Ionadaíocht in Éirinn

An Geilleagar

Ós geilleagar beag oscailte atá in Éirinn, tá sí spleách den chuid is mó ar an trádáil idirnáisiúnta, agus bíonn tionchar ag na margaí domhanda uirthi.

Fágann sin gur rud tábhachtach don tír comhpháirtíocht a chothú le páirtithe thar lear, agus ós ball den Aontas Eorpach atá inti, is fusa di sin a dhéanamh lámh ar láimh le Ballstáit eile.

Chuidigh ballraíocht an Aontais Eorpaigh le hÉirinn aistriú ó mharbhántacht eacnamaíoch i lár an chéid seo caite go tír a bhfuil geilleagar nua-aimseartha aici, bunaithe ar shaorthrádáil, ar infheistíocht choigríche agus ar fhás.

Is éard ba chúis le bláthú an gheilleagair nua sin Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh, mar aon le cinntí a rinneadh d'fhonn cánacha corparáide ísle a thabhairt isteach, agus Gníomhaireacht Forbartha Tionscail (IDA Ireland) a chur ar bun chun Éire a chur chun cinn thar lear.

Deacracht amháin a bhíonn ag tíortha beaga ar nós na hÉireann, tíortha a bhfuil geilleagar beag oscailte iontu, ná an baol atá sna cúinsí domhanda dóibh, agus is díol suntais gur tharla géarchéim mhillteanach in Éirinn i ndiaidh na tréimhse ba mhó fás eacnamaíoch dá raibh riamh sa tír (c. 1995–2006), géarchéim a tharla mar thoradh ar chliseadh mór airgeadais ar fud an domhain.

Dá bharr sin, b'éigean do Rialtas na hÉireann cúnamh airgid a lorg ar an gCoimisiún Eorpach, ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, nó ar an troika mar is fearr aithne orthu.

Tar éis roinnt blianta crua, tá fás ar gheilleagar na hÉireann athuair, agus tá an tAontas Eorpach tar éis bearta nua suntasacha a thabhairt isteach ar mhaithe le tuilleadh cosanta a dhéanamh ar gheilleagar na hÉireann agus ar gheilleagar na mBallstát uile amach anseo.

Is é an dúshlán atá roimpi anois fás a chur ar an ngeilleagar ar bhealach inbhuanaithe, a chuideoidh leis an Aontas é féin a chosaint ó bhagairt an athraithe aeráide.

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Ba léir ón ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda a bhuail an Eoraip in 2007 go raibh easnaimh ar chórais airgeadais an Aontais Eorpaigh, agus chuir sin iallach ar cheannairí na hEorpa an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) a neartú.

Mar chuid den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta déanann na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha agus fhioscacha a chomhordú agus cuireann siad comhbheartas airgeadaíochta i bhfeidhm ionas go mbeidh rath ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh trí chéile. Ar an gcaoi seo, beidh an geilleagar fós láidir go leor chun suaitheadh airgeadais a sheasamh.

I ngeilleagar láidir comhtháite is féidir le gach Ballstát ar leith tairbhe a bhaint as méid agus éifeachtúlacht inmheánach an Aontais agus leas a bhaint as cobhsaíocht eacnamaíoch, ionchais fáis níos fearr agus breis fostaíochta.

Cé go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag an Aontas maidir le AEA ó cuireadh tús leis in 1992, léirigh an ghéarchéim go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh go fóill mar nach raibh geilleagar roinnt de na Ballstáit, geilleagar na hÉireann san áireamh, chomh seasmhach sin i gcoinne an chúlaithe airgeadais dhomhanda.

I mí na Nollag 2017, leag an Coimisiún amach treochlár le doimhneacht a chur san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, treochlár ina dtugtar achoimre ar an mbealach agus ar an gclár ama a leanfar sa tionscadal.

Is de mholtaí an treochláir sin Ciste Airgeadaíochta Eorpach a chur ar bun, rud a mbeidh bunchloch an tSásra Chobhsaíochta Eorpaigh faoi go láidir, ionas go mbeidh cabhair ann do Bhallstáit an Limistéir Euro dá mbeidís i gcruachás airgeadais, agus fáil acu ar iasachtaí dá gclisfeadh gach ní eile orthu ar uair na géarchéime.

I mí na Nollag 2019, d'aontaigh tíortha sa limistéar euro, i bprionsabal agus faoi réir nósanna imeachta náisiúnta, ar phacáiste athchóirithe an tSásra Cobhsaíochta EorpachCE a bhfuil sé d'aidhm acu an AEA a neartú.

I measc na n-athchóirithe, tá iarracht an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích agus Ionstraim Bhuiséadach um Chóineasú agus um Iomaíochas (BICC) nua le haghaidh an Limistéir Euro a thabhairt isteach chun é an dhéanamh níos láidre.

A luaithe is a leasaítear an Conradh SCE, tiocfaidh an sainordú sínte i bhfeidhm. Ní mór do na 19 mBall den SCE é seo a dhaingniú.

An tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil

An tAontas Baincéireachta a chur i gcrích, rud a bhaineann le tíortha an Limistéir Euro ach ar féidir leis na Ballstáit eile dul isteach ann freisin, bhí sé sin ar phríomhghnéithe threochlár an Choimisiúin Eorpaigh do 2017.

leabhar rialacha aonair ag an Aontas Baincéireachta, mar aon le dhá cholún i láthair na huaire – an Sásra Maoirseachta Aonair (SSM) agus an Sásra Réitigh Aonair (SRM) – atá ar bun agus ag feidhmiú go hiomlán.

Is é atá sa Sásra Maoirseachta Aonair córas nua maoirseachta baincéireachta de chuid an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus de chuid na n-údarás maoirseachta náisiúnta sna Ballstáit atá rannpháirteach.

Is é an phríomhaidhm atá aige teacht ar laigí sa chóras baincéireachta agus a chinntiú go dtógtar na céimeanna cuí ionas nach dtéann na fadhbanna atá ann i ndonas an oiread sin go gcuirfidh siad an chobhsaíocht airgeadais i mbaol.

Tá an Sásra Réitigh Aonair ceaptha chun freagairt go gasta éifeachtach do bhainc a bhfuil ag cliseadh orthu agus sin a dhéanamh ar dhóigh a chuireann an costas is ísle ar na cáiníocóirí agus ar an ngeilleagar. Is féidir leis an mBord Réitigh Aonair (an comhlacht cinnteoireachta atá aige) banc a bhfuil ag cliseadh air a réiteach i gcaitheamh deireadh seachtaine trí úsáid a bhaint as an gCiste Réitigh Aonair (SRF) lena ndéanann bainc agus gnólachtaí infheistíochta ranníocaíocht.

Is cuid thábhachtach eile é Aontas na Margaí Caipitil (AMC) chun Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta bríomhar agus láidir a chur ar bun.

Is plean de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é an AMC chun airgead a chur ar fáil san Eoraip do chuideachtaí, FBManna san áireamh, chomh maith le tionscadail bhonneagair chun cuidiú leo forbairt agus poist a chruthú.

Tá sé d'aidhm aige córas airgeadais níos éagsúla a bhunú le margaí caipitil doimhne agus forbartha, nach bhfuil chomh spléach céanna ar bhainc.

I mí na Samhna 2019, bunaíodh Fóram Ardleibhéil d'fheidhmeannaigh, a bhfuil taithí fhairsing acu ar an earnáil, mar aon le saineolaithe idirnáisiúnta agus lucht léinn, chun slacht a chur ar an AMC agus é a thabhairt chun críche.

Cuirfidh an fóram seo moltaí dírithe ar bheartais chun cinn le haghaidh gníomhaíochtaí AMC sa todhchaí d'fhonn a chinntiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh agus ag gnólachtaí ar mhargaí caipitil ar fud an Aontais, beag beann ar an áit a bhfuil siad lonnaithe.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) a bhunú freisin. Is scéim le haghaidh taiscí bainc sa Limistéar Euro í seo agus bheadh sí ina tríú colún den Aontas Baincéireachta.

Leis an scéim nua sin thabharfaí cumhdach árachais níos fearr sa limistéar euro ná mar atá á thabhairt ag an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí (TSRT), scéimeanna lena ráthaítear go bhfuil taiscí suas le €100,000 cosanta i láthair na huaire.

Tá tuairim agus 22 rogha agus discréid náisiúnta (RDNanna) mar chuid den TSRT. Nochtadh i staidéar a foilsíodh i mí na Samhna 2019 go raibh go leor difríochtaí idir Ballstáit maidir le trasuí na RDNanna sa dlí náisiúnta agus na bealaí a gcuirtear chun feidhme iad. Tá idirbheartaíocht maidir le togra SEÁT fós ag dul ar aghaidh.

An Seimeastar Eorpach

Is uirlis bharrthábhachtach maidir le comhordú bheartas eacnamaíoch an Aontais é an Seimeastar Eorpach. Cuireann an Seimeastar ar chumas na mBallstát a gcuid pleananna eacnamaíocha agus buiséadacha a phlé agus monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn ag pointí áirithe i gcaitheamh na bliana.

Cuirtear tús leis an Seimeastar sin, a tugadh isteach in 2010, tar éis don Choimisiún an Suirbhé Bliantúil Fáis a fhoilsiú, rud a tharlaíonn i mí na Samhna go hiondúil.

Beidh féinriar iomlán fós ag Ballstáit a mbeartais airgeadais agus a gcórais chánach féin a chur chun feidhme ach cinntíonn an Seimeastar go gcloínn siad le sraith rialacha a comhaontaíodh agus a dtugtar an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF) orthu.

Is chun airgeadas poiblí fónta a shaothrú agus beartais fhioscacha a chomhordú i measc Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a ceapadh an CCF.

Sa chéad timthriall seimeastair dá shainordú, chuir Coimisiún von der Leyen straitéis uaillmhianach athbhreithnithe fáis i láthair, a thugann tús áite d’inbhuanaitheacht agus do chuimsiú sóisialta i gceapadh bheartais eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh.

Is a bhuí leis na tosaíochtaí a chuirtear i láthair sa Chomhaontú Glas don Eoraip a tháinig ann don Suirbhé Bliantúil um Fhás Inbhuanaithe. Ceapadh an suirbhé chun cuidiú leis an Aontas Eorpach agus le Ballstáit an Aontais Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Is mór an t-athrú a chaithfidh teacht ar an ngeilleagar laistigh d'aon ghlúin amháin chun go n-éireoidh leis an aistriú go neodracht aeráide. Cuireann an t-ionchas gearrthéarmach eacnamaíoch go mór leis an dúshlán sin.

Cé go meastar go leanfaidh fás gheilleagar an Aontais Eorpaigh ar aghaidh in 2020 agus in 2021, mar a bhí le seacht mbliana anuas as a chéile, is leochailí ná riamh na hionchais dhomhanda fáis.

Is diúltach an tionchar atá ag teannas trádála san earnáil monaraíochta agus ag neamhchinnteacht gheopholaitiúil ar chinntí infheistíochta.

D'fhéadfadh tionchar fadtréimhseach a bheith ag laghdú ar dhianas trádála, mar aon le méadú íseal táirgiúlachta ar staid an Aontais i ndomhain a bhfuil an lámh in uachtar ag an iomaíochas idir na Stáit Aontaithe agus an tSín.

Is iomaí dúshlán eile atá le cur san áireamh in Éirinn de bharr iarmhairtí neamhchinnte Brexit.

Is é ról an Choimisiúin sa Seimeastar anailís mhionsonraithe a dhéanamh ar na pleananna atá ag gach tír maidir le hathchóirithe buiséadacha, maicreacnamaíocha agus struchtúracha.

Agus sin déanta aige, tugann sé moltaí tír-shonracha do na rialtais le haghaidh na 12-18 mí amach rompu chun cabhrú le cosc a chur ar fhadhbanna a thiocfadh chun cinn i mBallstát ar leith agus a leathnódh ar fud an Aontais Eorpaigh.

Baineann ceithre ghné le Straitéis Bhliantúil nua um Fhás Inbhuanaitheachta Choimisiún von der Leyen, a d'fhéadfadh geilleagar ar mhaithe leis na daoine agus leis an bpláinéad a chur ar fáil.

Díríonn na gnéithe seo ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, ar ghnóthachain táirgiúlachta, ar chothromaíocht agus ar chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch.

Grafaic faisnéise faoin Seimeastar Eorpach

Molann an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh go dtugann 13 Ballstát, Éire san áireamh, faoi ‘ghrinn-athbhreithniú’ in 2020. Is éard atá sa Tuarascáil gléas scagtha do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha.

Tá sé d'aidhm ag an athbhreithniú sin déine na míchothromaíochtaí maicreacnamaíochta féideartha a aithint agus a mheasúnú agus ullmhú do dhúshláin fhadtréimhseacha agus suaitheadh féideartha amach anseo.

Dul chun Cinn Eacnamaíoch na hÉireann

I Réamhaisnéis Eacnamaíoch na hEorpa (fómhar 2019) ón gCoimisiún Eorpach, tuartar go dtiocfaidh fás 5.6% ar OTI na hÉireann don bhliain.

Is é sin an ráta fáis is mó san Aontas Eorpach don bhliain 2019, tráth nach meastar ach go mbeidh meánráta fáis 1.4% in 2019 agus in 2020 agus 2021 san Aontas Eorpach.

Meastar go maolóidh an OTI in Éirinn go 3.5% in 2020 agus go 3.2% in 2021 mar gheall ar shrianta méadaitheacha inniúlachta agus ar ghearradh siar tuartha an rialtais ar chaiteachas. 

Dar leis an réamhaisnéis, maolóidh fás OTI de réir mar a éiríonn an timpeallacht sheachtrach níos laige, cé go meastar go bhfanfaidh bunghníomhaíocht eacnamaíoch láidir, a bhuí le tomhaltas teaghlaigh agus infheistíocht in earnáil na tógála.

Meastar go bhfanfaidh boilsciú mar atá sé agus, cé go dtuartar go dtiocfaidh tuilleadh feabhais ar chomhardú an rialtais, tá rioscaí fós leis na hionchais airgeadais.

Graf a thugann achoimre ar phríomhréamhaisnéisí na hÉireann - Fómhar 2019

Géarchéim Eacnamaíoch na hÉireann

Bhí Éire ar cheann de na tíortha a bhí i ngreim ag an gcúlú eacnamaíoch domhanda a tháinig go mór chun cinn tar éis chliseadh Lehman Brothers - an ceathrú banc infheistíochta ba mhó sna Stáit Aontaithe - in 2008.

Ar fud an domhain, stop na bainc ag tabhairt iasachtaí dá chéile, agus ní raibh aon chreidmheas le fáil. Thar thíortha eile, bhí Éire gan chosaint ar an ngéarcheim, ó tharla an bolgán réadmhaoine a bhí ag boilsciú leis gan stad le deich mbliana roimhe sin.

Bhí suimeanna móra airgid tugtha ar iasacht ag bainc na hÉireann, do lucht forbartha tithíochta den chuid ba mhó, rud a d'fhág córas baincéireachta na hÉireann gan chosaint nuair nach bhféadfaí cistí a fháil ar iasacht a thuilleadh ó na margaí, agus ba mhó an baol nach ndéanfaí aisíoc ar na hiasachtaí réadmhaoine a bhí tugtha amach ag na bainc.

Nuair a bhí an bolgán réadmhaoine úd ann, bhí cláir chomhardaithe na mbanc in Éirinn méadaithe de dheasca iasachtaí réadmhaoine, ionas go raibh luach na gclár sin ceithre oiread thar luach Olltáirgeacht Intíre na hÉireann, agus ba mhó dá réir sin scála na géarchéime baincéireachta in Éirinn ná i dtíortha eile.

De réir mar a leathnaigh an ghéarchéim ar fud Bhallstáit an limistéir euro, tháinig rialtais éagsúla i gcabhair ar na bainc agus tugadh tacaíocht phráinne dóibh, rud nach bhfacthas riamh cheana ar scála chomh mór sin.

Chun dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais, d'fhaomh an Coimisiún cúnamh airgeadais d'earnáil an airgeadais arbh fhiú €4.5 trilliún é – rud arbh ionann agus 37% d’OTI iomlán an Aontais Eorpaigh – idir 2008 agus 2011 ionas nach gclisfeadh ar na bainc.

Chuir sin stop le scaoll ar na bainc, agus is cosaint a bhí ann d’airgead taisce na ngnáthshaoránach. Ba chúnamh é freisin le luach an euro a choinneáil slán, agus fál cosanta idir Ballstáit an Limistéir Euro agus an buille ba throime a bhí sa ghéarchéim.

Ba ghá díol go mór as an straitéis sin, áfach, mar gur ghá an t-airgead a úsáideadh leis na bainc a chosaint a fháil ar iasacht agus faoi dheireadh 2009 ní raibh ag éirí leis na Ballstáit ba neamhchosanta sa Limistéar Euro, Éire san áireamh, freastal ar an bhfiach sin.

Bhí géarchéim airgeadais phoiblí san Eoraip faoin am sin, agus laghdaigh na bainc dá réir an méid a d'fhéadfaidís a thabhairt do ghnólachtaí agus do theaghlaigh i bhfoirm iasachtaí, rud a chruthaigh breis dífhostaíochta agus breis cruatain.

Mar bharr ar an donas, tháinig méadú as cuimse ar fhiacha stáit na hÉireann, mar thug an Stát ráthú ar dhliteanas na mbanc le haistarraingtí ollmhóra airgid a sheachaint, rud a chuirfeadh go tóin poill iad.

Lena chois sin, bhí Éire i ndiaidh dul go mór i dtuilleamaí cánacha réadmhaoine, foinse ioncaim a d'imigh le gaoth nuair a phléasc an bolgán réadmhaoine.

Mar thoradh ar na heasnaimh mhóra sa bhuiséad, agus ar na fiacha a bhí ag imeacht as smacht, is beag dóchas a bhí ag na margaí airgeadais go bhféadfadh an tír na fiacha a íoc ar ais, agus bhí ag teip ar an Stát airgead a fháil ar iasacht ar rátaí inbhuanaithe.

In 2010, ba léir nach bhféadfadh an tír an brú sin a sheasamh ní ba mhó, agus i mí na Samhna rinne Rialtas na hÉireann iarratas oifigiúil ar chúnamh airgeadais idirnáisiúnta, iarratas ar thacaigh an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún Eorpach leis.

Rud amháin a bhí sa phacáiste cúnaimh airgeadais €85 bhilliún a socraíodh le hÉirinn ná gealltanas airgeadais €22.5 billiún ón Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM), agus €17.7 billiún ón tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) lena réitítear géarchéimeanna sealadacha.

Tháinig €22.5 billiún eile chuici ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus thug an Ríocht Aontaithe, an tSualainn agus an Danmhairg €5 bhilliún ina n-iasachtaí déthaobhacha le cur sa phacáiste.

Ina cheann sin, cuireadh €12.5 billiún ón gCúlchiste Náisiúnta Pinsean (Ciste Infheistíochta Straitéiseach na hÉireann a thugtar anois air) leis an gciste, mar aon le €5 bhilliún ó chúlchistí airgid na hÉireann.

Amlíne na hÉireann

2007

Bhain an margadh tithíochta in Éirinn a bhuaic amach.

2008

Phléasc bolgán tithíochta na hÉireann agus thosaigh an cúlú eacnamaíoch sa tír go hoifigiúil. Ba í Éire an chéad Bhallstát sa Limistéar Euro ar tharla sin dó. Mhéadaigh go tobann ar an ráta dífhostaíochta. Chlis ar na hiasachtaí idir na bainc. Rinne Rialtas na hÉireann bearta le córas baincéireachta na tíre a chosaint, agus ráthaigh an Rialtas na taiscí uile le haistarraingt gan srian a sheachaint, agus le ruathar ar bhainc na hÉireann a chosc.

2009

Bhí an ráta dífhostaíochta ab airde sa tír ann ó thús na dtaifead. Bhí agóid ar na sráideanna agus Stocmhalartán na hÉireann ar a ísle le 14 bliana. Chuir an Rialtas na billiúin euro isteach i mbainc na hÉireann ionas nach gclisfeadh orthu. Bunaíodh an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (is nasc seachtrach é an nasc seo) (NAMA), gníomhaireacht a thóg ról baincéara uirthi féin i gcás drochfhiacha réadmhaoine.

2010

De réir mar a chuaigh an ghéarchéim in olcas, carnadh tuilleadh airgid ar na bainc chloíte, agus chuir Rialtas na hÉireann iarratas oifigiúil isteach ar chúnamh airgeadais ón Aontas Eorpach, ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ó na Ballstáit eile. Comhaontaíodh pacáiste €85 bhilliún ar choinníoll go dtabharfadh Éire cead don Troika (an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta) súil ghéar a choinneáil ar an mbuiséad go rialta le cinntiú go raibh na coinníollacha airgeadais á gcomhlíonadh.

2011

Briseadh go trom ar Rialtas na hÉireann in olltoghchán a eagraíodh trí mhí tar éis dó glacadh leis an bpacáiste. Íslíodh rátáil fiachais na hÉireann go dtí an dramhghrád.

2012

Vótáil 60% de lucht vótála na hÉireann i bhfabhar Chonradh Fioscach an Aontais Eorpaigh i reifreann.

2013

D'éirigh le hÉirinn €5 bhilliún a thiomsú ón mbanna tagarmhairc sindeacáite deich mbliana a d’eisigh siad ar na margaí airgeadais. B’in an chéad uair a dhíol Éire bannaí sindeacáite ó bhí an cliseadh baincéireachta ann in 2010.

2013

D'éirigh le hÉirinn teacht slán ar an 15 Nollaig 2013 ó chlár trí bliana an Troika.

2014

D'fhill Éire ar mhargaí na n-iasachtaí fadtéarmacha arís agus banna flaithiúnais €3.75 billiún ina seilbh aici ionas go ndearna Moody's uasghrádú ar stádas na tíre in Eanáir 2014.

Ó 2015 anall

Beidh an faireachas iarchláir (PPS) i bhfeidhm in Éirinn go mbeidh aisíoc déanta ar 75% den chúnamh airgeadais ar a laghad. Mairfidh an faireachas iarchláir (PPS) in Éirinn go dtí 2031 ar a thúisce ach amháin má bhíonn aisíoc luath ann.

Is sprioc dó sin tomhais a dhéanamh ar an acmhainn atá ag Éirinn leis na hiasachtaí atá uirthi a aisíoc leis an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM), leis an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF), agus leis na hiasachtóirí déthaobhacha.

Naisc úsáideacha

Faireachas Iarchláir d'Éirinn

An Coimisiún Eorpach - Gnó, Geilleagar, Euro

Míniú ar gheilleagar na hEorpa

An Roinn Airgeadais

Meabhrán: Foras Feasa ar Rialachas Eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh

Todhchaí eacnamaíochta na hÉireann - dearcadh an Aontais