilleadh go 80-95% faoi bhun na leibhéal a bhí ann in 1990 faoi 2050.

Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach, ag gníomhú dó trí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an dlí a chur ar aon Bhallstát nach gcuireann an reachtaíocht chomhshaoil chun feidhme i gceart.

Mar rogha dheireanach a rachfaí i muinín caingean dlí óir is tábhachtaí leis an gCoimisiún cuidiú leis na Ballstáit, go praiticiúil agus ó thaobh airgeadais, an reachtaíocht a chur chun feidhme go héifeachtach.

Bailíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) sonraí náisiúnta faoi shaincheisteanna comhshaoil agus é de chúram uirthi cuidiú leis an Aontas agus le Ballstáit an Aontais cinntí eolacha a dhéanamh faoin gcaoi le feabhas a chur ar an gcomhshaol agus an comhshaol a chur san áireamh i mbeartais eacnamaíocha.

Éire

Tá cuid mhór le gnóthú ag Éirinn as na deiseanna a fhágann an tAontas Fuinnimh aici.

I láthair na huaire, is ar ghás, a iompórtáiltear ón Ríocht Aontaithe, atá an ghiniúint cumhachta in Éirinn ag brath den chuid is mó agus ós mór a spleáchas ar ola agus ar ghás iompórtáilte, is mó fós a chuirfeadh suaitheadh praghsanna nó suaitheadh sa soláthar as di.

Trí fhoinsí gáis an Aontais a éagsúlú neartófar staid na hÉireann i dtaca le slándáil fuinnimh agus laghdófar praghsanna an gháis agus an leictreachais.

Cé go bhfuil praghsanna mórdhíola an leictreachais in Éirinn os cionn mheán an Aontais beifear in ann costais a rialú níos fearr amach anseo a bhuí le hidirnaisc leictreachais lenar féidir fuinneamh a iompar thar theorainneacha agus a bhuí le trádáil fheabhsaithe trasteorann.

Tá spriocanna leagtha síos ag an Aontas Eorpach chun an úsáid a bhaintear as foinsí fuinnimh ghlais a mhéadú. Tá sé de sprioc ag Éirinn go mbeidh 16% den Olltomhaltas Deiridh Fuinnimh ag teacht ón bhfuinneamh in-athnuaite faoi 2020. Mar sin féin, in 2017 tháinig 10.6% den Olltomhaltas Deiridh Fuinnimh ón bhfuinneamh in-athnuaite, ar méadú é ar 9.2% in 2016, agus ní dócha go mbainfidh Éire an sprioc amach.

Dar le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann, tá dúshlán roimh an tír chun laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar bhreoslaí iontaise le haghaidh iompair, téimh agus giniúint leictreachais, go háirithe ar an ábhar gur ó bhreoslaí iontaise a tháinig 90% den fhuinneamh iomlán a úsáideadh in 2017.

Sa Tuarascáil Tíre ón Seimeastar Eorpach a bhaineann le hÉirinn do 2019, thug an Coimisiún Eorpach faoi deara nár éirigh le hÉirinn an fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin aeir go fóill.

Tugtar rabhadh sa tuarascáil go dtagann imní faoi shláinte an duine, faoin aeráid agus faoin gcomhshaol as an easpa díchúplála sin agus go gciallaíonn sé go bhféadfadh sé go gcaillfidh Éire amach ar dheiseanna a bhaineann le cuspóirí uaillmhianacha an Aontais maidir leis an dícharbónú.

Tá bearta éifeachtacha cánachais comhshaoil i bhfeidhm ag Éirinn, lena n-áirítear cáin cláraithe feithiclí atá bunaithe ar astaíochtaí agus cáin charbóin.

Ina ainneoin sin, meastar nach n-éireoidh leis an tír na spriocanna a bhaint amach atá curtha roimpi aici i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa de i ngeall ar astaíochtaí arda ó réimse na talmhaíochta, méadú ar na hastaíochtaí ó réimse an iompair agus soláthar céimneach teoranta na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh.

Cé go bhfuil fís sainithe ag Éirinn maidir le geilleagar ísealcharbóin, cuirtear in iúl sa Tuarascáil ón Seimeastar Eorpach nach bhfuil mionchur síos déanta aici go fóill ar an mbealach le todhchaí dhícharbónaithe inbhuanaithe a bhaint amach.

Cuirtear in iúl sa tuarascáil freisin nach leor in aon chor na gníomhaíochtaí coincréiteacha atá beartaithe nó a bhfuil buiséad ann dóibh chun Éire a chur sa treo ceart leis na spriocanna aeráide do 2030 a bhaint amach.

Tá Rialtas na hÉireann ag obair anois ar phlean um stolladh aeráide chun bearta nua lena rachfar i ngleic leis an gceist a shainaithint.

An méadú ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a spreagfaidh Creat AE 2030 maidir le hAeráid agus Fuinnimh, rachaidh sé chun tairbhe d'Éirinn óir is mó go mór fada an acmhainn chun foinsí in-athnuaite a sholáthar ná an t-éileamh intíre atá orthu.

A bhuí le straitéis nua an Aontais Fuinnimh maidir le Taighde agus Nuálaíocht beifear in ann tacú leis an dul chun cinn atá ar siúl ag Éirinn i dtaca le teicneolaíocht ísealcharbóin a fhorbairt ós rud é go bhfuil an tír faoi bhun mheán an Aontais maidir leis an tacaíocht phoiblí a chuirtear ar fáil don taighde i réimsí an fhuinnimh agus an chomhshaoil.

Tá liosta de thionscadail leasa choitinn tarraingthe suas ag an gCoimisiún Eorpach a bhainfidh leas as tacaíocht airgeadais dar luach €5.35 billiún san iomlán idir seo agus 2020.

San áireamh sna tionscadail leasa choitinn a chuirfidh feabhas ar an nasc fuinnimh a bheidh ag Éirinn tá Idirnascaire Ceilteach idir an Fhrainc (La Martyre) agus Éire (Cnoc Rátha, Co. Chorcaí), críochfort agus píblíne gháis cheangail agus ar a laghad idirnasc fuinnimh nua amháin leis an Ríocht Aontaithe.

Bhí ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le hÉirinn a spreagadh chun beart a dhéanamh le gnáthóga portaigh móna na hÉireann a chosaint.

Tá aghaidh á tabhairt ag Éirinn air seo anois agus idir 2011 agus 2015 rinneadh thart ar 685 heicteár de phortaigh ardaithe a athbhunú ar 17 suíomh de chuid Choillte i seacht gcontae mar chuid de mhórthionscadal caomhnaithe dúlra.

Rinne Ard-Stiúrthóireacht Comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Coillte cómhaoiniú ar an tionscadal ‘Dea-Chleachtas a Léiriú in Athbhunú Portach Ardaithe in Éirinn’ faoi Chlár Dúlra LIFE an Aontais Eorpaigh.

Faoi láthair, tá maoiniú á chur ar fáil freisin faoin gclár LIFE le haghaidh Thionscadal na bPortach Beo i gClóirtheach, Co. Uíbh Fhailí, an tionscadal aonair athbhunaithe portach is mó dá bhfuil in Éirinn. Beidh de thoradh ar an tionscadal sin limistéar de phortaigh ardaithe is ionann a mhéid agus 7,000 páirc ar cóimhéid le Páirc Uí Chrócaigh a athbheochan.

Maoiniú

Maoinítear cur chun feidhme bheartas comhshaoil an Aontais faoin gclár LIFE. Gach bliain cuirtear amach glao ar thograí tionscadail a chlúdaíonn réimsí tosaíochta an chláir LIFE.

Fuair tionscadail Éireannacha breis agus €14.2 milliún de mhaoiniú faoin gclár LIFE 2007-2013 agus beagnach €11.5 milliún faoin gcéad leath den chlár reatha.

Tá buiséad iomlán €3.5 billiún ag an gclár LIFE 2014–2020 don tréimhse sin agus tá fochláir chomhshaoil agus fochláir um ghníomhú ar son na haeráide ag gabháil leis.

I measc na dtionscadal in Éirinn a bhfuil maoiniú faoin gclár LIFE á fháil acu faoi láthair tá KerryLIFE, ar tionscadal é a chuireann maoiniú ar fáil do phobail áitiúla i gceantair na Cárthaí agus na Dóinne chun pobail diúilicíní péarla fionnuisce a athneartú.

/ireland/file/environment-natura-birdsjpg_gaenvironment-natura-birds.jpg

Íomhá a léiríonn Natura 2000 agus éin
cóipcheart
Ina theannta sin, leithdháileadh maoiniú faoin gclár LIFE de chuid an Aontais ar thionscadal lena bhfuil baint ag Cairde Éanlaith Éireann agus atá ag cabhrú go mór le stádas caomhnaithe na Geabhróige Rósaí in iarthuaisceart na hEorpa.

Tionscnamh eile atá á pháirtmhaoiniú faoin gclár LIFE is ea tionscadal na bPortach Beo a bhfuil luach €5.4 milliún ag baint leis agus a bhfuil sé d’aidhm aige beocht a chur ar ais in 12 cheann de phortaigh ardaithe uathúla na hÉireann i seacht gcontae ar fud an réigiúin lár tíre.

Ar na tionscadail a tugadh i gcrích cheana tá GeoparkLIFE, tionscadal a bhí dírithe ar an turasóireacht agus an oidhreacht nádúrtha i mBoirinn a chomhtháthú ar shlí níos fearr agus WISER LIFE i mBaile Munna, Baile Átha Cliath, tionscadal a bhain earraíocht as maoiniú dar luach €3.6 milliún chun coire-theach áitiúil, nach rabhthas á úsáid, a iompú ina lárionad, is é sin The Rediscovery Centre, áit a mbíonn dea-chleachtais i réim ó thaobh dramhaíl a athúsáid agus dramhaíl a ullmhú le haghaidh athúsáide.

I mí na Bealtaine 2017, bhronn an Coimisiún Eorpach duais faoi leith ar thionscadal BurrenLIFE toisc gurb é an tionscadal LIFE ab fhearr riamh ó cuireadh tús leis an gclár 25 bliana ó shin. Is sa chatagóir ‘An Dúlra agus an Bhithéagsúlacht’ a bronnadh an duais.

Beart a dhéanamh

Is é atá san Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil (EIR) sraith tuarascálacha débhliantúla a thugann mionsonrú ar an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát i gcur chun feidhme dhlí agus bheartas comhshaoil an Aontais, agus ar na dúshláin a bhí rompu.

San athbhreithniú ar Éirinn le haghaidh 2017, sainaithnítear na dúshláin, an dul chun cinn agus na deiseanna i gcomhthéacs an chomhshaoil sa tír, agus tá léargas ar chuid acu sin thíos.

CÁILÍOCHT AN AEIR: Tugann an Coimisiún Eorpach cúnamh praiticiúil le cáilíocht an aeir a fheabhsú san Eoraip. Tá Straitéis Náisiúnta um Aer Glan á forbairt ag Éirinn, straitéis a soláthróidh creat beartais i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais agus tosaíochtaí idirnáisiúnta. Tá sé luaite i dtuarascáil EIR 2017 nach raibh aon tuairisc ann gur sáraíodh caighdeáin cáilíochta aeir na hEorpa in Éirinn ach go meastar gur mó ná €2 bhilliún sa bhliain na costais sheachtracha sláinte a thagann den truailliú aeir in Éirinn.

DRAMHAÍL: D'fhonn rialú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh, rinne Éire athchóiriú mór ar an earnáil dramhaíola atá aici, dhún sí ionaid dramhaíola mhídhleathacha agus mhaoinigh sí obair chostasach ghlantacháin agus feabhsúcháin.

D'athraigh sin an earnáil dramhaíola in Éirinn ó bhonn agus tá ceachtanna fónta le foghlaim uaidh ag tíortha eile.

Tugann an Coimisiún Eorpach tacaíocht do na Ballstáit maidir le reachtaíocht dramhaíola an Aontais a chur chun feidhme. Tháinig creat reachtach athbhreithnithe le haghaidh dramhaíola i bhfeidhm i mí Iúil 2018 agus leagtar síos ann spriocanna atá uaillmhianach ach insroichte. Ina measc sin tá an sprioc go ndéanfar 55% de dhramhaíl chathrach a athúsáid agus a athchúrsáil faoi 2025.

CÁILÍOCHT UISCE: Is é atá sa Chreat-Treoir Uisce uirlis an Aontais Eorpaigh chun ár n-aibhneacha, ár lochanna agus ár dtránna a chosaint. Tá sé luaite i dtuarascáil EIR 2017 i leith na hÉireann gur dúshlán é leanúint de na hinfheistíochtaí tábhachtacha is gá le haghaidh seirbhísí uisce, i bhfianaise an ghá phráinnigh atá le hinfheistiú i mbonneagar uisce. Mar sin féin, tá ag éirí go maith le hÉirinn i dtaca le huisce óil agus uisce snámha.

BITHÉAGSÚLACHT: Is é atá in Natura 2000 an gréasán comhordaithe is mó ar domhan de limistéir faoi chosaint agus tá 13.13% de limistéar náisiúnta na hÉireann áirithe ann.

Tá an gréasán ríthábhachtach i bhfad na haimsire do chosaint, caomhnú agus fadmharthain na speiceas agus na ngnáthóg is luachmhaire agus is mó atá faoi bhagairt san Eoraip.

Ní mór d’Éirinn próiseas ainmniúcháin Natura 2000 a chur i gcrích agus cuspóirí caomhnaithe atá sainithe go soiléir a leagan síos agus na bearta caomhnaithe is gá le haghaidh na láithreán a dhéanamh.

ATHRÚ AERÁIDE: Tá fís straitéiseach fhadtéarmach glactha ag an gCoimisiún Eorpach le go mbeidh an geilleagar neodrach ó thaobh díobháil aeráide de faoi 2050. Tá straitéis fhadtéarmach an Aontais curtha san áireamh i nDréachtphlean Náisiúnta na hÉireann don Aeráid agus don Fhuinneamh.

Naisc úsáideacha

Ard-Stiúrthóireacht Comhshaoil an Aontais Eorpaigh

An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil