Ionadaíocht in Éirinn

Éire san AE

Ag dul isteach sa Chomhphobal Eorpach

Pádraig Ó hIrighile, Aire Gnóthaí Eachtracha agus Seán Ó Loingsigh, Taoiseach agus Conradh Aontachais na hÉireann á shíniú acu

Ghlac tromlach mór de mhuintir na hÉireann an cinneadh dul isteach sna Comhphobail Eorpacha[1] i 1973 agus bhí tionchar ag an gcinneadh sin ar ár bhforbairt mar náisiún nach bhféadfadh an duine is dearfaí faoin eachtra sin, fiú, a thuar.

An t-am sin mheas formhór an domhain nach raibh in Éirinn ach oileán gan aird, a bhí fós ag coimheascar chun a háit sa domhan a aimsiú beagnach leathchéad bliain tar éis neamhshpleáchas a bhaint amach ón Ríocht Aontaithe.

Sna blianta sula rinneadh ballstát di, bhíodh ceannairí polaitiúla amhail Seán Lemass agus níos déanaí Seán Ó Loingsigh, fara taidhleoirí sinsearacha agus eacnamaithe, ag argóint gur san Eoraip a bhí todhchaí na hÉireann.

Ní raibh an Eoraip cinnte de sin, ámh. Ar an talmhaíocht a tógadh geilleagar na hÉireann, ba mhór a bhí sé i dtuilleamaí ar mhargadh na Breataine, is bhíodh daibhreas, dífhostaíocht ollmhór agus imirce ag cur isteach ar an tír.

Bhí amhras ar na sé thír a bhunaigh an CEE faoinár gcumas geilleagrach agus faoinár neodracht. Beartas caomhnaitheachta na hÉireann, a d'éiligh srianta ar allmhairithe, is léir nár rógheal é le comhphobal Eorpach a raibh an tsaorthrádáil de dhlúth is d'inneach ann.

Bhíodh feachtas d'fhonn an beartas eacnamaíoch a athrú ar bun ag eacnamaithe cáiliúla in Éirinn agus faoi thús na 60aidí bhí a lán polaiteoirí sinsearacha ag teacht ar an tuairim nach raibh aon bhealach eile tabhairt faoin dífhostaíocht ard agus an olleisimirce a bhí ag lagú na tíre ach aontú leis an Eoraip.

Lean Éire uirthi ag lorg ballraíochta sa CEE ach bhí deireadh le dóchas i 1963 nuair a léirigh Uachtarán na Fraince, an Ginearál Charles de Gaulle, nár theastaigh ón bhFrainc go mbeadh an Bhreatain sa chomhphobal.

Chuir a sheasamh deireadh tobann leis an gcaibidlíocht leis na tíortha uile a bhí ina n-iarrthóirí agus níor bhall den CEE í Éire go ceann deich mbliana eile.

Chuir an tUachtarán de Gaulle cosc leis an dara hiarratas i 1967 ach i 1969 gheall a chomharba, George Pompidou, nach mbeadh sé in éadan ballraíocht a bheith ag an mBreatain agus ag Éirinn.

Thosaigh caibidlíocht nua agus i 1972 síníodh an Conradh Aontachais. Dearbhaíodh i reifreann na Bealtaine 1972 go raibh Éire le dul isteach sa chomhphobal Eorpach nuair a thacaigh 83% de na vótóirí le ballraíocht.

 

Tairbhe bhallraíocht san AE d'Éirinn

  • Tá rochtain gan bhac ag gnólachtaí na hÉireann ar mhargadh ina bhfuil breis is 510 milliún duine.
  • Meastar gur cruthaíodh thart ar 978,000 post in Éirinn le linn na ballraíochta agus tháinig méadú faoi 150 ar an trádáil.
  • Tháinig méadú ollmhór ar Infheistíocht Dhíreach Choigríche go hÉirinn, ó €16 milliún i 1972 go breis is €30 billiún.
  • Tá cead ag saoránaigh na hÉireann bogadh, oibriú agus dul chun cónaithe gan bhac laistigh de chríocha na mballstát eile.
  • Idir 1973 agus 2015 fuair Éire breis agus €74.3 billiún ón Aontas Eorpach. Le linn an ama chéanna, d’íoc sí tuairim agus €32 billiún le buiséad an Aontais. (Ón Roinn Airgeadais na figiúirí.)
  • Idir 1973 agus 2014, fuair feirmeoirí na hÉireann €54 billiún tríd an gComhbheartas Talmhaíochta.
  • Tá tuairimí na hÉireann le brath ar bheartais an AE maidir leis an gcuid eile den domhan.
  • Chabhraigh ballraíocht san AE le síocháin agus comhaontú polaitiúil a chruthú i dTuaisceart Éireann trí thacaíocht agus trí infheistíocht i gcláir thrasteorann.
  • Teanga oifigiúil oibre de chuid an AE is ea an Ghaeilge anois, rud a chosnóidh teanga dhúchais na tíre sna glúine atá le teacht.

 

Tuilleadh eolas

Tionchar bhallraíocht an Aontais Eorpaigh ar Éirinn

An tAontas Eorpach agus Mná na hÉireann

Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa in Éirinn

 

[1] Chuaigh Éire isteach i dtrí cinn de Chomhphobail an 1 Eanáir 1973: an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (a bunaíodh le conradh a síníodh i bPáras an 18 Aibreán 1951); Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (a bunaíodh le conradh a síníodh sa Róimh an 25 Márta 1957); agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (a bunaíodh le Conradh a síníodh sa Róimh an 25 Márta, 1957). Tuilleadh eolais anseo.