Ionadaíocht in Éirinn

Talmhaíocht

Bó Ithir shaibhir mhéith, aeráid bhog agus an fhearthainn sin ar fad a bhfuil sé de ghnás againn bheith ag gearán fúithi, sin iad na nithe a fhágann go bhfuil Éire thar a bheith fíoroiriúnach don fheirmeoireacht, agus bhaineamar tairbhe as sin leis na glúine.

Tá bia agus ioncaman á dtabhairt ag an talmhaíocht dúinn leis na mílte bliain anuas agus is cuid ríthábhachtach í dár mbeatha. Sular ghlac Éire ballraíocht den Aontas Eorpach bhí an tír go hiomlán spleách ar an talmhaíocht, nó geall leis, ó thaobh an gheilleagair de ach anois táimid ag baint leas as cuid mhór tionscal ardteicneolaíochta freisin agus easpórtálaimid earraí ar fud an domhain.

Mar sin féin, tá ról lárnach fós ag an talmhaíocht i ngeilleagar na hÉireann. Déanta na fírinne, is é an t-agraibhia an earnáil dhúchasach is tábhachtaí agus is í is príomhshlí bheatha do 8.6% den daonra oibre.

Dála na muintire a chuaigh rompu, ní mór d'fheirmeoirí an lae inniu aghaidh a thabhairt ar chuid mhór dúshlán ach ní féidir cuid mhór de na fadhbanna sin a réiteach go háitiúil agus is suntasach an bhagairt atá ar an bhfeirmeoireacht mar gheall ar an athrú aeráide, costais fuinnimh atá ag méadú leo, sábháilteacht bia, an saol tuaithe a bheith ag dul i léig agus an neamhchinnteacht a ghabhann le Brexit.

Ar ámharaí an tsaoil, ó tharla gur Ballstát den Aontas Eorpach í Éire, fágann sin nach bhfuil feirmeoirí na hÉireann leo féin agus iad ag tabhairt aghaidh ar na fadhbanna sin óir is féidir leo obair i gcomhar leis na náisiúin san Aontas tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) chun réitigh a aimsiú ar fhadhbanna domhanda agus áitiúla.

Tá todhchaí na talmhaíochta ag brath ar réamhphleanáil agus in Éirinn táthar ag comhlíonadh a ngealltanas don Aontas i dtaca leis sin trí straitéis Food Wise 2025 ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, trí 'Origin Green' ó Bhord Bia, a chuireann ar chumas feirmeoirí agus táirgeoirí spriocanna a leagan síos a bhfuil sé mar aidhm leo an comhshaol a chosaint, agus tríd an bPlean Taighde le haghaidh Agraibhia Inbhuanaithe agus Sláintiúil (SHARP) chun an leas is fearr a bhaint as taighde agus as teicneolaíocht nua i réimse na talmhaíochta.

Tugann Fís 2020, clár an Aontais Eorpaigh le haghaidh taighde agus nuálaíochta, maoiniú freisin do thaighdeoirí Éireannacha in earnálacha na talmhaíochta agus an agraibhia, taighde a chuidíonn leo modhanna a fhorbairt a dhéanfaidh an fheirmeoireacht níos inbhuanaithe do na glúine atá le teacht agus a chuirfidh biashlabhra níos sábháilte agus níos sláine ar fáil do thomhaltóirí.

CBT

Tugadh CBT isteach san Eoraip a chéaduair breis agus leathchéad bliain ó shin agus is iomaí athrú a rinneadh air ó shin chun go mbeadh sé in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua a thagann chun cinn.

Tugtar tacaíocht ioncaim dhíreach d'fheirmeoirí, tugtar dreasachtaí freisin chun bia d'ardchaighdeán a tháirgeadh i gcomhair tomhaltóirí agus spreagtar feirmeoirí chun deiseanna nua forbartha a lorg, mar shampla foinsí in-athnuaite fuinnimh ghlais, rud a chuideoidh le cosaint an phláinéid seo ar an athrú aeráide.

Is in 2014 a rinneadh an t-athchóiriú is déanaí ar CBT tar éis d'Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh teacht ar chomhaontú faoi líon suntasach athruithe agus spreagfaidh sin earnáil na talmhaíochta agus an agraibhia as seo go 2020.

Tá buiséad bliantúil thart ar €59 billiún ag CBT agus is leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) is mó a mhaoinítear an buiséad sin.

/ireland/file/capexpenditure2016jpg_gacap_expenditure_2016.jpg

Graf ina léirítear miondealú ar chaiteachas CBT in 2016

Tá forálacha tábhachtacha in CBT maidir le híocaíochtaí díreacha a dhéanamh níos cothroime agus níos 'glaise', agus maidir le deireadh a chur le ré na gcuótaí bainne agus siúcra san Aontas agus táthar ag díriú anois ar CBT féin a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos trédhearcaí.

In 2017, reáchtáil an Coimisiún Eorpach comhairliúchán mór maidir le CBT a nuachóiriú agus a shimpliú agus tháinig beagnach 323,000 aighneacht isteach ó raon leathan geallsealbhóirí, mar a bhí feirmeoirí agus eagraíochtaí a bhfuil leas acu sa talmhaíocht.

Is é a bhí le tuiscint ón gcomhairliúchán go gcreideann saoránaigh na hEorpa gur cheart go leanfaí den comhbheartas talmhaíochta a bhainistiú ar leibhéal an Aontais agus go mbeadh sé de phríomhaidhmeanna aige cabhrú le feirmeoirí agus an comhshaol a chosaint.

Léiríodh ann, áfach, gur mian le saoránaigh agus feirmeoirí araon CBT a bheith níos simplí agus an rómhaorlathas a bhaineann leis a laghdú chun go mbeifí in ann a chuspóirí a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí.

Cabhróidh torthaí an chomhairliúcháin le measúnú tionchair a dhéanamh ar a bhfuil i ndán do CBT agus úsáidfear iad sa mhachnamh leanúnach atá á dhéanamh ag an gCoimisiún ar thodhchaí an bhia agus na feirmeoireachta.

Tá comhairliúchán eile maidir le Tionscnamh um an biashlabhra a fheabhsú dírithe ar staid na bhfeirmeoirí sa bhiashlabhra a threisiú mar atá leagtha amach ag Tascfhórsa na Margaí Talmhaíochta, a bunaíodh chun athruithe beartais a mholadh.

/ireland/file/hogan-philjpg-0_gahogan-phil.jpg

An Coimisinéir Talmhaíochta agus Forbairt na Tuaithe Phil Hogan
An Coimisinéir Talmhaíochta agus Forbairt na Tuaithe Phil Hogan
Is é Phil Hogan, iar-Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil na hÉireann, atá ina Choimisinéir Eorpach um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe.

Is air atá sé de chúram a chinntiú go gcuireann beartais an Aontais Eorpaigh i leith na talmhaíochta agus forbairt tuaithe an fás, an infheistíocht agus an fhostaíocht chun cinn. Is é cúram don Choimisinéir Hogan gníomhú le leas an Aontais Eorpaigh ina iomláine. Tá oibleagáid ar gach coimisinéir bheith neamhspleách sa dóigh is nach nglacann sé treoracha ó na rialtas náisiúnta.

Tá tuilleadh eolais le fáil thíos: Bileog eolais: CBT in Éirinn – in Éirinn

/ireland/file/agrifoodexports2016jpg_gaagrifood_exports_2016.jpg

Grafaic faisnéise ina léirítear luach easpórtálacha talmhaíochta na hÉireann 2016

Forbairt tuaithe

Ní hamháin go bhfuil CBT ag breathnú chun cinn ach ina theannta sin tá sé ceaptha cosaint a thabhairt dá bhfuil againn cheana. Cabhraítear le caomhnú na an taobh tíre in Éirinn, tuath a bhfuil clú agus cáil uirthi, trí Chláir Forbartha Tuaithe CBT agus tugann CBT tacaíocht d'fheirmeoirí óga lena chinntiú go mealltar scoth na ndaoine óga i dtreo gairmeacha sa talmhaíocht.

Is í Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann an t-Údarás Bainistíochta do Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann (CFT).

Tá sé cómhaoinithe ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ag an státchiste agus tá sé ceaptha caighdeán beatha agus leas eacnamaíoch na ndaoine atá ina gcónaí sna ceantair tuaithe a fheabhsú.

Tabharfaidh an tAontas tacaíocht arb é €313 mhilliún a mheánluach bliantúil do CFT na hÉireann, is é sin suim iomlán €2.19 billiún in imeacht seacht mbliana.

Is tosaíocht lárnach é do CFT na hÉireann cur le héiceachórais a bhfuil baint acu le talmhaíocht agus le foraoiseacht agus iad a athbhunú agus a chaomhnú freisin.

Le tacaíocht ó CFT cuirfear 111,600 áit oiliúna ar fáil d'fheirmeoirí Éireannacha chun cur lena gcuid eolais agus scileanna.

Déanfar 10% nach mór de ghabháltais talmhaíochta na hÉireann a athstruchtúrú agus a nuachóiriú le tacaíocht ó CFT agus bainfidh 3% de na gabháltais leas as tacaíocht atá dírithe go sonrach ar fheirmeoirí óga.

Táthar ag súil leis go gcruthófar breis agus 3,000 post faoin gclár LEADER, clár faoina ndéantar pobail tuaithe áitiúla a fhorbairt, agus táthar ag súil leis go gcumhdófar trí cheathrú den phobal tuaithe faoi Straitéisí Forbartha Áitiúla (LDS) faoi 2020.

Faoi CFT tá infheistíocht €50 milliún déanta agus tugtar tacaíocht do chleachtais talmhaíochta nach ndéanann díobháil don aeráid ar bhreis agus 10% de thalamh feirme na hÉireann. Cuidíonn sin le feabhas a chur ar an éifeachtúlacht fuinnimh ar fheirmeacha na tíre.

Fíricí talmhaíochta

  • Is é 6.9 milliún heicteár achar talún na hÉireann agus úsáidtear timpeall 4.4 milliún heicteár le haghaidh talmhaíochta agus 730,000 heicteár eile le haghaidh foraoiseachta.
  • Tá 139,600 feirm in Éirinn agus is é 32.5 heicteár a meánmhéid.
  • De réir an tSuirbhé Náisiúnta Feirme 2016 a rinne Teagasc, tá beagnach a leath de theaghlaigh feirme fostaithe taobh amuigh den fheirm agus is é 56 bliana meánaois na bhfeirmeoirí Éireannacha.
  • In Éirinn, is mar fhéarach nó le haghaidh féar tirim agus sadhlais a úsáidtear 81% den talamh talmhaíochta (3.6 milliún heicteár), is mar fhéarach garbh a úsáidtear 11% de (0.5 milliún heicteár) agus is curaíocht, fás torthaí agus gairneoireacht a dhéantar ar 8% de (0.36 milliún heicteár).
  • Bhí 173,000 duine fostaithe san earnáil talmhaíochta ina hiomláine in Éirinn in 2016 agus ba é €6.92 billiún luach na holltáirgeachta talmhaíochta.
  • Is iad na hearnálacha mairteola agus déiríochta na hearnálacha is mó agus is ionann iad agus 38.8% agus 29.5% den olltáirgeacht talmhaíochta faoi seach. Is mar seo a leanas sciar na n-earnálacha eile den olltáirgeacht talmhaíochta: muca (7.8 %), caoirigh (4%), gránbharra (3.9 %) agus eile (16 %).
  • In 2016, tháinig méadú tuairim agus 2% (i.e. go €11.15 billiún) ar luach easpórtálacha bia agus dí na hÉireann.
  • Táirgeadh 6.8m tonna bainne in Éirinn in 2016, agus ba mhéadú 4% é sin ar an táirgeadh iomlán don bhliain 2015.
  • De réir an tsuirbhé ar bheostoc a rinneadh i Nollaig 2016 bhí 6.61 milliún eallach in Éirinn agus is mó an méid sin ná líon na ndaoine sa tír. Méadú 3% atá ann ar leibhéal na mblianta roimhe sin.
  • Le linn na tréimhse 2007 go 2013, tugadh €4.3 billiún de mhaoiniú poiblí d'Éirinn trí réimse mór gníomhaíochtaí a ceapadh chun tacú leis an táirgeadh talmhaíochta agus a chuaigh chun tairbhe do cheantair tuaithe na hÉireann.
  • Sa tréimhse go 2020, infheisteofar €10.7 billiún in earnáil feirmeoireachta de thoradh an Chomhbheartais Talmhaíochta nua, agus cuirfidh rialtas na hÉireann maoiniú breise leis sin.
  • Tá leibhéal iomlán na n-astaíochtaí 'gás ceaptha teasa' in aghaidh an duine in Éirinn ar cheann de na leibhéil is airde san Aontas, agus is as an talmhaíocht a astaítear beagnach trian (32%) de na gáis ceaptha teasa sin. Is tábhachtach an dúshlán é don tír gníomhaíochtaí cinntitheacha in aghaidh an athraithe aeráide a ghlacadh.

/ireland/file/agri-teagascsurvey2016jpg_gaagri-teagasc_survey_2016.jpg

Grafaic faisnéise Theagaisc maidir le hioncaim feirme

Naisc úsáideacha

Ard-Stiúrthóireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe an Choimisiúin Eorpaigh

Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann

Stair an Chomhbheartais Talmhaíochta

Teagasc - Údarás Talmhaíochta agus Forbartha Bia na hÉireann

An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia

Bileog eolais: CBT in Éirinn