Ionadaíocht in Éirinn

Brexit agus Éire

/ireland/file/eu-and-uk-flagsjpg_gaeu-and-uk-flags.jpg

EU and UK flags
copyright
An 23 Meitheamh 2016, chinn vótálaithe na Ríochta Aontaithe le reifreann an tAontas Eorpach a fhágáil. An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra oifigiúil don Chomhairle Eorpach go raibh rún aici an tAontas a fhágáil.

Leis an bhfógra sin, gníomhachtaíodh Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach ina leagtar amach an próiseas chun an tAontas a fhágáil agus a d'fhág go rabhthas in ann tús a chur le cainteanna faoin tarraingt siar.

An 25 Samhain 2018, thacaigh Cinn Stáit/Rialtais na 27 mBallstát eile leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, comhaontú a socraíodh idir an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Rinneadh Dearbhú Polaitiúil maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a fhormheas freisin san am céanna.

Síntí le hAirteagal 50

/ireland/file/eu-council-10-aprjpg-0_gaeu-council-10-apr.jpg

Cruinniú na Comhairle Eorpaí an 10 Aibreán 2019
copyright
Ní mór do Pharlaimint na Ríochta Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú freisin.

Mar sin féin, in ainneoin gur tugadh soiléiriú i malartú litreacha a bhí ann idir Theresa May, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe agus Jean-Claude Juncker agus Donald Tusk, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí faoi seach, an 14 Eanáir 2019, níor thug Parlaimint na Ríochta Aontaithe faomhadh fós.

An 11 Márta 2019, comhaontaíodh breis soiléirithe agus ráthaíochtaí dlíthiúla maidir le cineál an chúlstop chun teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint agus comhaontaíodh ráiteas comhpháirteach lena bhforlíontar ar an dearbhú polaitiúil freisin.

Toisc nár léir go ndéanfadh Parlaimint na Ríochta Aontaithe an comhaontú a fhaomhadh i dtreo dheireadh Mhárta 2019, thug ceannairí AE27 freagairt ar iarraidh ón Ríocht Aontaithe agus chomhaontaigh siad síneadh go 12 Aibreán 2019 a chur le spriocdháta an 29 Márta.

An 5 Aibreán 2019, d’iarr an Ríocht Aontaithe síneadh breise agus an 11 Aibreán 2019, chinn an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50), i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, síneadh eile a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019.

I bhfianaise an chinnidh sin, agus go dtí go bhfógrófar a mhalairt, aon tagairt do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, ní mór í sin a léamh mar thagairt don 1 Samhain 2019 ar 00.00 (Am Lár na hEorpa).

Tabhair do d'aire:

(i) I gcás nach ndearna an Ríocht Aontaithe toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a reáchtáil i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus nach bhfuil an Comhaontú um Tharraingt Siar daingnithe aici faoin 22 Bealtaine 2019, scoirfidh an Cinneadh dá dtagraítear thuas d'fheidhm a bheith aige an 31 Bealtaine 2019, agus dá bhrí sin déanfar an tarraingt siar an 1 Meitheamh 2019; agus

(ii) más rud é go ndéanann an Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú tráth ar bith roimh an 31 Deireadh Fómhair 2019, déanfar an tarraingt siar an chéad lá den mhí tar éis chríoch na nósanna imeachta daingniúcháin.

Caibidlíocht

Is é an Coimisiún Eorpach a ceapadh chun dul i mbun caibidlíochta thar ceann Chomhairle Eorpach na 27 mBallstát le hionadaithe de chuid na Ríochta Aontaithe maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

Foirmíocht de chuid na Comhairle is ea na 27 mBallstát ina bhfuil ceannairí na mBallstát ar fad ach amháin ceannaire na Ríochta Aontaithe, Uachtarán na Comhairle, Donald Tusk, agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker.

/ireland/file/michel-barnier-14-novjpg-0_gamichel-barnier-14-nov.jpg

Michel Barnier
copyright
Cheap an Coimisiún Michel Barnier ina phríomh-idirbheartaí agus is as an bpróiseas a leagtar amach in Airteagal 50 agus as na treoirlínte polaitiúla a ghlac na 27 mBallstát agus a comhaontaíodh leis an Ríocht Aontaithe a thagann an sainordú a tugadh do Thascfhórsa Brexit maidir leis an gcaibidlíocht.

An 19 Meitheamh 2017 is ea a cuireadh tús leis an gcaibidlíocht maidir le téarmaí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe agus chuir oifigigh an Choimisiúin Parlaimint na hEorpa ar an eolas ar bhonn rialta agus chinntigh siad go raibh an próiseas chomh trédhearcach agus chomh hoscailte agus ab fhéidir.

Foilsíodh páipéir sheasaimh mhionsonraithe agus doiciméid chaibidlíochta de réir mar a bhí fáil orthu agus bhí saoránaigh an Aontais in ann an próiseas a leanúint ar an suíomh gréasáin maidir le Brexit atá ag an gCoimisiún.

Ar dtús, thug na cainteanna aghaidh ar na saincheisteanna ba thábhachtaí, ina measc cosaint chearta na saoránach tar éis Brexit, socrú airgeadais agus an cheist maidir le teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint.

An 8 Nollaig 2017, foilsíodh Tuarascáil Chomhpháirteach inar leagadh amach réimsí a comhaontaíodh idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir leis na trí shaincheist sin.

An 28 Feabhra 2018, foilsíodh dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar inar míníodh i dtéarmaí dlíthiúla an Tuarascáil Chomhpháirteach agus an 19 Márta 2018 foilsíodh leagan leasaithe inar leagadh amach na réimsí ina raibh comhaontú agus na réimsí a raibh easaontas ann fúthu.

An 19 Meitheamh 2018, foilsíodh Ráiteas Comhpháirteach inar leagadh amach an dul chun cinn breise a rinneadh sa chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

Faoi dheireadh, fuarthas réiteach ar fhadhbanna a bhí ag cur bac ar chomhaontú maidir le réiteach cúlstop a d’fheidhmeodh de réir dlí chun cosc a chur le teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann agus fuarthas réiteach ar shaincheisteanna eile freisin, agus tháinig idirbheartaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú an 14 Samhain 2018.

Sa chomhaontú, a fuair tacaíocht ón gComhairle Eorpach an 25 Samhain 2018, tá idirthréimhse go dtí deireadh 2020 san áireamh ann, tréimhse ina mbeidh an tAontas Eorpach ag caitheamh leis an Ríocht Aontaithe amhail agus dá mba Bhallstát í, ach amháin nach mbeidh sí páirteach in institiúidí agus i struchtúir rialachais an Aontais. Féadfar síneadh suas le 1 nó 2 bhliain a chur leis an idirthréimhse sin, síneadh a chinnfear faoin 30 Meitheamh 2020.

Ar shuíomh gréasáin na Comhairle Eorpaí tá teacht ar amlíne an phróisis agus ar na forbairtí a bhí ann ina dhiaidh sin maidir le síneadh a chur le hAirteagal 50.

Teorainn chrua a sheachaint

Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar tá Prótacal maidir le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann, nó an réiteach ‘cúlstop’, mar a thugtar air, chun teorainn chrua a sheachaint ar an oileán.

Níl cúlstop de dhíth le linn na hidirthréimhse a socraíodh sa Chomhaontú um Tharraingt Siar mar go leanfaidh an Ríocht Aontaithe de bheith páirteach in Aontas Custaim an Aontais Eorpaigh agus sa Mhargadh Aonair.

I bhfírinne, polasaí árachais atá sa Phrótacal lena dtugtar ráthaíocht nach mbeidh teorainn chrua ann idir Éire agus Tuaisceart Éireann tar éis don Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach a fhágáil, is cuma cé na cúinsí a bheidh ann amach anseo.

Tá an dá thaobh ar aon fhocal nach mór forálacha lena seachnófar teorainn chrua a bheith sa chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, mura dtiocfar ar aon chomhaontú ar an dóigh a dtarlóidh sin faoin 31 Nollaig 2020, beidh feidhm ag an réiteach cúlstop go dtí go gcuirfear i bhfeidhm socruithe a fhágfaidh nach mbeidh aon ghá le teorainn chrua.

D'fhágfadh sin go bhfanfadh Éire agus Tuaisceart Éireann mar chuid den chríoch chustaim chéanna gan taraifí, cuótaí ná seiceálacha ar na rialacha a bhaineann le tionscnamh.

Chomh maith leis sin, d'fhanfadh Tuaisceart Éireann i gcomhréir le tacar teoranta rialacha a bhaineann le Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh, rialacha nach féidir déanamh gan iad chun teorainn chrua a sheachaint.

Ar na rialacha sin bheadh reachtaíocht maidir le hearraí, rialacha sláintíochta le haghaidh rialuithe tréidliachta agus Cáin Bhreisluacha agus dleachtanna máil i leith earraí.

Dá mbeadh an cúlstop ann, ba ghá seiceálacha a dhéanamh ar earraí a théann ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe go Tuaisceart Éireann, chun deimhin a dhéanamh de go gcloíonn siad le caighdeáin an Aontais Eorpaigh.

Chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe na seiceálacha sin a dhéanamh ar an mbealach is lú a chuireann isteach ar dhaoine.

Má mheasann an tAontas Eorpach nó an Ríocht Aontaithe nach bhfuil an Prótacal riachtanach tar éis na hidirthréimhse, ní mór fógra a thabhairt don pháirtí eile ina leith.

Is é an comhchoiste nua d'ionadaithe an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe, coiste a bunaíodh faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, a dhéanfaidh an fógra a bhreithniú agus féadfaidh sé tuairim a lorg ó institiúidí a cruthaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Ina dhiaidh sin, beidh ar an dá thaobh a bheith ar aon fhocal nach bhfuil an Prótacal riachtanach a thuilleadh toisc gur féidir teorainn chrua a sheachaint leis na bearta nua a bheidh sa chomhaontú atá le bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

An 11 Márta 2019, le hionstraim chomhpháirteach atá ceangailteach ó thaobh dlí, tugadh soiléirithe fónta agus ráthaíochtaí dlíthiúla maidir le cineál an chúlstop.

Tá feidhm dhlíthiúil ag Comhaontú Strasbourg agus tá sé ina chomhlánú ar an gComhaontú um Tharraingt Siar gan é a athoscailt. Ag labhairt dó tar éis an chomhaontaithe, dúirt Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh: “Níl sa chúlstop ach polasaí árachais, agus sin a bhfuil ann. Dála gach polasaí árachais, ní theastaíonn uainn é a úsáid.

“Agus dá dtiocfadh an lá a bheadh sé le húsáid, ní bheadh aon duine i sáinn dá bharr. Má bhíonn ceachtar den dá thaobh ag gníomhú de mheon mímhacánta, tá bealach dlíthiúil ann chun gur féidir leis an bpáirtí eile imeacht as.”

Forálacha eile sa Phrótacal

Chomh maith le críoch chustaim aonair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, tá forálacha eile sa Phrótacal maidir le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann, forálacha lena seachnófar teorainn chrua agus lena gcinnteofar cearta na saoránach ar oileán na hÉireann.

Leagtar amach ann tiomantas na Ríochta Aontaithe do chearta a leagadh síos le Comhaontú Aoine an Chéasta, agus foráiltear go leanfar de shocruithe an Chomhlimistéir Taistil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe.

Déantar deimhin de freisin nach mbainfear de na dálaí a theastaíonn le haghaidh comhar Thuaidh-Theas, go gcaomhnófar an Margadh Leictreachais Aonair ar oileán na hÉireann agus go gcosnófar geilleagar an oileáin ina iomláine.

Cuireann an Prótacal ceangal ar an Ríocht Aontaithe cloí le rialacha substainteacha atá bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh, rialacha a chinntíonn iomaíocht oscailte chothrom, agus tá gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe rialacha maidir le státchabhair an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.

Tá bearta ann freisin chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais ghnó fhrithiomaíocha, dea-rialachas cánach a chinntiú agus caighdeáin cosanta comhshaoil a choinneáil.

Cé nach mbeidh Tuaisceart Éireann ina chuid den Aontas Eorpach a thuilleadh, beidh sciar mór de na daoine a rugadh agus a tógadh ann ina saoránaigh den Aontas Eorpach go fóill toisc go roghnaíonn siad a bheith ina saoránaigh d'Éirinn.

Ciallaíonn sin gur féidir leo bogadh agus cónaí laistigh den Aontas Eorpach i gcónaí agus nach féidir idirdhealú a dhéanamh ina n-éadan ar bhonn náisiúntachta.

Leanfar de na cláir mhaoiniúcháin PEACE agus INTERREG do Thuaisceart Éireann agus do réigiúin na teorann in Éirinn. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach clár amháin PEACE PLUS a chur i bhfeidhm le haghaidh na mblianta tar éis 2020.

D'fhoilsigh an Coimisiún Bileog Eolais ar an bPrótacal maidir le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann, áit ar féidir teacht ar thuilleadh eolais.

An Comhaontú um Tharraingt Siar

Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, leagtar amach téarmaí maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

Tá sé ceaptha tarraingt siar ordúil a éascú agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil nuair a thiocfaidh deireadh le feidhm na gConarthaí agus le dlí an Aontais Eorpaigh maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Thángthas ar chomhaontú maidir le dearbhú polaitiúil ina leagtar amach an creat caibidlíochta le haghaidh an chaidrimh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, déanfar foirceannadh ordúil na socruithe atá ann faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a chinntiú le linn idirthréimhse a mhairfidh go dtí an 31 Nollaig 2020. Le linn na hidirthréimhse, caithfidh an tAontas Eorpach leis an Ríocht Aontaithe amhail agus dá mba Bhallstát í.

Is féidir le Comhchoiste nuabhunaithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe síneadh a chur leis an idirthréimhse aon uair amháin, a fhad agus a chinnfidh sé an méid sin a dhéanamh roimh an 1 Iúil 2020.

Le linn na hidirthréimhse, beidh feidhm ag reachtaíocht, ag rialacha agus ag cinntí cúirte uile an Aontais Eorpaigh maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, amhail agus dá mba Bhallstát í.

Fágann sin go mbeidh an Ríocht Aontaithe páirteach fós in Aontas Custaim an Aontais agus sa Mhargadh Aonair (agus beidh na ceithre shaoirse aici freisin) agus i mbeartais uile an Aontais.

Aon athrú a dhéanfar ar reachtaíocht nó ar rialacha an Aontais, beidh feidhm acu go huathoibríoch maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Cosnaíonn an Comhaontú um Tharraingt Siar na cearta atá ag breis agus trí mhilliún saoránach de chuid an Aontais atá sa Ríocht Aontaithe, agus breis agus milliún náisiúnach den Ríocht Aontaithe atá ag cur fúthu i dtíortha san Aontas, rud a fhágann gur féidir leo leanúint de bheith ina gcónaí, ag obair nó ag staidéar de réir mar a dhéanann siad faoi láthair.

Leagann sé amach socrú airgeadais freisin, lena chinntiú go gcomhlíonann an Ríocht Aontaithe na hoibleagáidí airgeadais ar fad a bhí uirthi le linn di a bheith ina Ballstát.

Déanfar an méid sin a chinneadh le modheolaíocht chomhaontaithe a chomhlíonann gach gealltanas comhpháirteach atá i mbuiséad an Aontais (2014-2020), agus na gealltanais a bheidh gan íoc ag deireadh 2020 san áireamh.

Ciallaíonn sin go leanfar de thionscadail agus de chláir uile an Aontais go dtí go dtabharfar i gcrích iad, tionscadail agus cláir a mhaoinítear le buiséad reatha an Aontais agus a bhfuil baint ag comhpháirtithe na Ríochta Aontaithe leo san áireamh.

Beidh comhar leantach póilíneachta agus breithiúnach ann freisin i dtaca le gnóthaí coireachta, sibhialta agus tráchtála.

Is í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bheidh inniúil go fóill sna nósanna imeachta breithiúnacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe agus a chlárófar i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Beidh feidhm ag an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála freisin maidir leis an Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse, mar aon le gach cuid den Bheartas Ceartais agus Gnóthaí Baile.

Fágann Brexit go dtarraingeoidh an Ríocht Aontaithe siar as Euratom, eagraíocht a chuireann forbairt fuinnimh núicléach shábháilte san Eoraip chun cinn agus a thugann tacaíocht don fhorbairt sin.

Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar ghlac an Ríocht Aontaithe leis gur fúithi féin amháin a bheidh sé a bheith freagrach as a chinntiú go leanfar de na coimircí núicléacha a chur i bhfeidhm agus as a gealltanas idirnáisiúnta, de réir socruithe a bheidh coibhéiseach leis na socruithe Euratom atá ann cheana.

Le linn na hidirthréimhse, beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh go fóill maidir leis an Ríocht Aontaithe. Beidh an Ríocht Aontaithe faoi cheangal ag na cinntí maidir le deiseanna iascaireachta go dtí deireadh na hidirthréimhse.

Dearbhú polaitiúil

Sa Dearbhú Polaitiúil atá formheasta ag ceannairí 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, tugtar na mionsonraí faoin gcreat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

Achoimre atá sa doiciméad ar na spriocanna a mbeidh an dá thaobh ag díriú orthu le linn na caibidlíochta chun comhaontú nua a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

Mar a rinneadh i dtaca leis an gcaibidlíocht faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, is é an prionsabal ‘nach ann do chomhaontú faoi rud ar bith go dtí gurb ann do chomhaontú faoi gach rud’ an prionsabal a leanfar.

Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar – an idirthréimhse san áireamh – cuirtear an creat maidir leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo san áireamh.

Tá sé ráite ag AE27 nach féidir an Comhaontú um Tharraingt Siar a chaibidliú an athuair. Mar sin féin, ní mór an Dearbhú Polaitiúil a fhorbairt a thuilleadh agus an leagan amach deiridh a bheidh air a chomhaontú, rud a fhágann gur féidir sin a athrú.

San am céanna, tá an Coimisiún Eorpach ag leanúint den obair ullmhachta agus dá chuid oibre teagmhais le go mbeifear réidh do cibé rud atá romhainn amach, Brexit gan mhargadh san áireamh.

Tuilleadh eolais

Bileoga eolais: