Ionadaíocht in Éirinn

Plean Infheistíochta don Eoraip

Plant growing in pot of euro coins

Is príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é poist a chruthú agus fás eacnamaíoch a spreagadh agus táthar díreach ina bhun sin le hinfheistíocht chliste faoi láthair a bhuí le plean tábhachtach a lainseáladh in 2014.

Is éard is aidhm don Phlean Infheistíochta don Eoraip €315 billiún a ghiniúint chun tionscadail i bpríomhlimistéir straitéiseacha a mhaoiniú chun cuidiú le daoine filleadh ar an obair.

Faoin bplean sin, tá rochtain níos fearr ag na hinfheisteoirí móra ar thionscadail inmharthana ar fud na hEorpa agus dá bharr sin tá sé níos fusa d'fhiontair bheaga agus mhéanmhéide, údaráis áitiúla, ollscoileanna agus daoine aonair teacht ar mhaoiniú d'fhiontair nuálacha.

Is léir ó na torthaí cheana gur plean maith atá ann – spreagadh infheistíocht d'amuigh agus istigh ar €50 le linn 2015 – agus tá na scórtha FBManna Éireannacha, gnólachtaí tionscnaimh agus údaráis áitiúla ann a thairbheoidh den tionscnamh.

Maoiniú

Níl aon ghanntanas smaointe maithe chun poist a chruthú agus borradh a chur faoin bhfás san Aontas Eorpach, ach níl sé chomh héasca sin teacht ar an maoiniú chun iad a thosú.

Is amhlaidh atá an scéal toisc go bhfuil an tAontas Eorpach thíos le leibhéil ísle infheistíochta ó tharla an ghéarchéim eacnamaíochta dhomhanda agus tá an Plean Infheistíochta ceaptha chun an meathlú sin a chur ina cheart.

Cuireadh rialacháin nua i bhfeidhm chun tacaíocht dhlíthiúil a thabhairt don Phlean agus chun timpeallacht atá fabhrach don infheistíocht a chothú trí fheabhas a chur ar chreatchoinníollacha agus deireadh a chur le rómhaorlathas a bhaint i gcás infheisteoirí agus fiontraithe a bhfuil smaointe maithe acu.

Is ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), ionstraim maoiniúcháin nua a lainseáil an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Coimisiún Eorpach, a thagann an chuid is mó den mhaoiniú don Phlean.

Tacaíonn CEIS le hinfheistíochtaí cliste, straitéiseacha sna réimsí is dóchúla a spreagfaidh fás agus a chruthóidh poist ar nós fuinneamh inbhuanaithe, iompair, leathanbhanda, oideachais, taighde agus nuálaíochta.

Mar bhonn agus taca ag an gciste tá ráthaíocht €16 billiún ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh, buiséad a fhaigheann €5 billiún ó chaipiteal an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta fhéin.

Cliseanna margaidh ó thaobh dul i riosca de, a chuireann bac ar an infheistíocht san Eoraip, tá a struchtúr rialachais tiomnaithe féin ag CEIS lena chinntiú go mbíonn infheistíochtaí dá chuid dírithe go hiomlán ar aghaidh a thabhairt ar chliseanna den chineál sin.

Measann an Coimisiún go bhféadfaí idir €330 agus €410 billiún a chur le hOTI an Aontais Eorpaigh agus suas le 1.3 milliún post a chruthú.

Deiseanna

Tugann an Plean Infheistíochta deiseanna nua infheisteoirí institiúideacha a thabhairt le chéile, ón Aontas Eorpach agus ó gach cearn den domhan chomh maith, agus tionscnóirí tionscadal a bhfuil smaointe nuálacha acu agus a bhfuil maoiniú ag teastáil uathu.

Ar na deiseanna sin tá An Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta lenar féidir le tionscnóirí tionscadal a chosnaíonn €10 milliún ar a laghad agus a thagann faoi réir earnálacha réamhchinntithe ar dóchúil go gcothóidh siad fás, a chlárú go héasca.

Déantar na tionscadail a chur le chéile ar ardán lárnaithe ar líne do dheiseanna infheistíochta inmharthana ar féidir le líonra mór infheisteoirí idirnáisiúnta teacht orthu.

Féadfar cúnamh a thabhairt do thionscadail atá incháilithe le haghaidh maoiniú tríd an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht, a cruthaíodh le comhpháirtíocht idir an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Coimisiún Eorpach.

Cuidíonn an Mol le tionscnóirí, údaráis phoiblí agus cuideachtaí príobháideacha lena n-áirítear FBManna, tionscadail a thosú trí thacaíocht theicniúil, comhairle agus cúnamh a thabhairt.

Iarratas a dhéanamh

Tá roinnt mhaith tacaíochta ar fáil do FBManna, údaráis áitiúla nó institiúidí taighde Éireannacha ar mhaith leo tairbhiú d'ionstraimí airgeadais an Phlean Infheistíochta.

Tá treoirleabhair áisiúla foilsithe ag an mBanc Eorpach Infheistíochta ina leagtar amach an tacaíocht a chuireann sé ar fáil do FBManna agus d'údaráis áitiúla chomh maith leis na céimeanna is gá a ghlacadh chun iarratas a chur isteach ar mhaoiniú.

Féadfaidh mórthionscadail bhonneagair a éilíonn maoiniú os cionn €25 milliún dul caol díreach chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta. I gcás tionscadail a chosnaíonn níos lú féadfar iad a ghrúpáil in ardáin comhinfheistíochta (idir iasachtaí creata agus chistí tiomnaithe) chun iad a chur i láthair. Maidir le FBManna atá ag lorg maoiniú do thionscadail níos lú atá cumhdaithe ag sainchúram an Phlean Infheistíochta, déanann siad amhlaidh tríd an gCiste Eorpach Infheistíochta – fochuideachta ar leith de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a thairgeann táirgí airgeadais spriocdhírithe.

Is féidir le FBManna a bhfuil níos mó ná 7 milliún de dhíth orthu dul caol díreach chuig an gCiste Eorpach Infheistíochta, agus is féidir cúnamh a fháil do thionscadail nach bhfuil chomh costasach sin ó idirghabhálaithe airgeadais atá saincheaptha anseo in Éirinn.

Is féidir le cuideachtaí Éireannacha atá ag lorg infheisteoirí príobháideacha dá dtionscadail iad a aimsiú tríd an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta. Má tá siad chun cáiliú le haghaidh maoiniú, ní mór do na tionscadail bheith ar luach €10 milliún ar a laghad, súil a bheith ann go dtosóidh siad laistigh de thrí bliana agus a bheith á gcur chun cinn ag eintiteas dlíthiúil poiblí nó príobháideach atá bunaithe i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh.

Is féidir le tionscnóirí poiblí agus príobháideacha teacht ar chúnamh teicniúil dá gcuid tionscadal ón Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht áit a bhfuil tacaíocht le fáil do gach leibhéal thimthriall an tionscdail.

Sochair d'Éirinn

Thairbhigh Éire cheana féin den Phlean Infheistíochta don Eoraip toisc go raibh mórthionscadal chun 14 ionad cúram sláinte príomhúil a thógáil ar fud na tíre i measc na chéad tionscadail a fuair réamh-mhaoiniú.

Chomhaontaigh an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta suas le €70 milliún de na costais tógála a mhaoiniú do na hionaid sin, rud a chruthóidh na mílte post tógála chomh maith le roinnt mhaith deiseanna oiliúna agus printíseachta.

Nuair a bheidh na hionaid cúram sláinte tugtha chun críche beidh seirbhísí sláinte níos fearr ag amuigh agus istigh ar 100 000 saoránach Éireannach.

Ar na mórthionscadail Éireannacha eile atá le tairbhiú de thacaíocht airgeadais tá athlonnú oibríochtaí calafoirt i gCorcaigh ó Tivoli agus ó dhuganna na cathrach go Rinn an Scidígh faoi 2018 agus infheistíocht mhór i réimsí na cóireála uisce agus an fhuinnimh in-athnuaite.

Sa bhreis air sin shínigh an Ciste Eorpach Infheistíochta agus Banc na hÉireann comhaontú chun tionscadail Éireannacha a chomhlíonann critéir an Phlean Infheistíochta a mhaoiniú agus is ionann agus €10 milliún an maoiniú faoi CEIS agus táthar ag súil go spreagfaidh sé sin infheistióchtaí ar luach €140 milliún agus go dtairbheoidh 50 FBM agus gnólacht tionscnaimh de.

Tá micri-iasachtaí agus iasachtaí ar fáil d'fhiontraithe in Éirinn atá ag lorg maoiniú. Is iad Microfinance Ireland, Bainc-Aontas Éireann (AIB) agus Banc na hÉireann idirghabhálaithe an Chiste Eorpaigh Infheistíochta anseo in Éirinn.

D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach bróisiúr a saincheapadh le cuidiú le húdaráis áitiúla agus tionscnóirí tionscadail leas iomlán a bhaint as na deiseanna a bhaineann le Cistí CEIS agus CSIE (Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa)

Tá a lán faisnéise ar fáil don té atá ag lorg tuilleadh eolais faoin bPlean Infheistíochta don Eoraip.

NAISC